Nuair a fuair Críostóir Ó Floinn bás anuraidh in aois a 95 de bhlianta dó, déarfá gur dhóbair go raibh dearmad déanta air. Luimníoch láidir binnlabhartha nár staon ón gconspóid nuair a d’oir sin dó, agus a sheas an fód go diongbháilte ar son a phrionsabail féin agus na nithe ar chreid sé iontu.
Ba mhó de cháil a bhí air mar dhrámadóir, b’fhéidir, ná a chleachtadh in aon genre eile, cé gur beag ceann nár bhain sé triail as go cumasach is go héiritheach. Scríobh sé úrscéalta, gearrscéalta, aistí, drámaí don stáitse, don raidió agus don scáileán; dírbheathaisnéisí, beathaisnéisí i nGaeilge agus i mBéarla agus tá liosta den obair sin le fáil ar chúl an leabhair Éigse Saoil a d’fhoilsigh LeabhairComhar 2021.
Is é atá ann ná fómhar uile a chuid filíochta as ceithre chnuasach éagsúla dá chuid, iad curtha le chéile go slachtmhar is go hinléite is go clóshoiléir. Is de shuimiúlacht nach bhfuil siad leagtha amach go croineolaíoch, ná go deimhin i gcruth téamaí éagsúla, ach go díreach go léifí iad ar a son féin amháin. Is dóigh liom gur beart ciallmhar ba ea é sin, óir níl aon scamall eolais ag teacht idir tú agus taitneamh na filíochta féin. Agus mura bhfuil breall orm, ceann d’aidhmeanna na filíochta fós is ea taitneamh a thabhairt.
Agus thar aon rud eile, is file é Críostóir a thugann taitneamh duit. Tá áiteamh ina chuid dánta, agus argóintíocht go minic, agus soiniciúlacht, ach ritheann sé leat i gcónaí go bhfuil an fhilíocht in uachtar agus gurb í sin a mhórchúram.
Cé go bhfuil meascán d’fhoirmeacha véarsaíochta tríd an leabhar, tuigtear duit go bhfuil meas mór aige ar an véarsa traidisiúnta, ar an rann a bhfuil cruth cinnte aige, ar an leagan amach a bhfuil leagan amach na filíochta air. Fairis sin, is mór aige an áilleacht, áilleacht dúlra, áilleacht an tsaoil, áilleacht creidimh.
Cé a leomhfadh dán a scríobh inniu a mbeadh an teideal ‘Áilleacht’ féin air? Ní mór nach amach as ceárta na seanGhaeilge nó dánta de chuid na meánaoiseanna iad, abraimis, ‘Beag agus Mór’ nó ‘Cill Chaoi’ ina bhfuil macallaí á mbualadh orainn ón bhFiannaíocht, bíodh nach samhlófá gaiscí laochra leis an mbaile beag saoire samhraidh sin:
Aoibhinn bheith i gCill Chaoi,
Fírbhinn síneadh im aonar
I moch maidne Samhraidh
Ar bhruach camlinne feochan.
Ach is mó sin casadh agus cúinne sa chnuasach saoil saibhir seo. B’fhéidir nach bhfuil brí níos mó sna seantéarmaí, ach file clasaiceach is ea Críostóir Ó Floinn. Is é sin le rá, tá dúil aige ‘i ndéanamh’ na filíochta mar earra slán cruthdhealbhach, agus ní mór cuimhneamh gurb é an briathar is coitianta a úsáidtear sna lámhscríbhinní maidir le cumadh filíochta ná gur ‘déanadh’ iad. Más anuas ó neamh nó aníos as ifreann nó aniar ar an ngaoth a thagann an tinfeadh, ní foláir don fhile an dán ‘a dhéanamh’.
Críostóir Ó Floinn, údar ildánach breis is 60 saothar, ar shlí na fírinne
Uaireanta, ba dhóigh leat nárbh aon stró dó an gníomh tógála seo, ach ar éigean é. Níl ann ach go mbíonn an cheardaíocht gan cháim nuair a chuireann sé chuige ionas go bhféadfaí, mar shampla, ‘Suantraí’ a cheol mar shuantraí, nó go bhféadfadh na Wolfe Tones bailéad den scoth a dhéanamh as ‘Fallaí Luimnigh’ ach an ceol ceart a chur leis, agus Gaeilge a bheith acu.
Ní hionadh sin, b’fhéidir, óir deir sé linn ina eagrán de Filí na Máighe/The Maigue Poets (Obelisk Books, 1995) gur d’fhonn iad a cheol a chuir sé na haistriúcháin Bhéarla leis an nGaeilge; agus is fíor go bhféadfaí sin a dhéanamh go binn, seachas b’fhéidir leis an olagón a ghabhann le ‘Slán Cois Máighe’ a chuidigh leis an imirce níos láidre ná bochtanas ar bith.
