Níor thóg sé ach lá amháin ar an lucht blocála smacht de réir a dtola a bhaint amach ar bhóithre na tíre.
Níor theastaigh ach dhá lá chun a thaispeáint go raibh an bonn bainte d’údarás an rialtais acu.
Tar éis trí lá bhí caidéil na ngaráistí ag dul i ndísc mar gheall ar bhlocáil scaglann ola an Gheata Bháin agus na lárionad dáileacháin ola i nGaillimh agus i bhFaing.
Fiú sular fhógair an Taoiseach Dé hAoine go raibh cuairt trádála a bhí beartaithe aige féin agus ag cúigear airí rialtais a thabhairt ar Cheanada Dé Domhnaigh curtha ar ceal, ba léir an dochar a bhí á dhéanamh ag an aighneas ar bhealaí éagsúla.
Ní leor réiteach ar bith leis an gcneá amhrais agus mímhuiníne a leigheas. Is treise an t-amhras go deimhin agus ardú dosheachanta ar phraghsanna ola á thuar fiú má chuirtear sos comhraic i bhfeidhm sa Mheánoirthear.
Thosaigh blocáil na mbóithre Dé Máirt. Thug an rialtas le fios go moch ar maidin Dé Céadaoin go gcuirfí an t-arm i mbun díbhlocála dá mba ghá. Ainneoin rabhadh moch maidine an Aire Dlí agus Cirt Jim O’Callaghan áfach níor facthas an t-arm in aon áit an lá sin (ach amháin feithiclí míleata a bhí ar a mbealach chun traenála) ná an lá dár gcionn ach oiread.
Thug James Geoghegan, conraitheoir talmhaíochta ó Bhealach an Tirialaigh i gContae na hIarmhí, a bhí páirteach i mblocáil Dhroichead Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath, le fios ar RTÉ oíche Déardaoin go mbeadh ionadaithe na mblocálaithe ag freastal ar chainteanna leis an rialtas Dé hAoine.
Bhí dúil na meán agus an phobail i gcainteanna ar bith chomh láidir nár pléadh an cheist íogair: ar chóir ‘ionadaithe’ a thabhairt ar dhaoine nach raibh ionadaíoch ar eagraíocht ná ar chumann ar bith?
Is ar Facebook agus ar TikTok a beartaíodh agus a fógraíodh blocáil na mbóithre. Ba léir sula i bhfad áfach nach raibh comh-aidhmeanna, gan trácht ar chomh-ionadaithe, ag na daoine a bhí páirteach.
Mar a léiríodh Déardaoin nuair a dhiúltaigh John Dallon, a d’eagraigh blocáil Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath, focal a rá ar chlár raidió faoi dhaoine a bhlocáil scaglann an Gheata Bháin agus na lárionaid dáileacháin ola i nGaillimh agus i bhFaing. Ní raibh sé ag labhairt ar a son, a dúirt Dallon.
Dúirt daoine éagsúla a bhí i mbun blocála gur laghdú ar cháin bhreosla a theastaigh uathu. D’iarr cuid acu laghdú nó cealú iomlán ar cháin charbóin. Dúirt daoine eile gur uasteorainn (nó ‘cap’ mar a thug siad air) ar phraghsanna breosla a theastaigh uathu – socrú a chiallódh, dá gcuirfí i bhfeidhm é, nach mbeadh smacht feasta ag an rialtas ar an méid a theastódh chun praghas na hola a choimeád faoin uasteorainn.
Fiú sula ndeachaigh an ghéarchéim in olcas, ba léir an chontúirt a bhí ag bagairt ar an ngeilleagar agus ar an gcóras polaitiúil. Ba léir chomh maith tosca nár chóir do rialtas ar bith ná do pháirtí polaitiúil freagrach ar bith a chur i leataobh agus comhréiteach á lorg acu. Seo cúig cinn:
- Ní féidir agus ní fiú comhréiteach casta a phlé le daoine neamheagraithe a bhíonn páirteach in ‘agóid’ arb í a príomhaidhm cur isteach ar dhaoine eile chun brú a chur ar an rialtas géilleadh dóibh. Go háirithe agus blocáil ar bun acu a chuireann stop ní hamháin le dáileadh ola ach lena hiompórtáil.
- Is féidir agus is fiú iarracht a dhéanamh teacht ar shocrú doiléir nó débhríoch a thugann deis do dhaoine a dtuairimí a nochtadh os comhair airí rialtais. Ní fiú leanacht le socrú dá leithéid áfach mura gcuirtear deireadh le blocáil na lárionad dáileacháin ola.
- Ní cóir don rialtas údarás a ghéilleadh ach ar feadh tamaill ghairid do dhaoine a mhaíonn go bhfuil ‘cead’ taistil tugtha acu do sheoladh soláthairtí ola áirithe nó d’úsáideoirí bóthair áirithe. Is faoin rialtas amháin cead taistil a shrianadh ar chúiseanna tromchúiseacha.
- Níl ciall le caint rialtais ar idirghabháil an airm in aighneas ar bith (a) sular léir riachtanas dosheachanta agus (b) sula mbíonn idirghabháil dá leithéid beartaithe nó tosaithe dáiríre. B’fhearr do Jim O’Callaghan a bheith ina thost go dtí mbeadh feidhm agus fáth lena ráiteas faoin arm.
- Ní raibh moladh Shinn Féin, Phobal Seachas Brabús agus Aontú don rialtas labhairt le lucht blocála na mbóithre ciallmhar ná freagrach toisc nár iarr siad ag an am céanna ar an lucht blocála na bóithre a oscailt. Mhol Páirtí an Lucht Oibre, na Daonlathaithe Sóisialta agus an Comhaontas Glas cainteanna ach mhol siad freisin go n-éireofaí as an mblocáil.
Ní raibh aon súil ag an rialtas roimh ré leis an ngéarchéim fuinnimh, ná tuiscint acu ar an gcumarsáid a thabharfadh le fios go dtabharfaí faoiseamh go luath do dhaoine a bhí i gcruachás. D’admhaigh Micheál Martin agus Simon Harris an chéad lá go raibh údair réasúnta míshásaimh ag mórán.
Ba léir faoi dheireadh na seachtaine áfach nach gan stró a thiocfaí ar réiteach réasúnta ar bhlocáil bóithre nuair nár chuir na blocálaithe an dochar a bhí á dhéanamh don tír san áireamh.
Fág freagra ar 'Tá dochar polaitiúil agus eacnamúil déanta ag aighneas an bhreosla agus mórcheachtanna le foghlaim dá bharr '