Ar an 11ú lá den mhí seo chugainn a thiocfas deireadh le téarma Mhichíl D. Uí Uigínn mar Uachtarán ar an tír seo. Deir sé nach mbeidh aon aiféala air aghaidh a thabhairt ar ais ar an mbaile tar éis dó 14 bliain a bheith caite aige san Áras i bPáirc an Fhionnuisce.
Ní hé a leithéid de phort a bhíonn ag chuile Uachtarán ar imeacht dóibh. Chonaic muid cuid acu ar deacair leo glacadh leis an scéal. Tá siad ann a thug faoi coup d’état go hoscailte, tuilleadh fós a chuir a leithéid i bhfolach trí chásanna cúirte agus líomhaintí faoi chaimiléireacht.
Tharlódh ar ndóigh nach mbeadh ann ach go mbeadh an Uachtaránacht is airde dá bhfuil againn fágtha ina dhiaidh ag Micheál D. nuair a bhronnfaí post den chineál céanna air nuair a fhillfidh sé ar Chathair na dTreabh. Más amhlaidh a bheidh, is é an dara tréimhse freisin ansiúd é. Nó go mb’éigean dó éirí as nuair a fuair sé an onóir ab airde in 2011, ba é a bhí ina Uachtarán ar Chumann Sacair Ghaillimh Aontaithe. Tá mé ag dul amú nó beidh chuile fhonn orthu siúd a stiúrann cúrsaí i dTír Oileáin an cháilíocht sin a thabhairt ar ais dó.
Go fiú go bhfuil rosc catha an Uachtaráin cumtha agam dó cheana féin. MUGA. (‘Make United Great Again’)!
Gnaithí atá i bhfad níos tábhachtaí, níos tromchúisí agus níos meabhraí ná spórt a thuill cáil don Uachtarán. Tharlódh go mbeadh cuid agaibh den tuairim nach raibh aon bhaint aige leis sin seachas a bheith ag siúl amach ar Pháirceanna an Chrócaigh agus Bhóthar Lansdúin le lámh a chroitheadh leo siúd a bhí páirteach san imirt a bhí ar tí tosaí.
Bheadh dul amú oraibh. Tá suim nach beag ag an 9ú hUachtarán de chuid na tíre seo sa spórt. Mar a rinne Mary Robinson agus Máire Mhic Giolla Íosa roimhe, d’fháiltigh seisean freisin roimh réimse mór aicmí ag doras Áras an Uachtaráin, agus níor loic sé ó thaobh spóirt de.

Lúthchleasaithe Oilimpeacha den uile ghrád; Lúthchleasaithe aeracha; Peileadóirí agus Iománaithe CLG de gach inscne; Foireann Sacair na hÉireann 1990; oibrithe deonacha atá mar chrann taca ag Cumainn Shraith Sacair na hÉireann; Galfairí, Dornálaithe, Lúthchleasaithe trasphlanduithe. Níl ansin ach liosta gairid samplaí.
Cúpla seachtain ó shin fuair criú an phodchraoladh spóirt Second Captains cuireadh chun an Árais agus ba shuimiúil an cuntas a thug an tUachtarán do Chiarán Murphy agus Eoin McDevitt ar an tionchar a bhí ag an spórt ar a shaol féin.
An bealach a meallann an iomaíocht an pobal fré chéile le dul amach agus freastal ar chluichí agus ar imeachtaí eile an ghné is ansa leis faoin spórt, a dúirt sé. Is mór leis freisin an bealach a dtugann sin daoine le chéile agus an chaoi a spreagann sé an mórtas cine eatarthu. Cuimsíonn sin meon pobail seachas meon aonair, dar leis.
Is é an peaca nach raibh na hasail a bhí ag grágaíl i Bethpage Black ag Comórtas Chorn Ryder an deireadh seachtaine ar an tuairim chéanna, ach sin scéal eile.
I mBaile Uí Chárthaigh i gContae an Chláir a tógadh Micheál D. Ó hUigínn ón am a raibh sé 5 bliana d’aois. Thiocfá tríd an mbaile fearainn ag taisteal duit ar an traein a thabharfadh as Gaillimh go Luimneach thú – mórán leath bealaigh idir Cora Chaitlín agus Droichead Abhann Ó gCearnaigh.
Ceantar láidir iomána é. B’in é an cluiche a bhíodh i gclós na scoile náisiúnta aon seomra i mBaile Uí Chárthaigh agus ina dhiaidh in Inis, áit ar chaith sé dhá bhliain ina scoláire cónaithe i gColáiste Fhlannáin agus na trí cinn eile ag taisteal 27km ar a rothar chomh fada leis siúd agus abhaile tráthnóna, cúig lá na seachtaine.
D’fhágfadh sin crua, miotalach é, ach mar is léir d’aon duine a leag súil ariamh air, ní raibh an airde ann a theastaigh i gcluiche na fuinseoige. Ní bhíodh aige ach breathnú ón taobhlíne ar fhoireann Sóisear B a pharóiste agus iad i mbun traenála i ngort lena uncail Peadar. Eisean agus a bhean a thóg Micheál D. nuair a bhásaigh a athair.
An t-éacht spóirt ba mhó a bhain leis le linn a óige gur imir sé cluiche liathróid láimhe in aghaidh ógánach eile a raibh Pat Kirby mar ainm air sa bpinniúir i gCora Chaitlín. Comórtas do bhuachaillí scoile a bhí ann a bhí urraithe ag Gael Linn. Rinne sé go maith i dtús na himeartha ach ina dhiaidh sin fuair sé greasáil ón lead óg as Tuaim Gréine.
Má tá eolas dá laghad ar an liathróid láimhe agat, ní gá tada eile a rá. Ach mura bhfuil beidh tuiscint an scéil agat nuair a déarfas mé leat gur bhuaigh an t-ógánach a thug an greadadh don Uigínneach i gCora Chaitlín i dtús na 1950idí Craobh na hÉireann 16 uair agus Craobh an Domhain 3 huaire ina dhiaidh sin.
Ina dhiaidh sin arís a chuir Micheál D. suim sa sacar. Tugadh áit do Luimneach i Sraith na hÉireann i 1937 agus ba mhinic leis a bheith ar cúlóg Honda 50 a bhí ag cara dá chuid agus iad ag tabhairt aghaidh ar Pháirc an Mhargaidh sa gcathair sin.
Fágfaidh mé an ceangal spórt is cáiliúla de chuid an Uachtaráin go deireadh. Sa mbliain 2013 agus i dtús a chuid ama san Áras, bhronn Comhairle bhaile na hInse saoránacht na háite sin air. Níor tugadh an onóir d’aon duine ina dhiaidh siocair gur cuireadh deireadh le córas na gcomhairlí baile. Aon síniú amháin eile a bhí ar an leabhar nuair a chuir Micheál D. Ó hUigínn a ainm leis – Muhammad Ali a ghlac leis an onóir in 2009. Ba as Inis a shin-seanathair Abe Grady.
Marcas Ó Murchú
Alt sainiúil, eolgaiseach ar fhear a bhfuil an-chuid buanna ann. Físiúil agus fadradharcach atá an tUiginneach, gan amhras, ach buíochas as a chúlra spóirt a thabhairt le fios, a Mhártain. Molaim sin.