Má bhíonn an t-ádh ar imreoir blaiseadh a fháil di, níl seachtain cosúil leis an cheann roimh chluiche ceannais Chraobh Shinsir na hÉireann. Don imreoir sin agus do na himreoirí eile ar an phainéal, tá gach a bhfuil le déanamh déanta faoin tráth seo.
Ag druidim i dtreo dheireadh na seachtaine, beidh gach imreoir ag fanacht ar fhógairt an tseisir is fiche a bheidh ainmnithe ar an phainéal don chluiche agus ar ainmniú an chéad chúigear déag freisin, dar ndóigh. Tá sé thar a bheith dian ar na leaids a chailleann amach, a rinne an iarracht chéanna an séasúr ar fad agus b’fhéidir le cúpla séasúr agus iad fós fágtha ar lár don ócáid is mó sa bhliain. Is iontach an rud é nuair a chloiseann tú an bainisteoir ag glaoch amach d’ainm agus é ag dul tríd an liosta agus ansin é a léamh ar chlár an lae ar an Domhnach.
Tá sé níos deise fós nuair a bhíonn idir uimhir a haon agus uimhir a 15 scríofa os a chionn. É sin ráite, in iomáint an lae inniu, leis na teaicticí a bhíonn in úsáid, is cuma cén uimhir a bhíonn ar do dhroim, ní i gcónaí a thugann sé le fios an mbeidh tú ag tosú nó nach mbeidh.
Pé scéal é, tá an deireadh seachtaine mór buailte linn agus na foirne céanna ag dul chun páirce amárach a chuaigh chun páirce anuraidh agus níos luaithe i mbliana i gcluiche ceannais Roinn 1 na sraithe. Dar ndóigh, bhuaigh Luimneach an dá chluiche sin agus tá siad go láidir mar rogha na coitiantachta arís.
Sna babhtaí leathcheannais i mbliana, rug Luimneach greim ar an gcluiche in aghaidh na Gaillimhe go húdarásach i dtreo dheireadh an chéad leatha. As sin amach bhuadar na cathanna go léir timpeall na páirce.
Go dtí gur tháinig an taispeántas sin i gcoinne na nGaillimheach, ní fhéadfá a rá go raibh Luimneach i mbarr a maitheasa i mbliana ach bhuadar an chuid is mó de na cluichí. Tar éis dóibh an chraobh a bhuachan trí bliana as a chéile, tá an-taithí agus an-mhuinín acu ach níl siad chomh dosháraithe agus a bhíodar ag tús na ré órga seo.
Tá Aaron Gillane ag déanamh gaiscí dóibh go fóill, áfach, agus é ar bharr an liosta do ghradam Imreoir na Bliana i láthair na huaire. Bhí sé dochreidte i gcluiche ceannais na Mumhan agus dochloíte arís coicís ó shin. Tá 3-42 aimsithe aige go dtí seo sa chraobh agus is cinnte go gcuirfidh sé leis sin i gcluiche an lae amárach. Dar ndóigh braitheann go leor ar an gcúnamh a fhaigheann sé, ach tá foireann Luimnigh lán le cuid de na himreoirí is fearr sa tír chun an sliotar a chur isteach chuig Gillane, Barry Nash sa líne lánchúil agus na fathaigh sa líne leathchúil ina measc.
Ó tharla gurb iad Cill Chainnigh a bheidh rompu, ní féidir a rá go cinnte go mbeidh an bua ag Luimneach, Bhí bliain réasúnta maith ag na Cait go dtí seo faoin mbainistíocht nua atá acu. Tá ré Brian Cody thart ach tá díocas chun oibre thar na bearta fós iontu. Agus tá ré na liathróide fada suas chuig na tosaithe imithe chomh maith agus tá Cill Chainnigh anois sásta an sliotar a oibriú ó dhuine go duine mar atá na foirne is fearr sa tír ag déanamh le tamall.
Tá Luimneach mar rogha ag mórán don cheann seo ach nílimse cinnte go bhfuil siad chomh fada sin chun tosaigh ar Chill Chainnigh. Tá na foirne eile ag breith orthu mar atá scríte agam minic go leor anseo ach, chaithfeá a rá chomh maith, gur thaispeáin siad sa chluiche leathcheannais go bhfuil an mianach sin fós iontu.
Tuigeann Cill Chainnigh agus na saineolaithe go léir go gcaithfear tionchar Aaron Gillane a laghdú agus Séamus Flanagan a choinneáil ciúin chomh maith. Tuigeann siad freisin gur féidir le Tom Morrissey cúpla pointe a aimsiú gach lá agus gur thaispeáin Gearóid Hegarty in aghaidh na Gaillimhe go bhfuil sé ag teacht ar ais ar a sheanléim, gan trácht ar Chian Lynch. Caithfidh Cill Chainnigh a bheith réidh freisin don díograis a bheidh ar Darragh O’Donovan agus Will O’Donoghue, más iad a bheidh i lár na páirce.
Luaigh mé cúlaithe Luimnigh níos luaithe agus fiú gan Seán Finn, tá siad thar a bheith teann agus cliste. Ar páipéar, níl na Cait chomh láidir le Luimneach. Tá deichniúir acu, b’fhéidir, atá chomh maith le réalta Luimnigh ach caithfidh an cúigear eile a bheith go hiontach amárach má tá seans le bheith ag Cill Chainnigh. An bhfuil imreoirí acu chun tionchar Diarmuid Byrnes agus Kyle Hayes a laghdú? Ar thaobh na gCat, an mbeidh Huw Lawlor in ann coinneáil le Gillane agus cén tionchar a bheidh ag Walter Walsh, Cillian Buckley, Cian Kenny agus Pádraig Walsh ón mbinse? An mbeidh TJ sna ceannlínte maidin Dé Luan? Ceisteanna, ceisteanna agus tuilleadh ceisteanna.
Creidim go bhfaighidh Derek Lyng 100% óna chuid imreoirí ach beidh ionadh orm mura mbuann fir na ngeansaithe glasa.
Fág freagra ar 'Tabharfaidh Cill Chainnigh a bhfuil iontu ach ní fios an leor é sin chun Luimneach a chloí'