Tá mé fós faoi gheasa agus creathán i gcnámh mo dhroma ag cluiche an Domhnaigh seo caite idir Corcaigh agus Tiobraid Árann. Nuair a imrítear an iománaíocht ar an gcaoi sin cuireann sé ola ar chroí duine – gan aon chaint ar scuabadóirí ná ar shluaisteálaithe, ar chórais ná ar chriosanna, ach deichniúr fear fichead gualainn ar ghualainn ag tabhairt amhairc don saol ar an gcluiche is fearr ar domhan.
I ndeisceart na Portaingéile a chaith mé an tseachtain roimhe – i gcoirnéal na dtithe tábhairne ansiúd bhí feiceáil ag an dream a raibh suim acu ann ar an imirt dheireanach i bPhríomhroinn Sacair Shasana agus i bPríomhshraitheanna na Portaingéile agus na Spáinne – imní ar lucht leanta Liverpool mura mbuafadh siad ar West Ham nach mbeidís san Eoraip an séasúr seo chugainn, lucht leanta Benfica ag ceiliúradh an bhua 5-1 ar Vitória Guimaraes.
Bhí mé fillte ar an mbaile Dé Domhnaigh seo caite nuair a bronnadh an corn ar Benfica agus nuair a bhuaigh foireann Jurgen Klopp ar Middlesbrough, ach tá mé cinnte go raibh macalla á bhaint as na coirnéil chéanna i dtábhairní an Algarve ag lucht a leanta.
Dá mbeinn ann nach orm a bheadh an fonn iománaithe Chorcaí agus Thiobraid Árann a chur ar chuile scáileán sa teach ósta – sa gceantar fiú, go bhfeicfidís cluiche ceart ina mbíonn tús áite ag an bhfearúlacht agus ag an mórtas cine ar an tsaint agus ar an airgead.
Dá mbeinn ann féin, ar ndóigh ní bheadh sé de mhisneach agam a leithéid a dhéanamh mar nach bhfágfainn ball na háite slán.
Ní bheadh an misneach ag an tábhairneoir féin déarfainn, cé go mba as Loch Garman ó dhúchas dó. Tiocfaidh seisean abhaile go bhfeicfidh sé cluiche leathcheannais Laighean má bhuann a chontae ar Laois inniu, a deir sé agus tá muid le casadh ar a chéile má théann siadsan agus Gaillimh chomh fada leis an gcluiche ceannais.
Fágann Cluiche Ceannais Roinn 1 na Sraithe agus iomaíocht iontach an Domhnaigh seo caite go bhfuiltear ag tnúthán go mór leis an gcuid eile de chraobh iománaíochta 2017, ach ná cuireadh muid aon chluain orainn féin. Beidh na scuabadóirí, na sluaisteálaithe, na córais agus na criosanna ar ais, chomh luath leis an lá inniu is dócha.
Bhí Derek McGrath ar dhuine díobh siúd ag bhí ag breathnú amach go grinn as an seastán i nDurlas Dé Domhnaigh seo caite. Cuma cé aige a mbeadh an bua, bí cinnte nach mbeadh sé i gceist ag an gCraitheach fad agus leithead na páirce a fhágáil fúthu nuair a chasfaidh siad féin agus na Déise ar a chéile ansiúd faoi cheann trí seachtaine.
Cill Chainnigh a bheidh in intinn Davy Fitzgerald má bhuann siad ar Laois inniu mar atá súil leis. Glac leis nach iománaíocht chomh taitneamhach agus a facthas idir Corcaigh agus Tiobraid Árann a fheicfear an lá sin ach an oiread agus is boichte muid dá bharr.
Ní i bhfad a thógfadh sé ar Derek agus ar Davy a rá liomsa agus le mo leithéid gurb é an príomhdhualgas atá orthusan an ceann is fearr a fháil ar na foirne a imríonn siad agus nach cuid dá gcúram a bheith ag cur siamsaíochta ar fáil.
Is fíor sin.
Fós is é an trua é agus ní chuidíonn sé leis an deis a bheadh ag Cumann Lúthchleas Gael aird a tharraingt ar an tseoid is luachmhaire atá acu.
