Tá stair na hÉireann i ngach coirnéal d’eaglais Naomh Isidore I gcroílár chathair na Roimhe

Tá cur síos sna scéala atá ag Mícheál Mac Craith ar eachtraí na gcéadta bliain - ón uair a tháinig na hÉireannaigh go dtí Eaglais Naomh Isidore sna 1600idí go dtí an lá inniu

Tá stair na hÉireann i ngach coirnéal d’eaglais Naomh Isidore I gcroílár chathair na Roimhe

Bhí aithne ag chuile dhuine in UCG, (nó Coláiste na hOllscoile, Gaillimh mar a bhíodh) ar Ma Heavey nuair a bhí mise ag freastal ar an ollscoil. Ba chosúil go raibh deabhóid láidir aici do naomh áirithe agus theastaigh rud éigin a bhain leis nuair a bhí trioblóid áirithe aici.

Céard a dhéanfadh éinne sa gcás sin ach scríobh go díreach chuig an Vatacáin agus gar a iarraidh orthu? An mbeadh seans ar bith ar thaisí nó rud éigin a fháil ón Vatacáin a raibh baint dhíreach aige leis an naomh?

Dúirt an t-oifigeach a fuair an litir sa Vatacáin gur chuir sé iontas air ‘that a mere housewife would have such elegant Latin’.

Ar ndóigh rinne sise dearmad a lua gur Ollamh iomráiteach le Laidin agus Gréigis san ollscoil a bhí inti.

I gcroílár chathair na Roimhe a bhí muid nuair a chuala muid an scéal sin agus go leor eile ón scoláire agus Proinsiasach, an tAth Mícheál Mac Craith, iarOllamh le Gaeilge san ollscoil chéanna. Clúdaíonn a chuid scéalta tréimhse na gcéadta bliain – ón uair a tháinig na hÉireannaigh go dtí Eaglais Naomh Isidore, sa Róimh sna 1600idí, go dtí an lá inniu.

Is í an eaglais sin agus an coláiste a bhunaigh an Proinsiasach mór le rá Luke Wadding, i 1625, príomheaglais na nÉireannach sa Róimh sa lá inniu agus an tAth. Mac Craith i gceannas ann anois. Agus ní nach ionadh, tá obair mhór athchóirithe déanta ar an eaglais i gcomhair an cheiliúradh 400 bliain.

Seans go raibh an tOllamh Heavey anseo tráth, ach níl aon leac á comóradh sin. Ach liosta le háireamh na maithe agus na móruaisle eile atá luaite agus a raibh baint acu leis an eaglais agus leis an gcoláiste. Tá scéal ag Mícheál Mac Craith faoi chuile dhuine acu.

Ba leis na Spáinnigh an eaglais nuair a tháinig an Proinsiasach Luke Wadding ann i dtosach. Bhí seisean ag iarraidh coláiste a bhunú ann a chuirfeadh oiliúint ar shagairt a d’fhillfeadh ar Éirinn chun freastal ar an bpobal Caitliceach. Ar ndóigh ní fhéadfaí é sin a dhéanamh in Éirinn de bharr na bPéindlíthe a bhí i réim ag an am.

Chuir Wadding blas láidir Éireannach ar an áit. Is í Eaglais Naomh Isidore an t-aon eaglais sa Róimh a bhfuil teanga seachas an Laidin greanta ar an ‘portico’ ann. Tá scríbhinn i nGaeilge os cionn na portráide de Naomh Pádraig ar do bhealach isteach. Nuair a bhí athchóiriú á dhéanamh air sin i mbliana b’éigean don Ath Mícheál sampla den aibítir a bhí in úsáid ag an am, sa tsean-Ghaeilge, a aimsiú do na ‘deisitheoirí’.

Tá saothair ealaíne den scoth thart timpeall na heaglaise, cuid acu sna séipéil bheaga atá ar an taobh. Ba é an saineolaí ealaíne Giovanni Bellori a bhí mar chomhairleoir ag Wadding – an fear ba mhó cáil ag an am. I gceann de na haltóirí, a dhear an dealbhadóir cáiliúil Bernini, tá go leor dealbh bunaithe ar na ‘Suáilcí,’ ach chruthaigh ceann acu scannal na blianta ó shin – monumento scandaloso. Bean óg atá ann agus í cíochnocht. D’ordaigh an Vatacáin go gcuirfí clúdach uirthi, rud a rinneadh. Rinneadh sórt blús as miotal agus leagadh sin anuas ar an dealbh.

