An tinneall! An tsúil! An coinne! Tar éis breis agus dhá bhliain i gcarcair an bhaile bhí caoi agam dul ar eitleán arís i ndeireadh mhí na Bealtaine.
Cuireadh dul chun na hAlban a bhí ann chun labhartha ag comhdháil in Obar Dheathain. Ag dul chun an aerfoirt dom ba chuma le buachaillín fíoróg mé ar a chéad turas áit ar bith, le déagóir ag feitheamh lena ghrá geal, le gealt iomána ag fuireach le tús cluiche mór a raibh a fhios agat go mbeadh an lá leat. Bhí an t-eitleán beag, agus ba mhó an taitneamh é sin, é ag análú ina scamhóga ar an rúidbhealach.
Agus bhí rud éigin míorúilteach ag baint leis an turas traenach ó Dhún Éideann go hObar Dheathain, fág go rabhas ar na céadta míle turas traenach roimhe sin. Bhí an glas scaoilte, agus bhíomar saor.
Dá réir sin, níorbh aon nuacht faoi leith na laethanta saoire seachtaine i mí an Mheithimh maidir le gluaiseacht de. Shocraíos féin agus mo bhean chaoin go rachaimis ar sheachtain bheag neamhdhíobhálach go deisceart na Fraince ar cheann de na turasanna eagraithe sin a bhíonn ag comhlachtaí taistil. Cannes agus Nice agus Monte Carlo agus na ceantair máguaird a bhí i gceist. Áit mhacnais lucht rachmasaíochta an domhain.
Is fearr liom féin de ghnáth dul áit éigin gan ligean don phleanáil mhionchúrsach buarach a chur orm. Ach is maith, leis, ligean do dhream éigin eile na socruithe a dhéanamh duit agus beagán saoirse a scaoileadh leat. Tú do bhailiú ón aerfort, tú a aoireacht sa bhus, tú a shocrú in óstán, tú a thabhairt le daoine eile go dtí áiteanna réamhcheaptha a bhfuil súmairí éagsúla ag feitheamh lena ngabhála lánullamh. Fad is go ngéilleann tú dá leithéid sin, ní chuireann aon mhairg ort.
Agus bhí a leithéid go hálainn suaimhneach. Ní raibh aon spéis agam féachaint ar na tithe móra galánta a bhí ag réaltaí scannáin éagsúla nó ag sheikeanna Arabacha fan na slí. Ba spéisiúla na luaimh ag na holagarcaigh Rúiseacha a raibh slabhra timpeall orthu cois na gcladach agus nach mbeadh feidhm leo go ceann i bhfad arís. Fairis sin, níorbh fhéidir gan suntas a thabhairt do na scairdeitleáin phríobháideacha sna haerfoirt phríobháideacha ag feitheamh lena n-úinéirí príobháideacha a bhí réidh ullamh léim ó ghéag aerfoirt amháin go ceann eile.
Níor bhacas leis an turas go Monte Carlo mar bhíos ann cheana bíodh nár ghnóthaigh mé faic sna casinos ansin agus bhí eagla orm dul timpeall an chúinne sna sléibhte nár éirigh leis an mbanphrionsa Gráinne Ní Cheallaigh iad a láimhseáil. Bhí an ghrian ag taitneamh. Réitigh an turas go dtí na sráidbhailte beaga sna sléibhte liom, fág gur gaiste do na turasóirí iad. Bhí an ghrian dár scaladh.
Baile amháin a bhí ag reic cumhrán. Bean óg a raibh seacht dteanga na turasóireachta aici agus arbh éigean di an spúf céanna a thabhairt seacht n-uaire ar feadh seacht lá na seachtaine, bhuel, b’fhéidir sé cinn. Í go deas meicniúil uathoibritheach. Tuarastal maith, cheapfainn, a raibh boladh maith uaidh.
Tigh tábhairne Gaelach gan Ghaeil i Nice agus sceallóga dá réir. Fós an ghrian ag loscadh. Bailte beaga meánaoiseacha gona sráideanna cúnga mar fhothain ó theas na gréine a bhí amuigh ansin ag stealladh. Agus laethanta nuair nach raibh tada le Dia le déanamh.
Chomh maith leis sin, faoiseamh ó nuacht an lae. Is nós liom gan dul ag trálaeireacht trí chora bladair an tsaoil agus mé ar saoire agus an ghrian ag loscadh, ag sceanadh, ag spréacharnach go haoibhinn ina Lugha lánálainn lastuas dínn an uair is annamh a chímid é sna críocha tuaisceartacha seo.
Ba é ba mhó a thug taitneamh thar meon dom, áfach, ná go raibh sé ag cur báistí go trom faoi scamaill dhubha sa bhaile in Éirinn lena linn.
JP
Ní cathair mar a tuairisce í. Ál gach cránach coigríche i mbun gadaíochta is robála is foréigin leis. Más rothar atá agat glasáil go maith í
…fé dhó. Tionscal i Nice ‘sea an easportáil rothar. Sniogfar thú má hireálann tú ceann ar an gcóras poiblí. Ná téir ag snámh muna bhfuil buille maith snámha agat. Níos contúirtí ná Baile an Bhuineánaigh, Ciarraí. Cladhairí gíofóga ag faire na faille i gcónaí agus tú ag siúl cois cladaigh: ” Monsieur, an leatsa an fáinne óir seo, de sheans??” Ceann atá fachta aige anois díreach ar an gcosán …hup…
.fán fada ort a bhast…t!