‘Tá sé in am spraoi’ arsa duine fásta le hógánaigh nuair a tháinig an PSNI

Tá sé in am cuspóirí réalacha nach féidir le lucht aindlí a theacht i dtír orthu a roghnú

‘Tá sé in am spraoi’ arsa duine fásta le hógánaigh nuair a tháinig an PSNI

Cé a thug páistí amach ar na sráideanna chun póilíní a ionsaí? An bhfuil gasúir dhá bhliain déag nó trí bliana déag ar buile faoin bpóilíneacht dhá leibhéal nó faoin bPrótacal iarBhreatimeachta? 

Iad feargach mar nár cúisíodh éinne ó Shinn Féin faoi shrianta Covid-19 a shárú nuair a d’fhreastail siad ar shochraid an phoblachtánaigh, Bobby Storey anuraidh? Nó oibrithe mar nár éirigh Simon Byrne as oifig mar Phríomh-Chonstábla nuair a d’éiligh Arlene Foster agus na páirtithe aontachtacha go léir é? Dáiríre? 

Nó an fíor do na póilíní gur ‘aicmí urchóideacha’ a shaighid dornán beag daoine chun círéibeacha na Cásca?

Céard le haghaidh?

Céard a athrófar de bharr an fhoréigin i gceantair dhílseacha ar Thaobh an Uisce i nDoire, i Sandy Row nó Baile na Mainistreach i mBéal Feirste nó i gCarraig Fhearghais? 

Gortaíodh póilíní, cuireadh carranna trí thine agus rinneadh damáiste do na comharsanachtaí ina bhfuil cónaí ar lucht na n-agóidí. In oirthear Aontroma fuair dílseoirí deis chun a ndeasca a bhaint as na póilíní faoi iarrachtaí an PSNI stop a chur lena n-impireacht drugaí. 

 Tá a fhios go mbeidh taifead coiriúil ag roinnt daoine óga nach raibh mórán i ndán dóibh ar aon nós ach gur lú na deiseanna a bheidh acu de bharr na dtaispeántas amaideach sin.

“Tá sé in am spraoi,” arsa duine fásta le hógánaigh nuair a tháinig an PSNI ar an láthair, an comhartha chun buamaí peitril a scaoileadh. Ní inné ná inniu a tosaíodh ag baint mí-úsáid as páistí i gceantair bhochta ar dhá thaobh na deighilte á ngríosú chun aindlí mar ‘chaitheamh aimsire’.

Maíodh gurb é an UDA in oirthear Aontroma a d’eagraigh an trioblóid ansin mar go raibh daoine gafa i dtaca le mangaireacht drugaí. Dúirt ceannfort na bpóilíní sa cheantar sin gur drong coirpeach a d’eagraigh na círéibeacha. Bhíothas á mhaíomh le tamall go raibh daoine i measc na bparaimíleatach dílseach a bhí ar bís chun trioblóid a chothú in aghaidh an Phrótacail, iad ag iarraidh deireadh a chur leis an teorainn i Muir Éireann.

Cé go raibh líon na léirsitheoirí beag ba léir go raibh réamhullmhúchán déanta mar ní lón ionsaithe iad buamaí peitril a bhíonn le fáil ar an tsráid. Bhí roinnt pleanála i gceist do léirsiú na hAoine in Sandy Row freisin mar bhí buamaí peitril agus tinte ealaíne ag na daoine óga. 

Cháin na páirtithe polaitiúla ar fad na círéibeacha agus d’achainigh orthu sin a bhí páirteach iontu éirí astu. Impíodh ar thuismitheoirí a bpáistí a choinneáil sa bhaile, slán ó dhaoine a bhainfeadh mí-úsáid astu. Theastaigh ó na páirtithe aontachtacha a chinntiú nach ndéanfaí nasc idir an ainriail agus a bhfeachtas siúd in aghaidh an Phríomh-Chonstábla. Ba léir áfach gur bhain roinnt dílseoirí leas as an nguagacht pholaitiúil chun raic a thiomsú. 

Ar éigean is gá a rá nach réiteoidh círéibeacha aon rud. Ní réiteoidh baghcat aon ní ach oiread. Tá géarghá le ceannaireacht stuama. Baineann sé sin le Sinn Féin chomh maith leis an DUP. Ba cheart leithscéal dáiríre a bheith gafa ag Michelle O’Neill as freastal ar shochraid Bobby Storey murab ionann agus an meath-leithscéal ‘as daoine a ghortú’.

Ní féidir go raibh mearbhall nó míthuiscint ar an LeasChéad-Aire faoi na srianta ó bhí sí páirteach i gcumadh na rialacha. Thuig na daoine sin ar thagair sí dóibh, ‘na daoine a gortaíodh’, na srianta agus ní raibh cuid acu in ann ach sochraid an-bheag a eagrú dá muintir, ní áirím faire nó tórramh gan trácht ar shlógadh polaitiúil. 

Is furasta frustrachas na bpáirtithe eile ar fad le Sinn Féin a thuiscint. Tá cuma éagumasach orthu nuair a dhiúltaíonn Sinn Féin sárú na rialacha a admháil agus nuair nach bhfuil éinne le cúiseamh. Ní bheadh in aon phionós in Stormont ach rud beag fánach. Meastar nach féidir leo tada a dhéanamh go dtí feachtas an toghcháin an bhliain seo chugainn – más féidir aon tionchar a imirt ansin féin.

Is as an éidreoir sin a d’eascair an feachtas aontachtach in aghaidh Simon Byrne, Príomh-Chonstábla an PSNI toisc go raibh a fhios ag na póilíní roimh ré go raibh sochraid ollmhór á pleanáil ag Sinn Féin don bpoblachtánach sinsearach, Bobby Storey. Ach idir an fhearg le Byrne atá á cothú, sa mhullach ar a bhfeachtas in aghaidh an Phrótacail, tá an chontúirt ann gur ag beathú meon an léigir i measc dílseoirí atá siad.

Tá sé de nós ag aontachtaithe, an DUP go háirithe, aidhmeanna do-aimsithe a roghnú. Cuimhnigh ar an Chomhaontú Angla-Éireannach 1985, Droim Crí nó fiú Comhaontú Aoine an Chéasta agus chomh diongbháilte is a bhíodar ina n-aghaidh. Saothar in aisce a bhí ina bhfeachtais i ngach cás díobh. Tá sé in am cuspóirí réalacha nach féidir le lucht aindlí a theacht i dtír orthu a roghnú agus ceannaireacht thomhaiste a thabhairt sa tóir orthu.

Fág freagra ar '‘Tá sé in am spraoi’ arsa duine fásta le hógánaigh nuair a tháinig an PSNI'

  • MacAnRí

    Go Lá Philib an Chleite a bheifí ag fanacht leo ” ceannaireacht thomhaiste” a thaibhairt d’ aon dream sa Thuaisceart.