Taispeántas tomhaiste Thír Eoghain sách maith chun Maigh Eo a chloí i gcluiche ceannais na hÉireann

Briseadh croí a bhí i ndán arís do Mhaigh Eo i gcluiche ceannais na hÉireann agus seanfhadhbanna na foirne ag cur as dóibh ar an lá mór i bPáirc an Chrócaigh

Taispeántas tomhaiste Thír Eoghain sách maith chun Maigh Eo a chloí i gcluiche ceannais na hÉireann

Tír Eoghain 2-14 Maigh Eo 0-15

Níos lú na mí ó shin bhí an chuma ar an scéal go mbeadh ar Thír Eoghain tarraingt amach as Craobh Shinsir Peile 2021, ach d’fhág fir na Láimhe Deirge Páirc an Chrócaigh tráthnóna agus Corn Sam Mhig Uidhir acu.

Ba iad na tréithe céanna a bhain áit sa chluiche ceannais amach do Thír Eoghain – an neart, díocas agus cumas peile den scoth – a bhuaigh an chraobh dóibh inniu. Bhí cuma neirbhíseach ar fhir Uladh sa chéad chúpla nóiméad ach níorbh fhada go raibh siad istigh leo féin.

Bhí na cúil a scóráil Cathal McShane agus Darren McCurry sa dara leath cinniúnach agus b’in an dá scór a chinntigh go mbuafadh Tír Eoghain den cheathrú huair. In 2003 a bhuaigh siad an chéad cheann agus tá ocht gcinn de chluichí ceannais caillte ag Maigh Eo sa tréimhse chéanna.

Foireann óg nua í an ceann seo as Maigh Eo ach bhí na lochtanna céanna orthu is a bhí ar fhoirne eile as an gcontae i gcluichí móra. Bhí ar a laghad cúig sheans ar chúl ag foireann James Horan, cic éirice san áireamh, ach níor éirigh leo oiread is ceann amháin a scóráil.

Bhí Maigh Eo stuama go maith sa chéad leath, iad sásta an liathróid a chur siar seachas tabhairt faoi iarrachtaí deacra ar scór. Ní raibh an stuaim sin le feiceáil ina gcuid imeartha sa dara leath, áfach. Ní raibh ach trí phointe idir na foirne ag an dara sos uisce ach bhuail scaoll Maigh Eo agus ghlac siad an rogha mhícheart arís agus arís eile.

Chun go mbeadh an lá le Maigh Eo theastódh taispeántais den scoth ó leithéidí Tommy Conroy, Ryan O’Donoghue agus Aidan O’Shea. Ní mar sin a bhí. Scóráil O’Donoghue ocht bpointe ach níor tháinig ach aon cheann amháin acu ón imirt agus ba é a chuir an cic éirice amú luath sa dara leath. Bhí a chéad phointe faighte ag Tommy Conroy théis 15 soicind ach bhí breis is uair an chloig eile ann faoin am gur éirigh leis ceann eile a fháil.

Bhí na hógánaigh ceansaithe ag sárchosantóirí Thír Eoghain. Bhí Pádraig Hampsey ar fheabhas agus é ag marcáil Conroy. Beidh gradam All-Star cinnte ag Hampsey agus beidh a leathbhádóirí sa líne lánchúil, Michael McKernan agus Ronan McNamee, san iomaíocht freisin.

Níor ghá do Thír Eoghain an iomarca imreoirí a thabhairt siar ag cosaint chun Maigh Eo a phlúchadh. Léirigh Feargal Logan agus Brian Dooher muinín ina gcuid imreoirí agus d’éirigh leo. Bíonn Maigh Eo i mbarr a maitheasa nuair a bhíonn siad ag gluaiseacht faoi lánluas ach níor tugadh an spás dóibh chun gearradh tríd. Choinnigh Conor Meyler Paudie Clifford Chiarraí ciúin sa chluiche leathcheannais agus is ag marcáil Paddy Durcan a bhí sé inniu. Is beag tionchar a bhí ag fear Mhaigh Eo ar an imirt.

Ní fhéadfadh Maigh Eo tús níos fearr a chur leis an gcluiche agus iad cúilín chun cinn taobh istigh den chéad 15 soicind. Mar a dúramar, ní raibh Tír Eoghain istigh leo féin sa chuid sin den chluiche. Theip ar Niall Morgan a chéad chic amach a chur thar an líne 21m, agus fuair Ryan O’Donoghue scór eile do Mhaigh Eo le cic saor tar éis cúig nóiméad.

