Féile Scannán Éireannach Londan 2022
Is íomhá thábhachtach an fáinne I saothar an fhile Paul Muldoon ach ní chaitheann sé aon fháinne ar a chába – mar a rinne Oscar Wilde leis an mbláth, mar shampla. Ach cé nach gcaitheann sé fáinne, tá sé soiléir ón scannán faisnéise nua faoina shaol, Paul Muldoon: Laoithe is Liricí, go bhfuil Gaeilge líofa aige agus go bhfuil an teanga neadaithe i gcroílár a fhéiniúlacht mar fhile, ina liricí agus sa tsamhlaíocht iontach atá aige.
Ag tús an scannáin cuireann sé in iúl dúinn gur trí Ghaeilge a thosaigh sé ag cumadh na filíochta agus é ina ghasúr i bPort an Dúnáin. Ní labhraíonn sé aon Bhéarla sa scannán. Déanann a dhánta, i mbéal daoine eile, an obair sin dó.
Tá tagairt d’fháinne de shaghas eile sa dán ‘The Sightseers’ a thuill clú dó i dtús a shaoil. Insítear dúinn sa dán faoi thuras teaghlaigh chun radharc a fháil ar ‘the brand-new roundabout at Ballygawley, the first in mid-Ulster’.
An t-aisteoir Ruth Negga a insíonn an scéal dúinn faoi conas a d’fhág na B-Specials ‘fáinne’ ar chlár éadain uncail an fhile.
Agus Negga á léamh cloisimid Pat ag insint scéal dúinn faoin uair ar sháigh na B Specials gunna i gcoinne a éadain agus é ag rothaíocht trí Bhaile Uí Dhálaigh. Scriosadar an rothar, cuireadh iachall air ar ‘An Sash’ a chanadh agus an Pápa a dhamnú. D’éalaigh sé abhaile agus lorg fháinne an phiostail fós ar a aghaidh.
Fáinne fí na Trioblóidí atá faoi chaibidil in ‘The Sightseers’. An tréimhse lán bróin a spreag dánta loiscneacha ó phinn na bhfilí Ultacha, an scoil filíochta as ar tháinig Muldoon. Níor fhan sé ann áfach – is léir go raibh ‘sightseeing’ ar a intinn aige.
Is fada ó Bhaile Uí Dhálaigh an scannán seo i bpictiúrlann le hais Piccadilly Circus agus a dhánta á léamh agus a liricí á gcanadh ag scoth-ealaíontóirí an domhain chun a lá breithe (tá seachtó sáraithe aige) a cheiliúradh. Roghnaíodh Laoithe is Liricí le bailchríoch a chur le Féile Scannán Éireannach Londan 2022. Scannán dátheangach ag féile ina raibh scannáin Ghaeilge chun tosaigh.
Sular thosaigh an taispeántas, labhair an stiúrthóir Alan Gilsenan leis an lucht féachana. D’admhaigh sé go raibh iontas air féin nuair a dúirt Muldoon leis gur as Gaeilge amháin a labhródh sé sa scannán. ‘Ní raibh a fhios agam nuair a thosaíomar ar an project go raibh Gaeilge aige ina chuid scríbhneoireachta.’
Ach is féidir le gobadán seo na filíochta an dá theanga a fhreastal go beacht. Agus mar bharr air sin. tá Muldoon breá ábalta fabhar sa chúirt agus duaiseanna a thuilleamh ar dhá thaobh an Atlantaigh.
Is iomaí sin onóir atá bronnta air agus bhí an baol ann nach mbeadh sa léiriú seo ach taispeántas taibhseach de dhaoine mór le rá ag tabhairt ómóis dó. Seo chugainn iad duine ar dhuine, dánta Muldoon á léamh acu agus liricí Muldoon á gcanadh acu – Van Morrisson, Ruth Negga, Paul McCartney, Paul Simon, Run-DMC agus Bono, ina measc.
Is mar fhear litríochta ba mhaith leis an bhfile go smaoineofaí air agus bíodh is go bhfuil an cháil ar chuid dá shaothar go bhfuil sí casta, tá bua iontach simplí éifeachtach aige focail, ceol agus mothúcháin a chur le chéile chun scéal a insint, nó amhrán a rá.
D’fhéadfadh gurb í an Ghaeilge féin an réalta is mó sa scannán seo agus san fhéile go léir i mbliana. Deir Muldoon linn le bród gur as Gaeilge a thosaigh sé ag scríobh. Cé gur i mBéarla a bhain sé clú amach mar fhile is ar an nGaeilge atá sé ag iompú arís le tamall agus é ar thóir na hinspioráide.
Agus is leis an nGaeilge a mheallann sé isteach muid ina shaol oibre – le cabhair fotheideal nó focal. Murach gur as Gaeilge a bhíonn sé ag caint, tá seans nach mbeadh sa scannán ach seanbhróg chaite de ‘boomer’ cáiliúil agus a chairde clúiteacha. Ach d’oibrigh Muldoon mar stiúrthóir don BBC i mBéal Feirste i rith na tréimhse ba mheasa de na Trioblóidí agus tuigeann sé gurb ionann go minic an teanga agus an teachtaireacht.
Cén teachtaireacht a bhí le fáil ó úsáid na Gaeilge ag féile scannán Éireannach Londan 2022? Tá an-ghradam bainte amach ag scannáin Ghaeilge Cine4 ar an stáitse idirnáisiúnta le tamall, scannán amhail An Cailín Ciúin, Arracht, Róise agus Frank agus Foscadh. Tá bua sa teanga agus daoine ag caint fúithi. Ach cén meas atá ar an teanga ag na ‘daoine ar an taobh istigh’ in earnáil na scannánaíochta; na treibheanna a mbraitheann na féilte scannán agus tionscal na scannánaíochta orthu?
Agus mé ag éisteacht leis na díospóireachtaí sna ceardlanna agus sna fóraim phlé ag an bhféile, bhí tuairimí éagsúla á nochtadh, idir an t-iontas, an searbhas agus an mhíthuiscint. Cloiseann tú fós na sean-nathanna: ‘Maybe we had it beaten into us for a reason?’.
Ní piostal í an Ghaeilge atá dírithe san éadan ar aon duine. Laoithe is liricí atá inti agus ag deireadh an lae níl aon rúndiamhair mhór ag baint léi. Ba chóir go mbeadh bealach isteach inti ag gach ealaíontóir, bíodh sin le fotheideal nó le fáinne. Ar a laghad tá sé soiléir go dtuigeann an file as Ard Mhacha an méid sin.
Caitlín Nic Íomhair
Tuairisc álainn! Ag súil go mór leis an scannán a fheiceáil, agus le saothar Gaeilge Muldoon a léamh amach anseo fosta!