Tá náire ar an Aire Sláinte, ach gníomh atá ag teastáil ó leithéidí Megan Halvey-Brow

Ní 'náire' ach gníomh atá de dhíth ar gach othar atá ar liosta fada feithimh

Tá náire ar an Aire Sláinte, ach gníomh atá ag teastáil ó leithéidí Megan Halvey-Brow

Megan Halvey-Brown

Tá Megan Halvey-Brown trí bliana déag d’aois. Tógann sí pianmhúcháin gach lá, ach ceileann síorlúbadh a droma mar gheall ar scoliosis ghnáthshaol déagóra uirthi. Bhí na pianta ina droim chomh géar ó thús na bliana nach ndeachaigh sí ar scoil fós i mbliana.

Is beag duine a chonaic an clár teilifíse Living On The List ar RTÉ Dé Luain nach gcuimhneoidh ar feadh i bhfad ar aghaidh agus ar fhulaingt an chailín óig as Luimneach, agus ar an gceist a chuireann sí go minic ar a máthair Sharon.

‘I was told surgery can fix me, so why can’t it be done?

Chuir scéal Megan agus scéal na n-othar go léir a chonacthas ar an gclár náire ar an Aire Sláinte Simon Harris, agus ar mhórán eile. D’fhógair sé sa Dáil an lá dár gcionn go n-osclófaí obrádlann nua in ospidéal na bpáistí i gCromghlinn chun freastal ar 194 othar le scoliosis.

Faraor, tá a fhios ag cách go ndearna Living On The List cur síos ar fhadhb atá i bhfad níos doimhne ná géarchéim a d’fhéadfaí a leigheas le hobrádlann nua anseo nó breis foirne ansiúd. Ach teastaíonn leigheas éigin láithreach uainn go léir, polaiteoirí san áireamh.

Sa Dáil Dé Máirt, chuir Micheál Martin ceist ar an Taoiseach faoin bhfáth gur cuireadh feidhmiú na Scéime Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) ar athlá in 2011. Ní raibh othair ag fanacht ar chóireáil an uair sin, dar leis, ach ar feadh idir trí agus sé mhí.

Creid nó ná creid é, níor thug Enda an freagra a d’fhéadfaí a thabhairt (go raibh an tír bancbhriste in 2011 mar gheall ar mhífhreagracht Fhianna Fáil srl). Léirigh seachaint an ghnáth-achasáin nach gnáthcheist a bhí á freagairt ag an Taoiseach ach ceann a bhain le cúis náire níos mó.

Gan amhras, déanfaidh an rialtas agus Feidhmeannacht na Seribhíse Sláinte (HSE) a ndícheall sna laethanta atá romhainn chun liostaí feithimh a chiorrú. Cuirfear breis airgid ar fáil d’fheidhmeannaigh an NTPF chun obráidí agus cóireáil sna hospidéil phríobháideacha a thairiscint d’othair phoiblí. Fógrófar corrbheartas eile.

Ach ní léir do dhuine ar bith cé mar a bheadh rialtas ar bith ábalta córas ar dhá chéim (príobháideach agus poiblí) a mhaoiniú ar dhóigh a chuirfidh cóireáil gan mhoill ar fáil do chách.

An dea-scéala? Tá leagan amach agus riaradh na seirbhíse sláinte á phlé le tamall ag coiste uilepháirtí Oireachtais faoi chathaoirleacht Róisín Shortall. Beidh baill an choiste i mbun fiosraithe agus díospóireachta ar feadh trí mhí eile, ach thugadar le fios i dtuairisc eatramhach go raibh siad ar aon tuairim faoi phrionsabal amháin.

Ba chóir an tseirbhís sláinte a reáchtáil ar bhonn chothrom uilíoch, a dúirt siad.

Beidh caiteachas breise agus foireann níos mó riachtanach chun córas dá leithéid a chur ar bun.

An drochscéala? Shocraigh an coiste le gairid nach ndéanfaí meastachán ina dtuairisc iomlán faoin gcaiteachas breise a bheadh riachtanach chun a moltaí a chur i bhfeidhm. Ní raibh faisnéis ná dóthain ama acu, a dúirt siad, chun meastachán a dhréachtú.

B’fhéidir go mbeidh rath ar shaothar an choiste ainneoin ceist chomh mór a bheith curtha i leataobh acu.

Ach tar éis faillí gach rialtas le scór bliain, tá an chúis imní soiléir.

Tá Megan ag fanacht ar dháta obráide.

Tá breis agus leathmhilliún othar eile ag fanacht ar chóireáil cheart chothrom.

Tá an riachtanas ag méadú i gcónaí.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon

Fág freagra ar 'Tá náire ar an Aire Sláinte, ach gníomh atá ag teastáil ó leithéidí Megan Halvey-Brow'

  • Derry

    Is trua an rud é, ach – feictear arís is arís eile – ní chuirtear freagrachtaí i bhfeidhm gan “soilsiú” ná n-iriseoirí. Míle buíochas leo.