Ní raibh Tír Eoghain i bhfad ag cur a gcuid deacrachtaí díobh ina dhiaidh sin, áfach. Fuair siad trí phointe as a chéile agus tháinig péire acu sin tar éis do Ronan McNamee agus Frank Burns sárobair a dhéanamh chun an liathróid a bhaint d’imreoirí Mhaigh Eo.

Bhí a gcéad deis ar chúl ag Maigh Eo tar éis ceathrú uaire ach theip ar Bryan Walsh agus Conor Loftus an ceann is fearr a fháil ar Niall Morgan agus Niall Sludden, a rinne sábháil ar an líne.

Bhabhtáil na foirne scóranna ach ghlac Tír Eoghain ceannas ar chúrsaí sna deich nóiméad roimh leath ama. D’aimsíodar trí scór i dtrí nóiméad, péire acu ó bhotúin eile a rinne Maigh Eo.

Dhá phointe chun tosaigh a bhí Tír Eoghain ag leath ama, 0-10 in aghaidh 0-8, agus an t-ádh ar Mhaigh Eo nach raibh siad níos faide chun deiridh.

Chuir Tommy Conroy deis eile ar chúl amú trí nóiméad isteach sa dara leath nuair ba cheart dó pointe a scóráil ach tugadh an deis is fearr do Mhaigh Eo dhá nóiméad ina dhiaidh sin nuair a bronnadh cic éirice orthu nuair a phioc Frank Burns an liathróid glan den talamh sa dronuilleog bheag. Ryan O’Donoghue a thóg an cic ach bhuail a iarracht an cuaille agus bhí scáth ag teacht ar lucht tacaíochta Mhaigh Eo arís.

D’fhág scór ó Rob Hennelly nach raibh ach pointe amháin idir na foirne tar éis 44 nóiméad ach tháinig cor cinniúnach sa scéal ansin. Tháinig Cathal McShane chun páirce agus ní raibh sé i bhfad ag dul i bhfeidhm ar an imirt. Chonaic Conor Meyler ar imeall na cearnóige é, chuir sé pas iontach isteach chuige agus chuir McShane dorn leis an liathróid len í a chur san eangach.

Fuair Maigh Eo an chéad dá scór eile rud a d’fhág go raibh dhá phointe idir na foirne ach chuir Tír Eoghain an liathród san eangach arís don chéad scór eile. Rinne Conn Kilpatrick thar cinn chun cic amach ó Niall Morgan a bhuachan, ghearr Conor McKenna isteach i dtreo an chúil ar nós giorria agus léirigh sé an-ghliceas chun pas a chur trasna i dtreo Darren McCurry, a bhuail buille maraithe na muice ar Mhaigh Eo.

Rinne foireann James Horan iarracht teacht aniar a dhéanamh ach bhí sé soiléir go maith go raibh teip eile i ndán dóibh.

Tír Eoghain: N. Morgan (0-3, 0-2 ó chiceanna saora, 0-1 ó chic ‘45); M. Kernan, R. McNamee, P. Hampsey (0-1); F. Burns, K. McGeary (0-1), P. Harte (0-1 ó mharc); B. Kennedy, C. Kilpatrick; C. Meyler, M. O’Neill, N. Sludden (0-2); D. McCurry (1-4, 0-2 ó chiceanna saora), M. Donnelly (0-1), C. McKenna. Fir Ionaid: C. McShane (1-0) in áit M. Donnelly (43 nóim), D. Canavan (0-1) in áit M. O’Neill (53 nóim), B. McDonnell in áit B. Kennedy (56 nóim), P. Donaghy in áit C. McKenna (64 nóim), T. McCann in áit C. Kilpatrick (72 nóim),

Maigh Eo: R. Hennelly (0-1 ó chic saor); P. O’Hora, L. Keegan (0-1), M. Plunkett; P. Durcan (0-1), S. Coen (0-1), O. Mullin; M. Ruane, C. Loftus; D. O’Connor, K. McLoughlin (0-1), B. Walsh; T. Conroy (0-2), A. O’Shea, R. O’Donoghue (0-8, 0-6 ó chiceanna saora). Fir Ionaid: E. Hession in áit M. Plunkett (Leath ama), J. Flynn in áit P. O’Hora (52 nóim), D. Coen in áit B. Walsh (57 nóim), D. Coen in áit C. Loftus (64 nóim), J. Carr in áit  (71 nóim)

Réiteoir: Joe McQuillan

Fág freagra ar 'Taispeántas tomhaiste Thír Eoghain sách maith chun Maigh Eo a chloí i gcluiche ceannais na hÉireann'