An imní atá ar NESC ina húdar imní níos mó faoin tuath

Teastaíonn líon áirithe gasúr le scoileanna a choinneáil oscailte agus foirne peile a chur chun páirce

An imní atá ar NESC ina húdar imní níos mó faoin tuath

‘Tarraing…tarraing!

Bhí an lánchúlaí as lár na tíre sáraithe ag an bhfoclaíocht.  Go bearránach a d’fhógair sé amach os ard ar a chomhghleacaithe cosanta:  ‘What’s that fu…ng ‘tarraing’?’

An Caisleán Gearr as Gaillimh a bhí ag imirt i gCraobh Náisiúnta na gClubanna. Bhí John Connolly istigh mar lántosach agus a dheartháir Joe ina leath-thosach láir, agus triúr eile deartháireacha acu ar fud na páirce.

Ba mhinic in iománaíocht na linne sin go dtitfeadh an sliotar anuas ar an leath-thosach láir ón bpoc amach.  Bhí plean ag na Connollys.  Dá gceapfadh John, istigh mar lántosach, go raibh deis aige féin, d’fhógraíodh sé amach ar Joe: ‘Tarraing’.  Rinne an tarraingt an diabhal ar an bhfoireann as Uíbh Fhailí.

Níl dabht ach gur minic a chuidigh an tuiscint idir deartháireacha le cumainn iománaíochta agus peileadóirí. Go deimhin, is iad na grúpaí teaghlaigh seo a choinnigh beocht i gcuimse cumann tuaithe, agus tá samplaí de sin ar fud na tíre fós.

Tá fainic curtha ag an NESC – an Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta – ar an Rialtas anois faoina bhfuil i ndán dúinn amach anseo mar go bhfuil an líon gasúr i gclanna na tíre seo ag laghdú as éadan.  Bheadh sé chomh córa céanna dóibh fainic a chur ar Chumann Lúthchleas Gael ar fud na tuaithe. Go deimhin, bheadh sé chomh maith do NESC fainic a chur ar phobail tuaithe na Poblachta.

Muiríneacha níos lú an fhadhb atá á feiceáil don Chomhairle.

Caithfear tacaíocht níos fearr a thabhairt do theaghlaigh, a dúradh.  I bhfianaise an chlaonadh i dtreo na haoise de bharr laghdú ar an ráta beireatais, déantar tagairt freisin don eagar réigiúnach sa tír. Leid é sin faoi easpa cothromaíochta aoise i réigiúin thar a chéile.

Bhítí ag rá ceathrú céid ó shin go raibh laghdú ollmhór ar an ráta beireatais ar an meán; 2.8 in aghaidh an tí a bhí i gceist an uair sin.  Faoin mbliain 2012 bhí an uimhir sin laghdaithe go dtí 2 – beirt ghasúr. Faoin mbliain 2024, bhí an figiúr laghdaithe go dtí 1.5.   D’fhéadfadh géarchéim daonra agus eacnamaíochta a bheith ag baint leis an gclaonadh sin. Is é meastachán na Náisiún Aontaithe go dteastaíonn 2.1 gasúr an duine ó theaghlaigh na tíre, le seasmhacht a choinneáil sa daonra.

Tá staitisticí náisiúnta agus staitisticí idirnáisiúnta i gceist ansin.

Ach cá bhfágann tuarascáil NESC ceantracha tuaithe na tíre seo, agus na ceantracha Gaeltachta atá go mór i gceist ansin?

Feiceann muid ísliú an-mhór ar an líon daltaí i gcuid mhór scoileanna tuaithe; tá cúiseanna eacnamaíochta leis ach tá baint ag an laghdú ar líon na ngasúr sna teaghlaigh leis freisin.  Ach má leanann an cúlú mar atá anois – agus tá an claonadh sóisialta feiceálach amach faoin tír – is faoin tuath is feiceálaí a bheidh an t-athrú.

Cuir i gcás go bhfuil 30 dalta ag freastal ar bhunscoil tuaithe anois – bunscoil atá ag dul i léig – teastaíonn, ar an meán 15 máthair, nó 15 teach cónaithe a bhfuil muirín ann. De réir mar a théann an meánráta gasúr i dtreo 1.5, teastaíonn 20 máthair le huimhreacha na scoile a choinneáil suas, sin 20 teach.

Is féidir na samplaí sin a chur níos ísle, nó níos airde, ach beidh an coibhneas mar a chéile.

Teastaíonn líon áirithe gasúr le scoileanna a choinneáil oscailte; teastaíonn líon sách láidir le foirne peile a chur ar an bpáirc (tá foirne tuaithe dá gcónascadh le tamall maith cheana féin) agus teastaíonn líon áirithe daonra leis an gcroí a choinneáil sna dúichí.

Ceisteanna praiticiúla iad seo uilig agus ní fhéadfaí a bheith ag súil go ndéanfadh NESC cíoradh ar chuile thoradh a bheadh ar an laghdú atá tuartha acu ar an ráta beirteatais

Ach bheadh ceist eile dúisithe dá rachadh muid ar ais go dtí an scoil 30 gasúr faoin tuath.  Bheadh teach ag teastáil ó chuile lánúin bhreise a bheadh ag coinneáil na scoile bige taobh le 30 dalta, agus tá drogall ar na húdaráis áitiúla i dtaobh tuilleadh tithe a cheadú amuigh faoin tuath.

Fágfaidh gach a bhfuil ráite i dtuarascáil NESC a lorg féin ar thírdhreach na tuaithe.

Fág freagra ar 'An imní atá ar NESC ina húdar imní níos mó faoin tuath'