Chuaigh Teachtaí Dála abhaile Déardaoin tar éis don Cheann Comhairle an Dáil a chur ar atráth go dtí 17 Meán Fómhair.
Nach aoibhinn dóibh, a déarfaidh mórán, agus sos naoi seachtaine rompu sara gcloisfear i mbun cainte arís iad sa pharlaimint náisiúnta.
Ní thuilleann siad fonóid chomh géar sin, ar ndóigh. Ní bheidh siad lán-díomhaoin ar feadh naoi seachtaine. Beidh cuid acu ag freastal ar chruinnithe coiste ar feadh cúpla seachtain eile. Agus níor chuir atráth Dála stop riamh le hiarratais daoine go ndéanfadh Teachtaí Dála idirghabháil de chineál éigin – olc, maith nó leibideach – ar a son.
Beidh an t-ádh ar airí má éiríonn leo cúrsaí oibre a chur i leataobh go hiomlán mar gheall ar an iomarbhá inmheánach caiteachais a leanfar leis nó go bhfógróidh Paschal Donohoe agus Jack Chambers an buiséad i mí Dheireadh Fómhair. Is déine agus is éiginnte cur is cúiteamh na bliana seo a bhuí le síorbhagairt ghuagach taraifí an Uachtaráin Trump.
Is tábhachtaí ar go leor bealaí an leagan nua den Phlean Forbartha Náisiúnta á fhógróidh an rialtas Dé Máirt agus a bheidh á phlé go forleathan ar feadh tamaill ina dhiaidh sin.
Má chuimhnítear ar an bhfeabhas faoi dheifir a theastaíonn ar sholáthar tithe, leictreachais agus uisce na tíre agus ar choda eile den infreastruchtúr, ní beag an tábhacht a bhainfidh le cíoradh an Phlean agus an chur chuige a bheidh riachtanach lena chur i gcrích.
Sin ráite, ní suarach an tuarastal a fhaigheann Teachtaí Dála (€115,953) ná airí rialtais (€210,750) mar chúiteamh ar a saothar. Ní foláir an pinsean (1/40 dá dtuarastal bliantúil) a chur san áireamh freisin.
Ní fhéadfaí gan cuimhneamh ar a gcúiteamh breá sin agus scata oibrithe tábhachtacha eile ag cur síos ar a gcás ag cruinniú den choiste oideachais an tseachtain seo caite.
Beidh na rúnaithe agus feighlithe scoile ag dul ar stailc ar an 28 Lúnasa, an chéad lá den scoilbhliain nua. Tá pinsean gairme mar a fhaigheann Teachtaí Dála agus oibrithe eile sa tseirbhís phoiblí á éileamh ag na rúnaithe.
Tá ardú pá chomh maith le pinsean gairme á éileamh ag na feighlithe. Dá ngéillfí dá n-éilimh, bheadh an méid a d’íocfaí leo i bhfad níos lú ná an méid a fhaigheann Teachtaí Dála. Ní dhéanann rúnaithe ná feighlithe obair lánaimseartha ar feadh na bliana, agus ní íoctar ach idir €13 agus €20 san uair le formhór na bhfeighlithe.
“B’fhearr do mo leithéid a bheith ag obair d’Aldi ná a bheith im’ fheighlí scoile,” a dúirt feighlí amháin, David Hearn leis an gcruinniú.
Íoctar idir €30,811 agus €47,946 le rúnaithe scoile. Mhol comhaltaí an choiste a saothar go hard le linn an chruinnithe. Ní nach ionadh, tharla gur tuismitheoirí cuid mhór díobh agus tuiscint dá réir acu ar an lear mór oibre a dhéanann na rúnaithe.
San áireamh: caidreamh le tuismitheoirí, comhfhreagras leis an Roinn Oideachais agus le heagrais eile, riar ginearálta agus riar airgeadais na scoile, reáchtáil cuairteanna, reáchtáil scéim na leabhar scaoile, ionchur faisnéise den uile chineál i gcórais ríomhaireachta, freagairt gutháin agus obair eile a mbeadh scoil ina cíor thuathail dá ceal.
Dúirt an Seanadóir Shane Curley ó Fhianna Fáil le hionadaithe ón gceardchumann Fórsa go raibh obair “ríthábhachtach” á déanamh ag rúnaithe agus nach mbeadh scoileanna ábalta feidhmiú dá n-uireasa.
Nocht gach comhalta eile den choiste tuairimí den sórt céanna. Is ionann rúnaí agus súile agus cluasa na scoile, a dúirt an Teachta Peter Roche ó Fhine Gael.
“Ní thuigim an fáth go bhfuil agóid mar atá beartaithe agaibh riachtanach,” a dúirt sé. Ba léir nach raibh an milleán á chur ar na rúnaithe ná ar na feighlithe scoile aige.
D’aontaigh an coiste le moladh an Teachta Darren O’Rourke ó Shinn Féin go seolfaí litir chuig an Roinn Oideachais agus chuig an Roinn Caiteachais Phoiblí ina n-iarrfaí orthu cás na n-oibrithe a phlé gan mhoill leis an gceardchumann.
Ní meas ná moladh ach gníomh a theastaíonn ó na rúnaithe scoile, a dúirt ionadaí oideachais Fórsa, Andy Pike leis an gcruinniú. Ceapann sé gur mian leis an Aire Oideachais Helen McEntee teacht ar réiteach ach a dúirt sé, “tá deireadh déanta againn, ní bheimid ag iarraidh déirce níos mó ná ag scríobh litreacha deasa”.
Bhí cuma ró-mhífhoighdeach ar a ndúirt sé, go dtí gur thairg sé míniú. Nach raibh sé ráite ag an Taoiseach, a dúirt sé, go raibh ardmheas ag an rialtas ar shaothar na rúnaithe agus na bhfeighlithe. Agus gur mian leis an rialtas an fhadhb a réiteach.
B’in a dúirt an Taoiseach Leo Varadkar sa Dáil agus ceist a chuir an Teachta neamhspleách Seán Canney air á freagairt aige ar an 8 Deireadh Fómhair 2020, cúig bliana ó shin beagnach. Réiteach níor tairgeadh fós.
Tuigtear go mb’fhéidir go reáchtálfar cainteanna le hionadaithe Fórsa idir seo agus tús na scoilbhliana nua.
Ghlac 81 faoin gcéad na rúnaithe agus na feighlithe ar baill den cheardchumann iad páirt sa vótáil ar mholadh go rachaidís ar stailc ar an 28 Lúnasa. Vótáil 98 faoin gcéad i bhfabhar stailce.
Measann an ceardchumann go mbeadh €30-35 milliún ag teastáil chun cothrom na Féinne a thabhairt dóibh.
Cothrom atá tuillte go maith acu, mar is eol do gach tuismitheoir i nDáil Éireann agus ar fud na tíre.
Fág freagra ar 'Tá cothrom na Féinne tuillte ag na rúnaithe scoile atá le dul ar stailc'