‘Eagraíocht Náisiúnta is ea an cumann arb é a bhunaidhm an tSainiúlacht Náisiúnta a threisiú in Éirinn uile do na 32 Contae, trí chluichí agus caitheamh aimsire Gaelacha a chaomhnú agus a chur chun cinn,’ a deir Riail 1.2 i dTreoraí Oifigiúil CLG.
Tá siad thar a bheith dílis dá ndualgas, ach i gcás na hiománaíochta, go háirithe, is laincis mhór go mbíonn orthu iomlán a saothair agus a gcuid caiteachais a chaitheamh ar fhorbairt agus ar imirt an chluiche faiche is fearr ar domhan anseo in Éirinn agus i measc imirceach thar lear.
Scríobh an t-iriseoir Denis O’Brien leabhar dar teideal Hurling USA cúpla bliain ó shin, saothar a bhí dírithe ar phobal na tíre sin agus scríofa ag údar a raibh 20 bliain caite aige ag tuairisciú ar na cluichí Gaelacha i mBostún agus i Nua-Eabhrac, sular fhill sé abhaile go hÉirinn.
M’fhearacht fhéin, ’sí an iománaíocht is ansa leis an mBrianach agus ba dhíol spéise a léamh gur ag titim go tubaisteach atá an cluiche sin anois sna ceantair chuig a dtagadh na hÉireannaigh go traidisiúnta (Nua-Eabhrac – 10 bhfoireann ann scór bliain ó shin, trí cinn anois agus mórán an scéal céanna i mBostún), fad agus a bhí foirne nua ag teacht chun cinn in áiteacha mar Milwaukee (an cumann is mó sa domhan lasmuigh d’Éirinn), Orlando, Portland, Altanta agus St. Louis.
Níos suimiúla fós gur dream ar beag baint atá acu le hÉirinn a bhunaigh na clubanna nua, faid agus a bhíonn na cinn thraidisiúnta ag brath ar mhic léinn tríú leibhéal a thagann chucu le linn an tsamhraidh.
‘Tá iománaíocht á himirt sna Stáit Aontaithe le caoga bliain, cén fáth gur thóg sé chomh fada seo ar Mheiriceánaigh eolas a chur ar an gcluiche?’ a fhiafraíonn an Brianach.
Ar cheann de na cúiseanna a luann sé tá an srian a d’fhág ‘an caomhnú’ agus an seans a cailleadh, dar leis, an cluiche a ‘chur chun cinn’ i measc pobail nárbh imreoirí iad – pobal na teilifíse go háirithe.
Ba chlár de chuid CBS Wide World of Sport agus an comhlacht teilifíse spóirt ESPN na ceannródaithe sna gnóthaí sin nuair a d’athraigh siad ó bhun an craoladh a dhéantaí ar chluichí sna 1970idí.
Mhéadaigh siad go mór líon na gceamaraí, chuireadar cuid acu in airde spéire, cuid eile acu i lámha an cheamaradóra seachas ar sheastán agus den chéad uair chuireadar aicsean moillithe agus athfhéachaintí ar fáil.
Agus gan iad fós 24 uair an chloig ar an aer, ar an 8 Meán Fómhair 1979, chraol ESPN cluiche i gCraobh Iománaíochta na Mumhan don 1.4 milliún síntiúsóir a bhí acu. As sin go ceann tamaill lean siad den nós, ach faraor ba í an tráchtaireacht agus an cur i láthair céanna a bhí ar fáil don Phoncánach nach bhfaca an cluiche riamh cheana agus a bhí le feiceáil anseo in Éirinn.
Chun feabhais atá caighdeán na himeartha bailithe agus méadú tagtha ó shin ar lucht féachana na teilifíse. ‘Eagraíocht Idirnáisiúnta’ é Cumann Lúthchleas Gael faoi seo. Ní gá duit an cluiche a athrú – díreach na hathruithe cuí a chur ar an gcuma a gcuireann tú i láthair do phobail i gcéin é.
Fág freagra ar 'Tá creathán i gcnámh mo dhroma fós ag cluiche an Domhnaigh seo caite'