Tá sé in am an port faoi mhascanna a athrú ó ‘ba chóir duit go dtí is gá duit’ – an WHO

Tá ag méadú le tamall ar an mbrú atá ar NPHET agus an Rialtas treoir níos láidre a thabhairt don phobal faoi chlúdaigh aghaidhe

Tá sé in am an port faoi mhascanna a athrú ó ‘ba chóir duit go dtí is gá duit’ – an WHO

Tá ráite ag toscaire speisialta na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO) don Covid-19 go bhfuil sé in am an port maidir le caitheamh mascanna aghaidhe a athrú ó “ba chóir duit go dtí is gá duit”.

Dúirt an Dr David Nabarro an méid sin tráth a bhfuil an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) ag bualadh le chéile chun athbhreithniú a dhéanamh ar chomhairle WHO maidir le caitheamh mascanna.

Tá ag méadú le tamall ar an mbrú atá ar NPHET agus an Rialtas treoir níos láidre a thabhairt don phobal faoi chlúdaigh aghaidhe.

Dúirt an tAire Sláinte sa Dáil tráthnóna nach raibh sé i gceist caitheamh mascanna a dhéanamh éigeantach. Dúirt sé nach raibh sé i gceist aon rialacha a thabhairt isteach maidir le mascanna, cé gur ghlac sé leis go raibh doiléire ag baint go dtí seo le teachtaireacht an Rialtais faoin scéal.

Dúirt sé go rabhthas chun feachtas eolais poiblí nua a lainseáil go luath maidir le caitheamh mascanna ar an gcóras iompair poiblí agus i siopaí ach nach raibh sé i gceist aon dlí nua a thabhairt isteach.

“Níl aon phlean againn an dlí athrú, ach níor athraíomar an dlí ach oiread le rá leat casacht a dhéanamh isteach i d’uillinn. Chuamar i dtaithí air, sin an méid. Níor athraíomar an dlí ach oiread le rá go gcaithfimis ár lámha a ní ar feadh fiche soicind ach d’éiríomar an-mhaith aige. Níor athraíomar an lá maidir le dhá mhéadar fiú. 

“Baineann sé le hathrú ar iompar daoine, agus glacaim leis go bhfuil an fhianaise agus an chomhairle faoi seo athraithe de réir a chéile agus b’fhéidir go bhfuil mearbhall ar dhaoine faoi agus nár cuireadh í [an teachtaireacht] in iúl chomh soiléir agus is gá. Mar sin, ag tosú inniu bímis an-soiléir go deo faoi: táthar ag moladh duit clúdach aghaidhe á chaitheamh. 

“Ba chóir duit ceann a chaitheamh ar an gcóras iompair poiblí agus ba chóir duit ceann a chaitheamh i siopaí agus in áiteanna eile taobh istigh mura bhfuil fadhb sláinte agat nó mura bhfuil tú faoi bhun 13 bliain d’aois,” arsa an tAire Sláinte Simon Harris. 

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin, sa Dáil inniu go raibh tuilleadh fianaise ag teacht chun cinn gur cabhair iad na mascanna maidir le srian a chur le scaipeadh an ghalair agus go raibh an chomhairle ina dtaobh “ródhoiléir” go n-uige seo. 

Dúirt Martin go raibh ráite anois ag an WHO agus an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc (ECDC) gur chóir go mbeadh caitheamh maisc éigeantach in áiteanna áirithe amhail an córas iompair poiblí agus siopaí. 

“Bímis soiléir faoi, níl ann ach amaidí a rá nach féidir mascanna a dhéanamh éigeantach ach amháin sa chás go gcuireann an Stát ar fáil don phobal iad. Tá sé saor iad a dhéanamh agus gach tír a thug rialacha isteach faoi chlúdaigh aghaidhe d’éirigh leo na rialacha sin a chur i bhfeidhm gan leithcheal a dhéanamh ar aon duine agus gan aon scéimeanna stáit a bhunú,” a dúirt Micheál Martin. 

D’fhógair an tAire Sláinte sa Dáil chomh maith inniu go gcuirfear tús athuair leis an scagthástáil le haghaidh ailse ag deireadh na míosa seo.

Maidir leis an díospóireacht faoi cé acu ar chóir iarracht a dhéanamh an Covid-19 a choinneáil faoi chois nó é a dhíothú ar fad, dúirt Dr David Nabarro, toscaire speisialta an WHO gurb é an rud ab fhearr a d’fhéadfaí a dhéanamh ná an galar a dhíothú.

Ach dúirt sé gur ar éigean go bhféadfaí oileán na hÉireann a scaradh amach ón gcuid eile den domhan gan cur isteach go mór ar chúrsaí taistil agus ar an ngeilleagar.

Dúirt Nabarro, a bhí os comhair an choiste Oireachtais atá ag plé leis an gcoróinvíreas, gur cur chuige stuama a bhí ann líon na gcásanna nua den ghalar a choimeád an-íseal agus déileáil láithreach le pé ráigeanna a bheadh ann i gceantair ar leith.

Dúirt sé go raibh gné shéasúrach ag baint le Covid-19 ach murab ionann agus an fliú, beidh sé ina bhagairt bíodh séasúr te nó fuar againn. 

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar sa Dáil inniu nárbh ionann straitéis an Rialtais i leith an víris agus straitéis mhaolaithe. Ba é aidhm na straitéise ná an galar a chur faoi chois, ar sé.

Dúirt an Taoiseach nárbh aon rogha é sinn féin a scaradh amach ón domhan mór mar go raibh saoirse phearsanta agus eacnamaíochta againn mar thír san Eoraip. 

Idir an dá linn, tá fógartha ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt go bhfuil duine amháin eile a raibh Covid-19 air básaithe, an chéad uair acu le bás nua a chur ar an taifead le cúig lá anuas.

Ceithre chás nua den ghalar a deimhníodh.

2,233 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,695 duine ó dheas den teorainn agus 538 ó thuaidh di.

30,053 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,231 cás ó dheas den teorainn agus 4,822 cás ó thuaidh.

Fág freagra ar 'Tá sé in am an port faoi mhascanna a athrú ó ‘ba chóir duit go dtí is gá duit’ – an WHO'