‘Táim níos neirbhísí ná mar a bhíos le linn aon toghcháin… is é seo reifreann mo shaoil.’

Mar fhear aerach, chaith an tIar-Aire Gaeltachta, Pat Carey, formhór a shaoil agus eagla air, ach b’fhearr leis cuimhneamh ar a bhféadfaí a bhaint amach Dé hAoine seachas ar an saol “a goideadh uaidh”

06/05/2015. Irish Language Group - Launch Yes Campaign. Pictured Pat Carey helping to launch the Yes Campaign on behalf of Ta Comhionannas the Irish Language group supporting Yes Equality in the upcoming Marriage Equality Referendum. Pictured in the Clarence Hotel in Dublin this morning. Photo: Sam Boal/Photocall Ireland
Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Ar an Aoine bheag seo, fágfaidh mé an t-ionad vótála tar éis cros a chur sa bhosca ‘TÁ’ ar phíosa páipéir. Fágfaidh mé an t-ionad vótála, béal tirim, neirbhíseach, dóchasach. Níos neirbhísí ná mar a bhíos riamh le linn na dtoghchán ar fad ar ghlacas páirt iontu… is é seo reifreann mo shaoil.

Chailleas mo shuíochán Dála sa bhliain 2011. Thit an tóin as an dtacaíocht pholaitiúil a thug daoine domsa agus don bpáirtí. Ach níor tháinig athrú ó bhonn ar mo shaol an lá sin mar a athróidh an saol dom Dé Sathairn má bhronnann muintir na hÉireann ceart an phósta orm.

Má deireann muintir na hÉireann ‘TÁ’, beidh mise, den chéad uair, ionann sa tír inar saolaíodh mé.

Táimse 67 bliain d’aois; ní féidir liom ach féachaint siar is mé ag súil leis an seans atá romhainn. Féachaim siar ar na tréimhsí atá caite agam faoi scáth, gan fáilte romham sa phobal mar fhear aerach. Thugas-sa formhór de mo shaol agus mé eaglach. Conas nach mbeadh nuair a bhí tráth ann gur fhág an tslí inar cruthaíodh mé ‘mídhleathach’ mé. Ní ligim dom féin cuimhneamh ar an saol a goideadh uaim dá bharr; ní fiú é sin níos mó.

Ach tá stair na tíre seo lán d’éagóir; ní éagóir ar dhaoine aeracha amháin gan amhras.

Is iomaí leithcheal a deineadh ar an bpobal; ar Chaitlicigh aimsir na bpéindlithe, ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta; ar mhná. Tá a fhios ag muintir na hÉireann cad is brí le stádas a bheith ag duine agus an tábhacht a bhaineann le stádas a thabhairt do dhuine. Tuigeann siadsan nach raibh stádas acu ina dtír féin, agus iadsan a chuaigh ar imirce is nár tugadh dóibh ach stádas ‘gadhair’ thar lear, a bhfuil i gceist.

Ach céad bliain ó shin bhí aisling ann. Aisling do ré úr nua, ré réabhlóideach i stair na tíre.

Tír ina raibh gach duine cothrom. Tír ina raibh saoirse creidimh agus saoirse shibhialta geallta. Tír ina raibh cearta cothroma agus deiseanna cothroma don uile shaoránach. Aisling a d’fhógair gur rún di sonas agus séan an náisiúin go hiomlán. Tír chomh ceanúil céanna ar chlann uile an náisiúin. Aisling gan beann aici ar na difríochtaí a dheighil mionlach ón móramh.

Seo muidne, muintir aeracha agus leispiacha na tíre seo, mionlach beag bídeach.

Seo muid ag impí oraibhse, an móramh, seasamh linn. Tá seans agaibhse ar an Aoine bheag seo ráiteas mór a dhéanamh. Ar an Aoine bheag seo, is féidir libh cur beagáinín le fíorú aisling an fhorógra. Ar an Aoine bheag seo, is féidir libh ceart a chur ar fáil do phobal a bhfuil an ceart séanta orthu le fada. Ar an Aoine bheag seo, tabhair dom do lámh agus tabhair dínit, stádas agus cothrom na féinne dom.

Fág freagra ar '‘Táim níos neirbhísí ná mar a bhíos le linn aon toghcháin… is é seo reifreann mo shaoil.’'