Tá sé deimhnithe ag Rialtas na Breataine go bhfuil moill curtha ar reachtaíocht Ghaeilge ó thuaidh de bharr “cúrsaí domhanda”.
Thug Conor Burns MP, aire stáit in Oifig Thuaiscirt Éireann, nach mbeadh sé ar chumas Rialtas na Breataine an reachtaíocht chultúir, féiniúlachta agus teanga a thabhairt isteach in Westminster roimh thoghchán Stormont mí Bealtaine mar a gealladh.
I litir chuig an bhfeisire Simon Hoare, cathaoirleach Choiste Chúrsaí Thuaisceart Éireann, dúirt Burns nach mbeadh an t-am ann an reachtaíocht a thabhairt isteach in Westminster roimh an toghchán toisc go raibh ábhair eile le plé, reachtaíocht faoin Úcráin ina measc.
“Geallaim duit go bhfuil an Rialtas tiomanta go huile agus hiomlán go fóill an reachtaíocht a thabhairt isteach i ndiaidh na dtoghchán,” a dúirt Burns.
Gheall Rialtas na Breataine anuraidh go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Westminster roimh mhí Dheireadh Fómhair seo caite mura mbeadh an beart déanta in Stormont. Nuair nár tharla sin, gealladh i mbliana go dtabharfaí an reachtaíocht chultúir, féiniúlachta agus teanga isteach roimh thoghchán Stormont na Bealtaine.
Léirigh lucht feachtais ar son na Gaeilge ó thuaidh éadóchas an tseachtain seo maidir leis na gealltanais sin.
Cuireadh i leith Státrúnaí an Tuaiscirt, Brandon Lewis go raibh sé ag dul siar ar an méid a bhí ráite aige roimhe seo nuair a dúirt sé le UTV i rith na seachtaine go dtabharfaí an reachtaíocht isteach i Stormont nó in Westminster.
Tá lucht feachtais ó thuaidh ag cur an mhilleáin ar an DUP faoin moill atá ar thabhairt isteach na reachtaíochta.
Bhí éirí amach san DUP anuraidh in aghaidh a n-iarcheannaire Edwin Poots mar gheall ar an margadh a rinneadh le Rialtas na Breataine go dtabharfaí an reachtaíocht teanga isteach in Westminster.
Tá an DUP ag iarraidh ar Rialtas na Breataine gan dul ar aghaidh leis an reachtaíocht tráth a bhfuil an Prótacal Breatimeachta don Tuaisceart fós ina údar aighnis.
Deir An Dream Dearg go bhfuil pobal na Gaeilge i dTuaisceart Éireann ag fanacht breis is 5,600 lá ar acht teanga, reachtaíocht a gealladh ar dtús in 2006.
Mí na Nollag seo caite, d’iarr Conradh na Gaeilge ar na Náisiúin Aontaithe idirghabháil a dhéanamh san fheachtas ar son na reachtaíochta Gaeilge don Tuaisceart.
Iarradh ar na Náisiúin Aontaithe tacú le héileamh an Chonartha go dtabharfaí cothrom na Féinne do phobal na teanga i dTuaisceart Éireann agus go ndéanfaí gníomh chun sin a bhaint amach.
Tá roinnt beartas don Ghaeilge geallta sa reachtaíocht, ina measc coimisinéir teanga agus stádas oifigiúil don teanga.
Fearn
An té a chreidfeadh i ngealltanas Thóraí, cheidfeadh sé i sióga, monuar! Caithfidh lucht na Gaeilge a chonniúint fhéin a mhúnlú!