Taylor croíbhriste agus í buailte i Rio

Fuair Mira Potkonen na Fionlainne an ceann is fearr ar Taylor tráthnóna i Rio de Janeiro

Taylor croíbhriste agus í buailte i Rio

Katie Taylor. INPHO/Dan Sheridan

Tháinig deireadh tráthnóna le hiarracht Katie Taylor bonn óir a bhuachan ag na Cluichí Oilimpeacha don dara huair as a chéile.

Fuair Mira Potkonen na Fionlainne an ceann is fearr ar Taylor inniu i Rio de Janeiro, an chéad uair di buachan ar bhean na hÉireann.

Bhí Taylor croíbhriste i ndiaidh na troda tráthnóna agus é ag breith crua uirthi a cailliúint a mhíniú.

Dúirt sí gur “údar mór díomá” a bhí ann agus gur cheart go mbeadh sí ag buachan ar throdaithe ar nós Potkonen.

Dúirt Taylor go raibh drochbhliain aici i mbliana ach “go ndearna sí a dícheall” agus go raibh sí sásta leis an obair ullmhúcháin a bhí déanta aici. Mheas sí go ndearna sí dóthain i dtroid an lae inniu chun an bonn cré-umha a thabhairt léi. I ndiaidh na troda, chaith Zaur Antia, príomhchóitseálaí fhoireann dornálaíochta na hÉireann, amhras ar chinneadh na moltóirí. Dúirt sé nár “chaill” Taylor an troid agus go raibh dhá oiread buillí aici is a bhí ag a céile comhraic. “Nuair is géarchoimhlint a bhíonn ann, admhaím é sin, ach ní hamhlaidh a bhí an troid seo seachas an dara babhta,” a dúirt Antia.

Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan
Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Ní raibh cuma na maitheasa ar Taylor, a bhfuil 19 mórbhonn idirnáisiúnta buaite aici, agus í ag fáil réidh do na Cluichí Oilimpeacha. Chaill sí den chéad uair le cúig bliana anuas i mí Aibreáin agus buaileadh arís í i gCraobh an Domhain mí Bealtaine.

Ní raibh sí istigh léi féin den chuid is mó de throid an lae inniu, ach an oiread. Ina ainneoin sin, ba bhreith dheighilte a chuir deireadh le Taylor a raibh an líon pointí céanna le Potkonen aici ag deireadh na troda.

Fágann teip Taylor inniu nach bhfuil ach dornálaí amháin as Éirinn, Michael Conlan, fágtha san iomaíocht do bhonn ag na Cluichí.