Díchlúdaíodh í, mar a dúirt an tAth. Mac Craith, 30 bliain ó shin nuair a cuireadh ar a súile do na húdaráis gur ag cothú na mbochtán a bhí an bhean óg. ‘Ní raibh a stair féin ar eolas acu,’ a dúirt sé linn.

Tá stair na hÉireann i ngach coirnéal d’eaglais Naomh Isidore. Cé a d’aithneodh an stair sa phlaic atá tiomnaithe do ‘Amelia Curran’? Caithfidh mé a admháil nár chuala mé trácht ariamh uirthi. Ach deirfiúr le Sarah Curran, leannán Robert Emmett, ab ea í. Dúradh fúithi gur rith sí suas staighre nuair a chuala sí na Cótaí Dearga ag teacht ina dtreo agus gur dhóigh sí litreacha Robert Emmett agus Sarah, in 1803.

D’éirigh léi dul chun na Róimhe áit ar chuir sí aithne ar an bhfile cáiliúil Percy Bysshe Shelley agus a bhean Mary, údar Frankenstein. Rinne Amelia leabhar leis siúd a mhaisiú agus dúradh gurbh ise a dhear an t-aon phictiúr riamh de chlann Shelley. D’iompaigh sí ina Caitliceach agus tuigtear don Athair Mac Craith go bhfuil sí curtha san eaglais.

Istigh sa bpríomhshéipéal tá leachtanna ag comóradh daoine eile ar nós Aodh Mac Aingil, (Mac Cathmhaoil), Proinsiasach, staraí agus diagaire a chum an t-iomann ‘Dia Daoibh a Naoi Naomh’, agus fear a bhí ina mhúinteoir ag clann mhac an Tiarna Aodh Ó Néill.

Duine eile a bhfuil comóradh déanta air ná Francisco Molloy, fear a scríobh an chéad ghramadach Gaeilge i 1676, agus a foilsíodh sa Róimh. Leabhar an-phraiticiúil a bhí ann le cabhrú leis na sagairt nuair a d’fhillfidís ar an mbaile agus ar ndóigh, ní bheadh ag an bpobal sa mbaile ach Gaeilge, agus bheadh meirg tagtha ar Ghaeilge na sagart tar éis a dtéarma sa Róimh.

Thar thréimhse ceithre chéad bliain níor imigh an eaglais ná an coláiste as lámha na nÉireannach ach amháin le linn ré Napoleon. Go deimhin, dar leis an Athair Mac Craith, ghoid saighdiúirí Napoleon saothar leis an ealaíontóir clúiteach Carlo Maratti ó cheann de na haltóirí agus níor éirigh le héinne teacht air – go dtí 1978.

Tháinig pictiúr chun solais sa ‘Boston Gallery of Fine Arts’ agus d’aithin seisean é. Fiosraíodh an cás agus dúirt an gailearaí i mBoston gur ceannaíodh é ó dhíoltóir ealaíne mór le rá i Londain. Scríobh an tAthair Mac Craith chucu ach freagra sásúil ní bhfuair sé.

Shíl muidne go mbeadh sé réasúnta éasca an cás a dhéanamh faoi shaothar ealaíne a tógadh as eaglais chomh cáiliúil sin sa Róimh. Ach mhínigh an tAth. Mac Craith dúinne, gur rud amháin é cás a dhéanamh faoi phictiúr a goideadh le linn an Dara Cogadh Domhanda, abair, ach rud eile ar fad cás a dhéanamh faoi ghoid a tharla na céadta bliain ó shin. Fágadh an spás sin folamh ar an altóir le go mbeadh an stair le feiceáil ag an bpobal.

Ní dhearna sé aon dochar do Luke Wadding go raibh sé mór le daoine áirithe – Clann Barberini, mar shampla. Beach a bhí mar shuaitheantas ag an teaghlach sin agus feictear beacha gach áit a raibh siad. Tharla sé gur éirigh le duine acu a bheith ina Phápa – Urban 8, agus bhí seisean, go háirithe, cairdiúil le Wadding. Ceapadh Wadding é féin mar an chéad ambasadóir riamh ag Éirinn i dtír thar lear. Sa mbliain 1642, d’fhógair Comhdháil Chill Chainnigh le litreacha oifigiúla paitinne gurbh eisean a bheadh mar ionadaí acu sa Róimh.

Bhásaigh Wadding, scoláire agus staraí ar an 18 Samhain, 1657, agus é 69 bliain d’aois. Tá sé curtha in eaglais Naomh Isidore.

Fág freagra ar 'Tá stair na hÉireann i ngach coirnéal d’eaglais Naomh Isidore I gcroílár chathair na Roimhe'