Tá tús na n-ochtóidí uafara ar ais arís i mo chloigeann agus ag céasadh m’anama…

Ag múineadh déagóirí a bhí ár gcolúnaí tráth dorcha suaite sin chás na ‘Kerry Babies’. Gura fada uainn uaibhreas, fuarchúis agus bréagmhoráltacht na n-ochtóidí, a deir sí

Tá tús na n-ochtóidí uafara ar ais arís i mo chloigeann agus ag céasadh m’anama…

Pictiúr:RollingNews.ie

An tromluí ar ais arís. An mhífhoighid, an fhearg, an ghráin, an scéin agus an déistin. An easpa muiníne agus an faitíos roimh an nGarda Síochána. An dímheas ar dhlí na tíre. Uaibhreas agus fuarchúis an Bhreithimh agus na ndlíodóirí ag scanrú gach bean sa tír seo, i m’ainmse. 

Tús na n-ochtóidí uafara ar ais arís i mo chloigeann agus ag céasadh m’anama.

Ag múineadh déagóirí i bpríomhchathair na hÉireann a bhíos an tráth dorcha suaite sin. Mé ag brath chomh ciontach céanna inniu agus a bhraitheas i 1984. Glúin óg ionraic sin na mbruachbhailte cathrach do mo dhamnú féin agus gach duine eile a tógadh faoin tuath as ár bhfuath do mhná, do mháithreacha, do pháistí.  A chruthúnas sin le fáil acu sna páipéir. Cosantóirí an phobail ag céasadh máthair a bhí tar éis a páistín nuabheirthe a chur sa ngarraí le taobh an tí mar a cuireadh gach páistín eile nár bheannaigh sagart ná pobal agus ar iompaigh a athair a thóin air. Á dhéanamh i m’ainmse.

Gránard faoin spotsolas – grató fuar ina thearmann ag scoláire óg mná i lár slua – a bás orainn ar fad. An plé sna ranganna, bileoga eolais, dochtúirí teaghlaigh isteach ag caint faoi chúrsaí frithghiniúna agus féinchosanta do dhaoine óga. Bábóga crosta á dtabhairt do na daltaí le cúram a dhéanamh díobh ag an deireadh seachtaine –   ní ‘babygrows’ galánta amháin a bhaineann le páistí ach screadach, buinneach agus sclábhaíocht an teachtaireacht a bhí á scaipeadh againn.

Ar tráchtadh mórán ar Jeremiah Locke? Ar damnaíodh eisean ná a easpa freagrachta ag an mbinse fiosrúcháin, sna meáin ná sna ranganna sin? Níor damnaíodh, ar ndóigh, mar ba ar an mbean a bhí an fhreagracht, an locht agus an t-ualach.

Níor cuireadh aon fhear riamh i ngéibheann i dTeach Maigdiléana agus ba mhór idir bocailéaró a thabhairt ort agus striapach nó raibiléara. Ba dheacair le cuid de na buachaillí óga sin glacadh leis go gcaithfidís cur suas den ghnéas a tairgeadh mura raibh siad sásta glacadh le toradh an mhíchúraim nó an teaspaigh.  Mar a fheiceann an gasúr….

Bhí na déagóirí óga sin ar comhaois le Ann Lovett. Feicim fós na deora leo ag cuimhneamh ar an dá bhás sin i ndorchadas na hoíche ag an ngrató. Feicim na cártaí, na dánta agus na teachtaireachtaí grámhara a crochadh i gcúinne cuimhneacháin sa seomra ranga don triúr páistí beaga sin nach bhfaca solas ná sólás.

Tá an seoladh sin i Mainistir Ó dTorna greanta ar m’intinn agus cártaí comhbhróin á seoladh againn go dtí an mháthair óg ar bhásaigh a páistín agus nach bhfuair seans é a chaoineadh agus dúnmharfóir déanta di ag lucht dlí i m’ainmse.

Tá na déagóirí sin meánaosta anois – iad féin ina dtuismitheoirí, ina nGardaí, ina n-iriseoirí agus ina ndlíodóirí – tá súil agam gur caoine a ndaonnacht, a dtuiscint agus a dtrócaire ná cleas dalba dímheasúil cinsealach na n-ochtóidí.

Tá súil agam nach mbeidh aon bhean óg dá gcine chomh scanraithe ná chomh huaigneach agus í ag saolú a páistín.

Tá súil agam nár iompaigh aon fhear óg a bhí sna seomraí sin a dhroim ar thoradh a shíl. Tá súil agam go bhfuair máthair ‘Baby John’ tacaíocht agus comhairle ó shin agus gur cineáltas agus comhbhá is mó a raibh cleachtadh aici orthu ón tráth duairc sin.

I m’ainmse, tugtar leithscéal, cúiteamh, tuiscint, comhbhá agus suaimhneas do Joanne agus dá teaghlach agus aoibhneas síoraí do na páistí beaga uilig a damnaíodh agus a folaíodh in ainm na bréagmhoráltachta.    

   

Fág freagra ar 'Tá tús na n-ochtóidí uafara ar ais arís i mo chloigeann agus ag céasadh m’anama…'

  • Seosaimhín Ní Bheaglaoich

    Chuir na heachtraí náireacha san scian go feirc i gcroithe mhnā na linne ag an am.
    Cuireadh ina dtosc iad ag clëir is tuath agus lucht dlí â ndamnú.
    Nâ ceapaimís gur mór atá atā athraithe sa tír namhdach seo do mhnâ nâ gëileann do dhaorsmacht bhréagchráifeach pholaiteoirí is chléir.

  • Learraí

    Is ealaíon do chuile dhuine beo againn a c(h)oinsias féin a scrúdú go mion is go géar maidir le ‘tuiscint’ agus le ‘daonnacht’ seachas a bheith ag éirí chun feirge. ‘An té atá saor caitheadh sé/sí an chéad chloch’.

  • Mise Áine

    An-alt, a Mháire…go raibh maith agat!

  • Liz

    Míle buíochas, a Mháire.Bréagmhóráltacht gan dabht.