Tá mo chairde in Éirinn ag iarraidh mo bharúilse – níl faic le dealramh is féidir a rá

Agus ár gcuid ráite againn, táimid ag fanacht inár dtost go bhfeicfimid cinniúint ár dtíre

Tá mo chairde in Éirinn ag iarraidh mo bharúilse – níl faic le dealramh is féidir a rá

Agus deireadh ag teacht le téarma uachtaránachta arbh í an áibhéil a bhí i réim lena linn, ní raibh aon fhocal fágtha againn ba chuma céard a tharlódh sa toghchán.

Aon Daonlathach a gcuirfeá ceist air agus an 3 Samhain ag teannadh linn, an freagra céanna a gheofá, ‘tá an chuma air go mbeidh an lá le Biden agus beidh gach rud ina cheart an 4 Samhain… ach ar ndóigh cheapamar an rud céanna cheana.’

Cruthúnas an 103 milliún Meiriceánach a raibh vóta caite acu roimh lá na vótála – tríd an bpost nó thrí chóras luathvótála an stáit – gur thuig gach uile dhuine go raibh an toghchán seo an-tábhachtach. Ní hionann agus 2016 níor ghlac aon Daonlathach leis go mbuafaidís gan stró agus is maith a thuigeadar an fíbín a bhí ar lucht tacaíochta Trump.

Bhí difríocht eile le feiceáil freisin, rinne Biden a mhíle dícheall na dearmaid a rinne Hillary Clinton a sheachaint. Ceapadh le feachtas Clinton go leanfadh lucht leanúna Bernie Sanders í go sásta, rud nach ndearna. Rinne Biden láíocht go leor ar lucht na heite clé agus rinne sé iarracht vóta na Meiriceánach Laidineach a bhíodh ag Sanders a mhealladh chuige féin.

Mar sin féin is mairg a déarfadh fós cé chomh cosúil agus a bheidh 2020 le 2016.

Agus seo á scríobh agam tráthnóna Dé Céadaoin, tá Biden fós chun cinn ar éigean in Michigan, Wisconsin agus Nevada. Dá n-éiríodh na trí stát sin leis bheadh 270 vóta coláiste aige agus é ag déanamh ar an Teach Bán.

Ach tá ród fada romhainn agus níos lú ná 1% le cois aige agus bagairt déanta ag Trump go rachaidh sé chun cúirte faoin toradh.

Díreach mar a tharla in 2016, tá an chuma air nár thug na pobalbhreitheanna a ceart don tacaíocht a bhí ag Trump.

Bhí an chuid is mó againne sa bPáirtí Daonlathach ag súil le bua in Florida mar go gcinnteodh sé sin bua dúinn luath san oíche agus bheadh cead codlata againn. Nuair nár tharla sin níor chailleamar ár misneach agus cuma mhaith orainn in Ohio agus muid chun cinn in North Carolina.

Faoi mhaidin in olcas a bhí cúrsaí agus muid ligthe síos ag na stáit luaineacha sin nár shéid inár dtreo agus gan barúil dá laghad againn an gcúiteodh na vótaí poist an easpa sin linn.

Meiriceánach mise agus le 24 uair an chloig tá mo chairde in Éirinn ar WhatsApp chugam ag iarraidh mo bharúilse. Is é fírinne an scéil gur beag atá le rá agam.  Nuair a chuimhníonn tú go raibh cúrsaí polaitíochta i Meiriceá le ceithre bliana “ar fheabhas an tsaoil”  nó “níos measa ná a bhí riamh”, ag brath ar fhear inste an scéil, níl faic le dealramh is féidir a rá.

Tá aiféala orm nár dhiúltaigh Meiriceá do Trump mar a shíl mise a dhéanfadh agus tá faitíos orm go mbeidh sé ceithre bliana eile ina uachtarán, bíodh sin le vóta an phobail nó ar bhealach mímhacánta éigin eile.

Tá mé féin ar dhuine den 50.2% de Mheiriceánaigh a vótáil agus atá anois ag fanacht go mbeidh mapa an toghcháin socraithe. Agus ár gcuid ráite againn, táimid ag fanacht inár dtost go bhfeicfimid cinniúint ár dtíre.

– Scríbhneoir é Ryan Dennis agus beidh a úrscéal The Beasts They Turned Away, á fhoilsiú sa Mhárta.

Fág freagra ar 'Tá mo chairde in Éirinn ag iarraidh mo bharúilse – níl faic le dealramh is féidir a rá'

  • An Teanga Bheo

    ná dearmad laochra Gaeil go mormhor sa gcondae o dheas