Tá na meáin in iomaíocht lena chéile sa Bheilg, an scúp de dhíth orthu thar aon ní eile…

Dé Domhnaigh seo caite rinne buíon náisiúnaithe a mbealach go dtí Place de la Bourse i lár na Bruiséile. Ba dhíol suntais an láimhseáil a rinne na meáin ar an scéal…

brussels-attack

Sa bhliain 2003 bhí mór-roinn na hEorpa faoi ionsaí ag namhaid eile: an teaspach.

Sa Fhrainc féin, cailleadh 20,000 duine leis an teas. Bhí an scéal i mbéal an phobail agus iriseoirí ag baint bairr dá chéile chun trácht ar na híospartaigh a leagadh. Na seanóirí agus na páistí ba mhó a bhí i gcontúirt, de réir na dtuairiscí.  In alt faoi leith sa Monde rinneadh plé ar chás an ainmhí. Agus ansin níos iontaí fós, bhí scéal ann faoi bhás chrann darach Marie Antoinette (crann a raibh breis is 300 bliain sáraithe aige). Is breá le hiriseoirí an rud is annamh. Ar chuma éigin, chuir cuntais na meán ar imeachtaí na seachtaine seo caite sa Bheilg an tsraith sin alt i gcuimhne dom.

Dé Domhnaigh seo caite rinne buíon náisiúnaithe a mbealach go dtí Place de la Bourse i lár na Bruiséile, áit a bhfuil scrín na mbláthanna agus na gcoinnle. Tharla achrann idir an buíon sin agus an slua a bhí cruinnithe os comhair na scríne ag déanamh bróin. Díol suntais an cur síos ar an eachtra sna meáin.

I dtús báire cérbh iad féin, na céilí comhraic? Ar thaobh amháin, dar le foinse amháin, bhí na náisiúnaithe (ultras) ag béiceadh in ard a ngutha: ‘Is linne an tír seo’. Nó an amhlaidh gur amhais an tsacair a bhí i láthair, faoi mar a mhaígh CNN?

An mó acu a bhí ann, dáiríre?

Scata, dar le foinse áirithe. Cúpla céad duine (CNN). 450 duine (figiúr lom), dar le RTL. Agus céard mar gheall ar an dream a chur ina n-aghaidh? Na liobrálaithe (a deir CNN). Cuireadh duine de na ‘liobrálaithe’ sin faoi agallamh. Shín sé a mhéar i dtreo na mbláthanna a ndearna na maistíní iad a shatailt agus dúirt, na deora leis, ‘níl bun ná barr leis seo – fágadh m’iníon gan chosa’. Is léir go n-imríonn cúinsí éagsúla tionchar ar rogha an iriseora, i gcás dá leithéid.

Faoi mar a deir an socheolaí Pierre Bourdieu: ‘Nuair a fhéachann an t-iriseoir d’aon turas leis an rud neamhghnách a chur chun cinn, bhíonn éifeacht an-mhór ag an méid sin féin ar chúrsaí polaitíochta – tá sé chomh suntasach leis an treoir dhíreach ón bpolaiteoir, nó leis an gcaoi go gcuireann sé bac ar a pheann féin ar eagla a gcoinneáil amach.’

Bíonn cumhacht as cuimse ag an íomhá eisceachtúil. Is beag suim, mar shampla, atá ag an bpobal i ngruaim agus i leimhe an tsaoil ó lá go lá sna fobhailte (Molenbeek sa Bruiséil agus a macasamhail sa Fhrainc, Roubaix agus Argenteuil, mar shampla). Is lú fós an fonn a bhíonn ar na hiriseoirí an radharc sin a chur os ár gcomhair. Deir Flaubert go minic: il faut peindre bien le médiocre – is gá an gnáthrud a léiriú go cumasach.

Tá na meáin in iomaíocht lena chéile. An scúp de dhíth orthu thar aon ní eile. Go minic ní bhíonn na cuntais ag teacht lena chéile, ó stáisiún go chéile. Ach níos minicí fós is é an port céanna a bhíonn acu uile go léir. An fhaisnéis chéanna ag dul timpeall; sciar an mhargaidh agus an ‘seo anseo muid’ mar shlat tomhais ag máistrí na faisnéise. Uaireanta eile ceiltear an fhírinne leis an mbladhradh eolais. Mar a deir carachtar de chuid Naguib Mahfouz: ‘Cloisim gach rud is ní chloisim rud ar bith’.

Ní bheidh an scéal ar fad againn riamh, dar ndóigh, ach is fiú machnamh a dhéanamh i gcónaí ar conas mar a ghintear an scéal. Ní hiad na bráithre amháin a bheathaítear ag an mbriathar.  Ní mór d’iriseoirí meas a bheith acu ar an bpobal agus cuimhneamh ar a raibh i ndán do Marie Antoinette bhocht, gan trácht ar a crann darach.

Fág freagra ar 'Tá na meáin in iomaíocht lena chéile sa Bheilg, an scúp de dhíth orthu thar aon ní eile…'