Tá gá le díospóireacht eagraithe ar thodhchaí pholaitiúil an oileáin

B’fhiú díospóireacht a bheith ann faoin oileán críochdheighilte seo ach gach rogha a chur san áireamh 

Tá gá le díospóireacht eagraithe ar thodhchaí pholaitiúil an oileáin

Bíonn toradh gan choinne uaireanta ar athrú polaitiúil, mar atá faighte amach ag an DUP.

Is é neartú an aontais idir Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain príomhaidhm an pháirtí sin.

Ní hé neartú an aontais, áfach, ach a mhalairt atá bainte amach acu ó thosaigh siad ag moladh an Bhreatimeachta.

Thug Boris Johnson droim láimhe gan choinne leo agus margadh Breatimeachta á dhéanamh aige leis an AE faoina mbunófaí córas nua rialála agus seiceála idir an Tuaisceart agus an chuid eile den Ríocht Aontaithe. Ó shin i leith, tá an ‘teorainn i Muir Éireann’ á cáineadh ag an DUP agus ag aontachtóirí eile.

Is géire agus is dainséaraí don DUP athrú eile atá curtha chun cinn acu in aghaidh a dtola. Tá méadú de réir a chéile ag teacht ar an gcéatadán den phobal ó thuaidh a deir go vótálfaidís i bhfabhar aontú na tíre dá reáchtálfaí reifreann ar an gceist.

Is i bpobalbhreith a d’eagraigh an Tiarna Ashcroft dhá mhí ó shin a shroich an tacaíocht ó thuaidh d’aontú na tíre an leibhéal is airde fós. Dúirt 46% go mbeidís ar a shon agus 45% ina choinne (nó 51% ar a shon agus 49% ina choinne nuair a cuireadh vótóirí nár léirigh aon tuairim as an áireamh).

Ní foláir a bheith cúramach agus na figiúirí thuas á meá, ar thrí chúis: 

1. Níor léirigh aon phobalbhreith eile fós go mbeadh móramh ó thuaidh i bhfabhar athaontú na tíre.

2. Tá an ghnáthlamháil earráide i gceist le pobalbhreith Ashcroft (+/- 3%).

3. Ní bheidh na tuairimí ó thuaidh ar aontú na tíre seasmhach go léireofar tionchar an Bhreatimeachta.

Sin ráite, is léir cheana féin go bhfuil an chaint ar athaontú na tíre ag dul i dtreise mar gheall ar an mBreatimeacht. Ní hionann sin agus a rá gur athaontú a theastóidh ón móramh nuair a thiocfar, nó thiocfar, ar réiteach iomlán ar chás an Bhreatimeachta. Ach ní féidir agus ní cóir neamhshuim a dhéanamh den athrú toisc go mb’fhéidir nach mairfeadh sé.

Tá sé ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar, ag ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin, agus ag scata polaiteoirí eile i dTeach Laighean, taobh amuigh de Shinn Féin, nach dteastaíonn reifreann uathu go luath ar cheist na teorann. Ach tá rogha eile a bhaineann le hábhar molta ag breis agus míle saoránach, thuaidh agus theas, a shínigh an litir oscailte (a scríobhadh i nGaeilge agus i mBéarla) a chuir an grúpa ‘Ireland’s Future’ chuig an Taoiseach Dé Luain. 

Bhí achoimre ar iarratas na litreach san alt deireanach, inar dúradh:

“Iarraimid ar an Rialtas Tionól Saoránach a bhunú chun tuairimí saoránach thuaidh agus theas a léiriú; sin nó Fóram a bhunú inar féidir an todhchaí a phlé chomh maith leis an dóigh chun an chomhthoil is mó a bhaint amach faoin bhealach chun cinn.” 

Tabhair faoi deara nach plé ar aontú ach ar “an todhchaí” atá an grúpa a mholadh. Tá sé ionann agus cinnte nach ngéillfidh an rialtas go luath dá n-iarratas. Déarfar, má thagann freagra díreach ón rialtas, nach mbeadh bunú tionóil dá leithéid cuí ná ciallmhar agus cúrsaí an Tuaiscirt chomh corraithe sin mar gheall ar Bhreatimeacht.

Neartóidh an fhearg atá ar an DUP agus ar aontachtóirí ó rinne Johnson margadh leis an AE neamhthoil an rialtais.

Ach má léiríonn a thuilleadh pobalbhreitheanna ó thuaidh tacaíocht d’aontú, nó do chomhaontú nua uile-Éireannach de chineál éigin, rachaidh sé dian ar an rialtas an chluas bhodhar a thabhairt dóibh. 

Cá bhfios cén toradh a bheidh ar chrith talún polaitiúil an Bhreatimeachta ó thuaidh? Cé go bhfuil drogall an rialtais intuigthe, is léir an tairbhe a bhainfí as díospóireacht agus dianmhachnamh ar na roghanna atá á moladh.

Ní bheadh aon cheangal ar an rialtas na moltaí a chuirfeadh tionól faoina mbráid a chur i bhfeidhm toisc gur faoi ionadaithe tofa a bheadh sé cinneadh faoin gcéad chéim eile a dhéanamh agus go gcaithfí cinneadh ar bith a phlé le rialtas na Breataine.

Idir an dá linn, ba chóir do gach páirtí i dTeach Laighean machnamh a dhéanamh ar ghnéithe de scéal an Tuaiscirt nach n-athróidh go ceann i bhfad.

Tá go leor aontachtóirí imníoch agus corraithe mar gheall ar an margadh a rinne Johnson leis an AE, socrú a léirigh neamhshuim chomh hoscailte ina gcás. Ní bheidh rath ar thionscnamh nua polaitiúil ar bith mura ndéanann an dá rialtas iarracht imní na n-aontachtóirí a mhaolú.

Ní bheidh saol na polaitíochta sa Tuaisceart socair ná seasmhach go mbeidh dlúthchaidreamh agus comhoibriú idir na rialtais i Londain agus i mBaile Átha Cliath i réim arís.

Ní leor reifreann chun bunfhadhb Thuaisceart Éireann a réiteach. Tá, agus beidh ar feadh i bhfad, pobal Éireannach ó thuaidh chomh maith le pobal Briotanach.

Tá difríocht mhór mar sin idir cúrsaí an oileáin chríochdheighilte seo agus an Ghearmáin, áit a mbeidh leagan Bhalla Bheirlín tríocha bliain ó shin á cheiliúradh ag an deireadh seachtaine.

Ní fheicfear áthas dá leithéid abhus go ceann i bhfad.

Fág freagra ar 'Tá gá le díospóireacht eagraithe ar thodhchaí pholaitiúil an oileáin'