B’ionadh liom riamh nach raibh sciar maith dá chuid filíochta ar chúrsaí scoile agus léinn. Gan aon iniúchadh ródhomhain a dhéanamh (ceal teacht ar na leabhair ar an urlár) ní meabhair liom go raibh aon phioc dá shaothar go mór ná go feiceálach i gceist sa chúpla céad díolaim atá againn den fhilíocht nua-aimsire, ach thiocfadh breall a bheith orm arís eile.
Agus táid anseo a mhúsclódh smaointe is a dhúiseodh mianta. Is cuma nó ceann de na ‘Dánfhocail’ é ‘Clocha’, mar shampla, agus fáisceann sé ceachtanna beatha as earraí chomh neafaiseach le ‘An Fhearthainn’ nó ‘Aois na hÓige’, a déarfá.
Mar dhuine a thuigeann scéal na hÉireann siar amach, agus a bhfuil oiread sin tagairtí aige don oidhreacht, dár bhfilí, d’Aogán, d’Eoghan Rua, do Raifteirí, ní cás ionaidh dúinn oiread sin den stair tríd an éigse mar mharc aitheantais agus fiúntais. Má tá Sasanaigh mórálach as an éalú a dhein siad as Colditz sa scannán den ainm sin, cad ina thaobh nach mbeadh an pobal againne mórálach as éalú na bpríosúnach as an gCeis Fhada sa ghaisce sin a dhein siad ar an 23 Meán Fómhair 1983? Tá de dhánaíocht ann ‘Colditz’ a thabhairt ar a dhán féin!
Nascann sé dhá insint ar an stair dúinn in ‘Aisling Dhá Abhainn’, arb iad an tSionainn agus an Life iad, ar ndóigh, agus dhá leagan den stair chéanna in ‘Laudabiliter’ ina dtagann amhras air faoin gcreideamh nuair a bhuailtear isteach ina aigne gurbh é an Pápa a thug cead ionraidh ar Éirinn do na ‘Normannaigh’, ach go bhfilleann ar a mheas nuair a thuigtear dó gur Sasanach ba ea an Pápa céanna. Maidir le ceart staire de, áfach, níor thug an Pápa úd cead dóibh gabháltas a dhéanamh ar Éirinn, ach cead teacht d’fhonn slacht a chur ar an eaglais, rud nach ionann iad.
Tá dánta fada creidimh anseo aige leis, arb iad go leor de bhlonag an leabhair iad, agus tá trácht tuisceanach léannta ag Míchéal Mac Craith orthu sin sa réamhrá cuimsitheach uaidh. Agus dánta íogaire pearsanta ar nós ‘Do m’Athair’, nó soinéid a léiríonn an smacht atá aige ar fhoirmeacha na teanga, agus gan amhras, an greann mar is dual do dhuine a chuir Irish Humorous Poetry (Hippocrene Books/Cló Iar-Chonnacht, 1995) le chéile maidir le haistriúcháin agus le léirmhíniúcháin.
Dá mbeadh orm aon dán amháin a lua, áfach, a chuaigh i gcion orm seachas a chéile (agus cuirtear ceisteanna mar sin ort ó am go chéile), roghnóinn ‘Sclábhaithe’ ina ngabhann sé trí na foirgnimh mhóra stairiúla a tógadh mar ghlóire don duine, ach a nochtann gur sclábhaithe agus tráilleanna agus daoir a thóg iad, Iarúsailéim, an Teampall, an Colosseum, agus Brú na Bóinne féin, agus gan amhras, ní ar scoláireacht taistil a tháinig Pádraig Naofa go hÉirinn. Bertolt Brecht arís ar ais ach sa chló dúchais, ‘Cé thóg Téib na seacht ngeata?’ Tá’s againn cé a dhein.
Ar éigean gur féidir le file gan dán a bhreacadh faoin bhfilíocht féin! Ní file go file a chumann filíocht mar gheall ar an bhfilíocht. Ní taise do Chríostóir é. Tugann sé péac faoi fhilí ‘na gcrosfhocal crua’ agus deireann go lom linn óna chathaoir féin den éigse:
Bia atá leamh leathbhruite
Ní dhíoltar leis an bpobal, a mhac,
Ina leasú ar do mhachnamh anabaí
Coinnigh do bhriotaireacht.
Níl oiread is líne leamh leathbhruite sa chnuasach saoil seo ag Críostóir Ó Floinn.
LeabhairComhar a d’fhoilsigh ‘Éigse Saoil’ le Críostóir Ó Floinn
Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)
Sárléirmheas ar fhile 7 scríbhneoir arb é ár bpribhléid féin cuairtín a thabhairt air ina theach tráth dá raibh an saol. Ní cóir dúinn Críostóir cóir na fírinne a ligint i ndíchuimhne a choíche.