Tá fáil ar TG4 in óstán an Oireachtais, a deir lucht an óstáin le Tuairisc.ie

Bhí cúpla duine de lucht freastail an Oireachtais le cloisteáil ag gearán nach raibh aon teacht ar TG4 i seomraí an Citywest ach dúirt duine de bhainisteoirí an óstáin le Tuairisc.ie tráthnóna go mba cheart go mbeadh TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta araon ar fáil sna seomraí

 

 

TG42

Deir lucht bainistíochta Óstán an Citywest go bhfuil TG4 agus Raidió na Gaeltachta le fáil ar theilifíseáin na seomraí san óstán. Dúirt urlabhraí an Óstáin le Tuairisc.ie go bhfuil teacht ar an dá stáisiún ar bhealaí a 2 agus a 5 faoi sceach.

Ní raibh teacht ar an stáisiún i roinnt de na seomraí agus rinne cúpla duine clamhsán faoi ar na meáin shóisialta.

Bhí cúpla duine de lucht freastail an Oireachtais le cloisteáil ag gearán freisin nach raibh aon teacht ar TG4 i seomraí an Citywest. Is é TG4 príomhurraí na féile agus tá ainm an stáisiúin le feiceáil ar fud na háite ar fhógraí agus ábhar eile poiblíochta. Dúirt Padhraic Ó Ciardha, Leascheannasaí TG4, go “mbeadh sé ag súil” go mbeadh an stáisiún ar fáil san óstán in iarthar Chontae Átha Cliath.

Dúirt duine amháin, nár mhaith leis go n-ainmneofaí é, gur tráthnóna inné a thug sé faoi deara ar dtús é.

“Tabhair giolla na leisce orm más mian leat agus nuair a chonac Siún Nic Gearailt agus foireann na Nuachta á bprapáil féin chun craoltóireachta tráthnóna inné, bhíos chomh tuirseach ag an am go ndúrt liom fhéinig go bhféachfainn ar an gclár ar an dteilifís sa tseomra. Nuair a chuas trís na cainéil ar fad, ní fhaca aon rian de TG4,” a dúirt an fear.

Dheimhnigh duine de bhainisteoirí an óstáin le Tuairisc.ie tráthnóna, áfach, go mba cheart go mbeadh TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta araon ar fáil sna seomraí agus mhol d’aon aoi de chuid an óstáin a bhfuil fadhbanna aige le teilifíseán i seomra an méid sin a chur in iúl d’fhoireann an fháiltiithe le go réiteofaí é.

Tá foirne TG4 agus Raidió na Gaeltachta i láthair ag Oireachtas na Samhna agus cláracha éagsúla á gcraoladh beo ón bhféile acu. Craoladh eagráin speisialta de Nuacht RTÉ agus Nuacht TG4 beo ó fháiltiú an Citywest agus déanfar Corn Uí Riada a chraoladh san oíche amárach

Fág freagra ar 'Tá fáil ar TG4 in óstán an Oireachtais, a deir lucht an óstáin le Tuairisc.ie'