‘Táimid ar thairseach ré úr i stair ár dtíre’ – na meáin Ghaeilge, Aoine an Chéasta 1998

25 bliain ó shin, ar an 10 Aibreán 1998, a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta. Ach oiread leis na meáin eile, ba ar a stairiúla is a bhí an lá a dhírigh na meáin Ghaeilge...

‘Táimid ar thairseach ré úr i stair ár dtíre’ – na meáin Ghaeilge, Aoine an Chéasta 1998

 

 

An t-eagarfhocal faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta a bhí ar chéad leathanach ‘Foinse’

Déanaimis gairdeas! Tá réiteach stairiúil aimsithe ag cainteanna Stormont. Tréaslaímid ó chroí leis na páirtithe uilig a rinne a dtréandícheall fuascailt a fháil ar fhadhbanna a bhí linn le 75 bliain anuas. Is iomaí constaic a bheidh le sárú go fóill le linn an tsamhraidh, ach tá muinín againn go slánóidh na socruithe bagairtí ar bith a ardóidh (agus beidh ann dóibh) le linn shéasúr na mórshiúlta agus teannas bliantúil Dhroim Crí.

Ar ndóigh, tá moladh faoi leith ag dul do na polaiteoirí uilig as a solúbthacht agus as a bheith toilteanach comhghéilleadh, go háirithe le linn do thoradh na n-imeachtaí a bheith idir dhá cheann na meá.

Is mó deor allais a sileadh, ach tá dúshraith úr i bhfoirm comhaontaithe mar luach saothair againn anois dá bharr. B’fhiú an strácáil uilig a bhain le spriocam Mhitchell a shásamh (go fiú agus iad cúpla uair an chloig thar am). Ach níl a gcuid dualgas uilig curtha chun críche ag na páirtithe ná baol air.

Beidh freasúra láidir in aghaidh réiteach ó dhreamanna dála an DUP, Aontachtaithe McCartney, an LVF, an tIRA Leanúnach agus an tINLA. Tá sé tábhachtach i ndeireadh na dála go mbeadh móramh maith ar son na moltaí agus Reifrinn á ngairm.

Is gá go mbeadh lucht sínithe an tsocraithe iomlán dáiríre agus diongbháilte ina gcur chuige, óir ní bheidh sé ar dhóigh ar bith furasta an t-earra seo a dhíol lena lucht tacaíochta.

Deir John Taylor linn gur chlis ar Sunningdale de dheasca an dá thraidisiún a bheith ag béimiú a raibh bainte amach acu féin ag an am. Tá an ceart sa mhéid sin aige, agus mar sin tá sé thar a bheith riachtanach go dtabharfaí droim láimhe don iomaíocht idirpháirtí ar mhaithe leis an leas coitianta.

Fáiltímid ach go háirithe roimh na moltaí cuimsitheacha atá leagtha síos i leith maithiúnais do phríosúnaigh. Impímid orthu siúd a shaorfar, gníomh dearfach a dhéanamh ar mhaithe leis an phróiseas atógála.

Agus muid ar thairseach na mílaoise, táimid ar thairseach ré úr i stair ár dtíre fosta.

Ar aghaidh linn!


‘Tá chuile chosúlacht air go ndéanfar fógra go ríghairid…’ – Raidió na Gaeltachta

Is féidir éisteacht anseo le Nuacht a hAon RnaG ón 10 Aibreán 1998


‘Inniu ceann de na laethanta is tábhachtaí i stair na tíre seo…’ – Nuacht TnaG

Fág freagra ar '‘Táimid ar thairseach ré úr i stair ár dtíre’ – na meáin Ghaeilge, Aoine an Chéasta 1998'