‘Tá sé in am deireadh a chur le finscéal na gceantar Gaeltachta i gcathair na Gaillimhe’ – Éamon Ó Cuív

Deir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív gur chóir díriú ar stádas faoi leith a thabhairt do chathair na Gaillimhe seachas ‘a bheith ag ligean orainn’ go bhfuil ceantair áirithe inti níos fearr ó thaobh na Gaeilge ná cinn eile

‘Tá sé in am deireadh a chur le finscéal na gceantar Gaeltachta i gcathair na Gaillimhe’ – Éamon Ó Cuív

Tá sé in am teorainneacha na Gaeltachta a athrú agus deireadh a chur leis an “bhfinscéal” gur cuid den Ghaeltacht áiteanna i gcathair na Gaillimhe, dar le hiarAire na Gaeltachta. 

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go bhfuil sé le moladh d’Aire na Gaeltachta go ndéanfaí na ceantair Ghaeltachta atá i gcathair na Gaillimhe faoi láthair a athrú “ar bhonn práinne”.  

Tá Ó Cuív ag moladh go dtabharfaí stádas speisialta eile don chathair chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge inti. 

“Tá mé chun moladh d’Aire na Gaeltachta gur chóir teorainneacha na gceantar Gaeltachta i gcathair na Gaillimhe a athrú chun deireadh a chur leis an bhfinscéal gur cuid den Ghaeltacht áiteanna áirithe sa chathair,” a dúirt an Teachta Ó Cuív. 

“In áit stádas Gaeltachta a bheith ag ceantair áirithe sa gcathair, ba chóir maoiniú suntasach a bhronnadh ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe chun stádas ceart mar chathair dhátheangach a bhaint amach. Ba cheart go mbeadh an maoiniú ceangailte le spriocanna soiléire dearfacha, dochta a bhainfí amach chun an Ghaeilge a chur chun cinn.” 

Dúirt Ó Cuív, iarAire Gaeltachta, go ndéanfadh sé eisceacht de cheantar Mhionlaigh ó thuaidh de chathair na Gaillimhe agus go molfadh sé go bhfágfaí mar cheantar Gaeltachta é. Dúirt sé go raibh cainteoirí dúchais Gaeilge fós ina gcónaí sa cheantar sin agus nach raibh forbairt mhór déanta ó thaobh tithíochta ann le roinnt blianta anuas, le hais ceantair Ghaeltachta eile sa chathair amhail Cnoc na Cathrach, Tír Oileáin agus Baile an Phoill. 

Bhí Ó Cuív ag labhairt i ndiaidh cruinniú a bhí ag Coiste Gaeilge an Oireachtais le hionadaithe ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe tráthnóna inné.  

Dúirt Ó Cuív le linn an chruinnithe go raibh “líon uafásach íseal” cainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais i gcathair na Gaillimhe – 3% de réir daonáirimh 2016 – agus gur minic nach raibh a fhios ag daoine i gceantair áirithe go raibh cónaí orthu sa Ghaeltacht. 

Ghlac Gaillimh le teideal mar chathair dhátheangach trí fhéindearbhú in 2016 ach mheas Ó Cuív nach raibh ann ach “teideal oinigh” agus go bhféadfaí próiseas a leagan síos sa reachtaíocht ina mbeadh an chathair in ann stádas dátheangach faoi leith a bhaint amach. 

Dúirt Ó Cuív gur cheart breathnú go “fuarchúiseach” ar an scéal agus go raibh sé deacair ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe feidhmiú de réir na reachtaíochta atá ann faoi láthair mar nach bhfuil “ciall ná réasún” léi toisc ceantair áirithe sa chathair a bheith sa Ghaeltacht agus gan ceantair eile nuair atá an Ghaeilge chomh lag céanna iontu ar fad. 

Dá ndéanfaí cinneadh stádas faoi leith a bhronnadh ar chathair na Gaillimhe sa reachtaíocht, dúirt Ó Cuív go mbeadh “dualgas ar na hearnálacha éagsúla – an stát, údarás áitiúil, údaráis oideachais, eagraíochtaí deonacha agus mar sin de – rudaí a bhaint amach agus a chur ar fáil trí Ghaeilge”. 

Bhíodh sé de chumhacht ag aon Aire Gaeltachta leasú a dhéanamh ar theorainneacha na Gaeltachta, mar a leagadh amach in Acht na Gaeltachta 1956, deis nár thapaigh aon Aire Gaeltachta go dtí seo, Éamon Ó Cuív ina measc. Faoi Acht na Gaeltachta, 2012, roinneadh na ceantair Ghaeltachta ina Limistéir Pleanála Teanga. 

Dúirt Ó Cuív cheana go raibh fadhbanna le teorainneacha na Gaeltachta ó bunaíodh iad, ach go bhfuil sé in am iarracht a dhéanamh réiteach a fháil ar an scéal. 

Cheistigh an Teachta Dála Dara Calleary cén chaoi a bhféadfaí cathair dhátheangach a thabhairt ar Ghaillimh nuair nach bhfuil ach 3% den daonra ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. 

Chreid sé go raibh cur chuige “níos uaillmhianaí” ag teastáil ón gComhairle chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa chathair. 

An Teachta Dála Dara Calleary

Thug ionadaithe ón údarás áitiúil le fios nach gcuirtear aon choinníollacha teanga i bhfeidhm maidir le tithíocht i gceantair Ghaeltachta na cathrach. Dúirt Caroline Phelan, Pleanálaí Sinsearach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, nach féidir a leithéid de choinníollacha, mar atá ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, a chur i bhfeidhm sa chathair mar gur údarás uirbeach a bhí sa Chomhairle Cathrach agus go rabhthas ag feidhmiú faoi chóras faoi leith. 

Mheas an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh gur “cop-out” a bhí sa leithscéal gur údarás uirbeach a bhí i gceist, ráiteas nár aontaigh Phelan leis. 

Fág freagra ar '‘Tá sé in am deireadh a chur le finscéal na gceantar Gaeltachta i gcathair na Gaillimhe’ – Éamon Ó Cuív'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Is mó áit sa Ghaeltacht oifigiúil a bheadh níos oiriúnaí don phleanáil teanga mar líonraí Gaeilge seachas mar cheantair Gaeltachta agus ar cheart a fhágáil as an nGaeltacht oifigiúil dá réir.
    Tá pleanáil teanga mar líonraí Gaeilge i gceist le ceantair ‘a bhfuil bunmhais chriticiúil bainte amach acu maidir le tacaíocht pobail agus Stáit don Ghaeilge’, pobail cosúil le Baile Loch Riach, Inis, agus Cluain Dolcáin.
    Is iomaí áit eile sa nGaeltacht oifigiúil nach bhfuil an oiread sin Gaeilge féin iontu ar cheart a fhágáil ar lár go fóill ón nGaeltacht agus ón bpleanáil teanga.

  • Brendan McEneaney

    A leithéid de shamhlaíocht/smaoineamh mianúil! Caithfear aire agus suim muintir na hÉireann a spreagadh sa teanga. (Ní trí poinntí polaiticiúla) !