Cé go bhfuil réamhvótáil ar siúl cheana féin i roinnt tíortha ina bhfuil a leithéid ar fáil (san Fhionlainn, mar shampla) is amárach, Déardaoin, a chuirfear tús leis an bpríomhvótáil i dtoghchán Pharlaimint na hEorpa. Is ar an lá sin a chaithfidh muintir Thuaisceart Éireann, na Ríochta Aontaithe agus dornán ballstát eile a vóta. An lá dár gcionn, Dé hAoine, a bheas an vótáil ar siúl i bPoblacht na hÉireann agus beifear ag tabhairt aghaidh ar na bothanna vótála as sin go dtí an Domhnach sa chuid eile den Aontas Eorpach.
Breis agus coicís ó shin a chaith mé féin mo vóta poist, agus tá súil agam go mbainfidh sé an t-ionad comhairimh i halla cathrach na Háige amach roimh a trí a chlog tráthnóna Déardaoin, lá an toghcháin i mo thír dhúchais, an Ísiltír.
Ní hionann agus Éire, tugann an Ísiltír cead do shaoránaigh a bhfuil cónaí orthu thar lear vóta a chaitheamh sna holltoghcháin agus sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa – cuma cén t-achar a bheadh caite ar shiúl ón Ísiltír ag duine.
Ach ní hé sin le rá gur cúram éasca é vóta a chaitheamh agus cónaí ort thar lear: caithfear clárú roimh ré do chuile thoghchán, cuirfear ballóid chugat tríd an ríomhphost ansin a chaithfear a phriontáil amach, a líonadh isteach agus a chur ar ais i gclúdach speisialta oráiste (a chuirfear chugat tríd an ngnáthphost) móide cóip de do phas agus dearbhú cead vótála (a chuirfear chugat tríd an ngnáthphost freisin.)
Idir chuile útamáil (níl printéir agam sa bhaile) thóg sé leathlá orm i mbliana mo vóta a chaitheamh i dtoghchán Pharlaimint na hEorpa.
Cén fáth, mar sin, ar bhac mé leis ar chor ar bith – nuair nach gcuirfidh cuid mhór daoine san Eoraip an trioblóid orthu féin vóta a chaitheamh sa toghchán céanna, agus, níos tábhachtaí fós b’fhéidir, mura bhfuil cónaí orm féin san Eoraip le fada an lá?
Tharla gur chaith mé an chuid is mó de mo shaol fásta i dtíortha nach astu dom – bhí cónaí orm in Éirinn ar feadh 12 bliain agus tá cónaí orm sa Bhrasaíl anois ar feadh an achair chéanna, nach mór. Toisc nach mbíodh agus toisc nach bhfuil vóta agam sna tíortha sin, d’fhágfaí gan aon ionadaíocht dhaonlathach mé ar feadh breis agus fiche bliain murach go dtugann mo thír dhúchais cead vótála dom fiú agus mé i mo chónaí thar lear.
Bainim úsáid as an gcead sin go fonnmhar agus le buíochas agus ceapaim gur mór an feall é go bhfuil na cearta céanna á séanadh ag Poblacht na hÉireann ar a cuid saoránach a bhfuil cónaí orthu thar lear. (Tá na cearta sin ag daoine ó Thuaisceart Éireann a mbeadh cónaí orthu thar lear chomh fada agus go mbainfidh siad úsáid as saoránacht na Breataine, ach tá srian ama 15 bliain i gceist.)
Níl cónaí orm san Eoraip – ach is as an Eoraip mé, tá cónaí ar mo mhuintir san Eoraip agus cá bhfios nach bhfillfidh mé ar an Eoraip lá éigin amach anseo. Is ceart agus is cóir go mbeadh deis ag mo leithéid vóta a chaitheamh i dtoghchán Pharlaimint na hEorpa.
Bhí sé i gceist reifreann faoinar chóir cearta vótála a thabhairt do mhuintir na hÉireann a bhfuil cónaí orthu thar lear sna toghcháin uachtaránachta a reáchtáil Dé hAoine, an lá céanna agus an toghchán do Pharlaimint na hEorpa, ach is san Fhómhar a reáchtálfar an reifreann áirithe sin anois.
Fág freagra ar 'Tá cónaí orm sa Bhrasaíl ach tá mo vóta caite cheana agam i dtoghchán na hEorpa'