Tá Cúige Mumhan dírithe ar an gcluiche seo ó thús na bliana

Tá an-seans ag na Muimhnigh i gcoinne Chúige Laighean san RDS inniu ach caithfidh siad imirt níos fearr ná mar a rinne siad go dtí seo

Tá Cúige Mumhan dírithe ar an gcluiche seo ó thús na bliana

Cluiche idir Chúige Mumhan agus Cúige Laighean mí Eanáir. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Cluiche ceannais an PRO 14
Cúige Laighean v Cúige Mumhan
An RDS, 17.00

Is ábhar iontais é nár éirigh le Cúige Mumhan greim a fháil ar an Pro 14 ach faoi thrí ó thosaigh sé sa mbliain 2002. Ní mór dul siar go dtí 2011 le teacht ar an ócáid deiridh ar bhuaigh siad an comórtas cé gur imir agus gur chaill siad an cluiche ceannais ceithre bhabhta eile. Faoi sheacht a fuair Cúige Laighean greim ar an gcraobh seo, agus d’imir siad sa gcluiche ceannais cúig uaire eile.

Tá Cúige Laighean ag dul chun páirce san RDS i gcluiche ceannais an Pro 14 agus iad ar thóir a gceathrú bua as a chéile. Ní hamháin sin, ach beidh siad san iomaíocht le Cúige Mumhan, foireann nach bhfuair an ceann is fearr ar na curaidh ó 2019. Níor shroich Cúige Mumhan an chéim seo den Pro 14 ó 2017, rud a chuirfeas go mór leis an mbrú a bheas orthu gan trácht ar na néaróga a bheas ag cur as dóibh roimh chluiche mór i gcoinne na sean-namhad.

Mar sin féin, is fada an lá ó d’imir na Muimhnigh chomh maith agus atá siad ag imirt faoi láthair.  Níor chaill siad ach faoi dhó sa 16 cluiche a bhí i gcomórtas na bliana seo, an gaisce céanna atá déanta ag na curaidh. Bhí bua éasca acu an deireadh seachtaine seo caite nuair a chlis ar na Laighnigh. Ní bheidh aon easpa muiníne i gcampa na Muimhneach agus iad ag cur a gcéad rogha imreoirí, Joey Carbery, Peter O’Mahony, Conor Murray agus CJ Stander ina measc, chun páirce don choimhlint seo. Léiriú é seo seans ar an díocas atá orthu bua a fháil in aon chraobh.

Ní hionann an cás do na curaidh.  Tá siadsan ag tabhairt scíth bheag do roinnt imreoirí céad rogha. Is mar fhir ionaid a bheas leithéidí James Lowe, Johnny Sexton agus Tadhg Furlong  agus tá James Ryan, Will Connors agus Gary Ringrose gortaithe. Seans go bhfuil Leo Cullen ag leagan níos mó béime ar na cluichí móra Eorpacha a bheas á n-imirt faoi cheann seachtaine, sin nó go gceapann sé go bhfuil meascán d’imreoirí céad agus dara rogha sách láidir le greim a choinneáil ar an gcorn seo. Feicfidh muid linn, ach is cinnte go mbeidh sár-iomaíocht idir na foirne seo. Is buntáiste do na Laighnigh a bheith ag imirt san RDS ach tá Cúige Mumhan dírithe ar an gcluiche seo ó thús na bliana agus níl gortuithe ag cur as dóibhsean. Seans go mbeidh an lá leis an bhfoireann is lú a dhéanann botúin.  Tá ciceálaithe den scoth ag an dá thaobh, Carbery agus Sexton, imreoirí a bhainfeas leas as aon droch-rogha nó calaois a dhéanann an freasúra.

Tá an-seans ag na Muimhnigh inniu ach caithfidh siad imirt níos fearr ná mar a rinne siad go dtí seo. Caithfidh siad a chinntiú freisin go leanann an t-ardchaighdeán sin thar ochtó nóiméad. Má dhéanann siad sin beidh cath go bun an angair agus cluiche iontach eile againn arís an deireadh seachtaine seo.

Fág freagra ar 'Tá Cúige Mumhan dírithe ar an gcluiche seo ó thús na bliana'