Frítheadh corp Noah Donohoe, 14, i ndraein stoirme i dtuaisceart Bhéal Feirste ar an 27 Meitheamh 2020. Tragóid uafásach ach ghéaraigh éiginnteacht agus ráflaí faoi bhás Noah ar chrá croí a mháthar Fiona. Níor staon sí ó bheith ag feachtasaíocht ar thóir na fírinne agus ionchoisne críochnúil ó shin.
Chuir an cróinéir tús leis na héisteachtaí os comhair giúiré deich lá ó shin. Tugadh fianaise ar feadh trí lá an tseachtain seo thart agus suífidh an chúirt arís amárach. Is léir cé chomh léanmhar atá na seisiúin chúirte do mháthair chroíbhriste Noah, Fiona Donohoe ach dá mbeadh gá ag éinne le fianaise gur seirbhís an-luachmhar é ionchoisne tá sí á léiriú gach lá.
Bhí an dalta ó Choláiste Mhaoileachlainn ar iarraidh le sé lá faoin am ar frítheadh é tar éis dianchuardaigh. D’fhág sé an baile i ndeisceart na cathrach ar a rothar tráthnóna breá samhraidh. Thuig a mháthair go raibh sé ag bualadh le cairde chun a dhul go Beann Mhadagáin ar an taobh thuaidh. Thóg sí an gháir an oíche sin nuair nár fhill sé abhaile agus é ag teip uirthi teagmháil a dhéanamh leis.
Ghlac na céadta páirt sa chuardach sular thángthas ar an gcorp sa tóchar nó draein ar chúl tithe timpeall ceithre chiliméadar ón mbaile. Léirigh scrúdú iarbháis nach raibh aon rian ionsaithe air, nach raibh drugaí tógtha aige agus gurbh é an bá ba shiocair bháis dó. Ba dheacair ciall a bhaint as conas a fuair déagóir folláin bás nuair nach raibh tuile san draein. Mistéir a bhí ann a bhí ar bhéal gach éinne. Ní nach ionadh ní raibh aon ghanntanas tuairimí gan bhunús. Bhain go leor de na ráflaí leis an seans go mb’fhéidir go mbeadh buachaill ó scoil Chaitliceach i gcontúirt i gceantar dílseach cosúil leis an gcomharsanacht inar frítheadh é.
Naonúr fear agus beirt bhan atá ar an ngiúiré. Chuala siad fianaise ar feadh ceithre lá go dtí seo. Chuala siad taifead 25 nóiméad den ghlaoch a chuir Fiona Donohoe ar na póilíní ag tuairisciú go raibh Noah ar iarraidh agus go raibh suaitheadh aigne a mheas sí a bheith air le tamall i measc na gcúiseanna imní a bhí aici. Thug sí fianaise freisin ar thaifead faoin dlúthcheangal a bhí idir í agus a haonmhac agus rinne cur síos ar a phearsantacht ghrámhar, a ghrá don cheol agus a dhúil san oideachas.
Bhí Noah le feiceáil ar fhístéipeanna ó bhreis is tríocha ceamara poiblí le linn a thurais ón mbaile trí lár Bhéal Feirste. Thug finnéithe cuntais go bhfaca siad é. Dúirt duine amháin go bhfaca sé é ag titim dá rothar agus ag bogadh ar aghaidh ina dhiaidh gan a sheaicéad. Dúirt duine eile go bhfaca siad é nocht ar a rothar ach gur shíl sé gur chleasaíocht nó cluiche a bhí ar siúl. Ansin tugadh fianaise gur frítheadh a chuid éadaigh fillte agus fágtha ar bhallaí agus a rothar ar an talamh. Cheistigh finné amháin cuntas na bpóilíní ar ráiteas a thug sise. Dúirt sí go bhfaca sí Noah ag titim dá rothar ach nár dúirt sí aon rud faoi ghortú cinn d’ainneoin leagan an PSNI.
Thug a chairde scoile (atá 19 anois) fianaise gur chosúil nach bhfuair Noah an teachtaireacht go raibh an turas ar Bheann Mhadagáin curtha ar ceal. Dúradar freisin gur mhinic a phléigh siad mothúcháin agus meabhairshláinte ach nach raibh aon údar imní acu.
Ardaíodh ceisteanna maidir le rochtain ar an draein stoirme agus an chontúirt a bhain léi. Bhí ráillí thart uirthi in áiteacha ach teacht uirthi ó chosáin le hais na dtithe. Níor tugadh aon rabhadh do dhaoine roimhe sin. Ba í an chontúirt don phobal ceann de na cúiseanna gur éiligh Fiona Donohue i ndúshlán cúirte in 2022 gur ionchoisne le giúiré a bheadh ann. Bhí ceisteanna freisin faoin gcuardach a rinne na póilíní ar láthair fholamh idir chúl na dtithe agus ar an draein. Is cosúil nár breathnaíodh sa draein go dtí an séú lá.
Tá a thuilleadh fianaise le clos an tseachtain seo romhainn. Cé gur beag seans go bhfaighfear amach céard ba chúis le Noah a bheith san draein nó cén fáth gur chaith sé de a chuid éadaigh, beifear ag súil le soiléiriú ar cheisteanna a d’ardaigh Fiona Donohoe i gcaitheamh na mblianta. Beifear ag súil go háirithe le moltaí sábháilteachta. Cás fíorthábhachtach é ceann Noah agus is athdhearbhú é ar thábhacht ionchoisní.
Fág freagra ar 'Cás fíorthábhachtach é cás Noah Donohoe'