Dúshláin dhifriúla curtha díobh ag na Sáirséalaigh agus na Fianna roimh lá mór na gclubanna

Rinne stoirm scrios ar áiseanna na Sáirséalach in 2023 agus bhí ar na Fianna an iomáint a thosú nach mór ó bhonn sna 1990idí

Dúshláin dhifriúla curtha díobh ag na Sáirséalaigh agus na Fianna roimh lá mór na gclubanna

Tá deireadh seachtaine mór na gclubanna sinsir tagtha agus an ócáid is mó i stair an dá chlub iománaíochta seo atá ag dul chun páirce i bPáirc an Chrócaigh amárach.

Cad é mar aistear a bhí ag an dá chlub chun an ceann scríbe seo a bhaint amach.

Bhuaigh na Sáirséalaigh ó Chorcaigh craobh an chontae in 2023 ach bhuail Stoirm Babet go luath ina dhiaidh sin iad agus rinneadh scrios ar pháirceanna imeartha, tuilsoilse, giomnáisiam agus cuid de chlubtheach an chumainn. Thóg sé go dtí Bealtaine na bliana seo caite sular athosclaíodh an pháirc astro. Diaidh ar ndiaidh, tá dul chun cinn á dhéanamh ach bhíodar gan páirc imeartha don séasúr ar fad.

Ón tráthnóna uafásach sin, fuaireadar an-chabhair ó chlubanna agus scoileanna áitiúla. Agus ar an Domhnach beag seo rithfidh an fhoireann shinsir amach ar fhód ársa Pháirc an Chrócaigh den chéad uair riamh i stair an chumainn.

Bhí turas suimiúil freisin ag Na Fianna ach ar bhealach difriúil. Is beag iománaíocht a bhí sa chlub sna hochtóidí agus sna nóchaidí. Thosaigh an obair le páistí óga an cheantair gar go leor do Páirc an Chrócaigh sna nóchaidí.

De réir a chéile d’fhás líon na n-ógánach a bhí ag foghlaim na hiománaíochta. Thóg sé go dtí 2000 sula rabhadar ábalta foireann mhionúir a chur chun páirce i mBaile Átha Cliath. Tráthúil go leor, bhí bainisteoir na foirne sinsir reatha – agus bainisteoir nua Átha Cliath – Niall Ó Ceallacháin ina chuid den fhoireann sin.

Tá toradh na hoibre le feiceáil anois mar idir 2012 agus 2017, bhuaigh Na Fianna cúig cinn de chraobhacha mionúir i mBaile Átha Cliath. Tá níos mó ná scór imreoir ó na foirne faoi aois sin mar chuid den phainéal don cluiche amárach.

Aistir dhifriúla ach an sprioc chéanna agus pé foireann a bhuann, beidh an bua sin tuillte go maith acu.

Tá taithí ag leaids Na Fianna ó anuraidh nuair a chuaigh siad chomh fada le cluiche ceannais Laighean. Bunaithe ar na cluichí dá gcuid atá feicthe agam i mbliana, ní fhéadfainn a rá go bhfuil taispeántas iomlán tugtha acu fós.

Tá an fhoireann breac le himreoirí a d’imir d’Áth Cliath sa pheil nó san iománaíocht. Tá Dónal Burke ar dhuine de na tosaithe is fearr sa tír. É sin ráite, tá sé ag tógáil tamall fada go leor ar an mBúrcach barr feabhais a bhaint amach arís ó tharla drochghortú dó i samhradh 2023. Bhí sé an-mhaith i gcluiche ceannais Laighean ach níl sé ar ais ar a sheanléim fós. B’fhéidir amárach go bhfeicfimid arís é i mbarr a mhaitheasa agus má bhíonn, ceapaim go dtabharfaidh sé sin buntáiste tábhachtach do na Fianna.

Ní hé Burke an t-aon tosach cumasach atá ag na Fianna, áfach. Tá 0-34 aimsithe ag Colin Currie ó thosaigh feachtas Laighean agus tá a dheartháir Seán an-fheiceálach freisin. Tá 2-10 scóráilte ag AJ Murphy ón imirt agus tá scór aimsithe ag imreoir faoi 20 Átha Cliath, Ciarán Stacey i gach cluiche ó bhuaigh Na Fianna cluiche ceannais an chontae.

Cuir san áireamh an leathchúlaí láir, Liam Rushe, a bhuaigh Imreoir Óg na Bliana in 2011 chomh maith le dhá ghradam All Star, agus an t-iarpheileadóir contae Colin McHugh, atá ag imirt mar lánchúlaí, agus is léir go bhfuil bonn láidir faoi fhoireann Ghlas Naíon.

Ach níl Na Sáirséalaigh gan a réalta féinig. Tá an t-imreoir contae Jack O’Connor ag feabhsú cluiche i ndiaidh cluiche ó thosaigh feachtas na Mumhan agus fonn mór oibre i gcónaí air chomh maith leis an choisíocht iontach atá aige.

I lár na páirce, tá an seanfhondúir agus iarlaoch Chorcaí, Daniel Kearney ag imirt ar nós ógánaigh agus an-tionchar aige ar go leor den obair mhaith a dhéanann an fhoireann agus ar Chathal McCarthy agus Cian Darcy taobh leis. I measc na dtosaithe eile, tá leithéidí Daniel Hogan, atá anois istigh le foireann an chontae, Aaron Myers agus an ‘supersub’ Shane O’Regan.

Fágann sin go bhfuil sé deacair an cluiche ceannais a thuar. Rinne Na Sáirséalaigh ant-éacht is mó a rinneadh sa chraobh go dtí seo nuair a bhuadar ar Bhaile Gunnair. Bhí an t-ádh dearg orthu buachaint ar Shleacht Néill i gcluiche leathcheannais na hÉireann agus níos faide siar, d’imigh an ghaoth as a gcuid seolta i gcluiche ceannais Chorcaí nuair a bhuaigh an fhoireann dúiche Uí Mhic Coille orthu.

Tá níos mó taithí ag foireann seo Na Fianna. Tá ceithre chluiche ceannais contae i ndiaidh a chéile imeartha acu i mBaile Átha Cliath agus an dá cheann deireanach buaite acu. Is dócha go bhfuil tosaithe níos fearr acu ná mar atá ag Na Sáirséalaigh agus ceapaim go bhfuil na tosaithe sin níos fearr ná cúlaithe chleas Chorcaí.

Bheinn ag súil go mbeidh an-lá ag Na Sáirséalaigh ach táim ag ceapadh go mbeidh Corn Tommy Moore ag déanamh an turais ghearr go dtí clubtheach na bhFianna faoi dheireadh an lae.

Fág freagra ar 'Dúshláin dhifriúla curtha díobh ag na Sáirséalaigh agus na Fianna roimh lá mór na gclubanna'

  • Carraig

    Am, cainéal teilifíse agus áit a sholáthar mar eolas ag barr an cholúin le do thoil mar a dhéanann Pádraic thuas.

  • alan titley

    Bhuei, .b’in tubaist ceart go leor do na Sáirséalaigh. Chonaic mé ‘an charraig’ tar éis an chluiche, agus ní sásta a bhí sé. Na Fianna ar fheabhas. Cuireadh an obair isteach leis na blianta…