Tá cinneadh gan mhaith gan stuaim á mholadh ag páirtithe a mholann ambasadóir Iosrael a dhíbirt

Dá dheacra réiteach a aimsiú agus a chur i bhfeidhm, ní chuirfear síocháin bhuan i réim dá uireasa

Tá cinneadh gan mhaith gan stuaim á mholadh ag páirtithe a mholann ambasadóir Iosrael a dhíbirt

Creid nó ná creid é, tá díbirt ambasadóir na hÉireann as Iosrael molta ag ceithre pháirtí i nDáil Éireann – Sinn Féin, Pobal Seachas Brabús, an Lucht Oibre agus na Daonlathaithe Sóisialta.

Ní hé sin atá molta go hoscailte acu ar ndóigh. Is léir gan aon amhras áfach an toradh a bheadh ar ruaigeadh ambasadóir Iosrael Dana Erlich as Éirinn. Déarfadh rialtas Iosrael le hambasadóir na hÉireann i Tel Aviv, Sonya McGuinness imeacht láithreach.

Is leor an toradh cinnte sin ar ruaigeadh ambasadóir Iosrael ó Bhaile Átha Cliath mar spreagadh chun machnaimh. Iarrfar díbirt arís i rún a mholfaidh na Daonlathaithe Sóisialta sa Dáil an tseachtain seo chugainn, ach arbh fhiú an tairbhe an tionchar diúltach a bheadh ag cinneadh dá leithéid?

Ní foláir réamhrá a chur roimh chíoradh polasaí ar bith a bhaineann le hionsaí míthrócaireach Hamas ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair agus le hionsaí míthrócaireach Iosrael ar Ghaza ó shin. Ní chuirfidh ionsaithe Hamas ná Iosrael ná doirteadh fola agus díoltas dá leithéid an réiteach polaitiúil cothrom a theastaíonn sa réigiún chun cinn.

Dá dheacra réiteach a aimsiú agus a chur i bhfeidhm, ní chuirfear síocháin bhuan i réim dá uireasa.

Ní hionann caidreamh taidhleoireachta a choimeád idir dhá thír agus meas a bheith acu araon ar a ngníomhartha agus ar a bpolasaithe, mar a dúirt an scríbhneoir seo anseo anuraidh.

Bhí mórán i Sinn Féin agus i bpáirtithe eile ag rá an uair sin gur chóir ambasadóir na Rúise a ruaigeadh mar gheall ar an ionradh ar an Úcráin.

Ní meas ná cairdeas gan choinníoll ach a leas féin a thugann ar rialtas ambasadóir nó consal oinigh a cheapadh mar ionadaí i dtír eile. Is leor cuimhneamh ar an tSín, ar an Iaráin nó ar an Araib Shádach mar shamplaí de chur chuige na hÉireann maidir leis na cúrsaí seo.

Is ar mhaithe le cumarsáid a chuirtear taidhleoirí thar leor. Is tábhachtaí a saothar scaití i dtíortha a bhíonn freagrach as sárú ar chearta an duine (i gcás phobal Uigiúrach na Síne mar shampla) ná i dtíortha ar féidir a bheith muiníneach, ar an mórgóir, astu.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald an tseachtain seo caite gur chóir  stádas ambasadóir Iosrael mar thaidhleoir sa tír seo a bhaint di anois mar gheall ar an bpionós comhchoiteann atá á ghearradh ag Iosrael dar léi ar mhuintir Ghaza.

Chuir Paul Murphy ó Phobal Seachas Brabús i leith an ambasadóra go raibh sí ag inseacht bréaga faoi choireanna cogaidh ar mheáin na hÉireann gach lá. Mhaígh sé freisin go raibh Éireannaigh á gcoinneáil ag Iosrael mar ghialla i nGaza toisc go raibh cead amach á dhiúltú ag na hIosraelaigh – rud a shéan an t-ambasadóir.

Níl freagra cuimsitheach tugtha fós ag Teachta ar bith a mhol díbirt an ambasadóra sa Dáil ar chosaint an Taoisigh agus an Tánaiste ar pholasaí an rialtais. Thagair an bheirt do na hÉireannaigh i nGaza ar chóir go mbeadh cead imeachta acu más mian leo imeacht. Thagair siad freisin do chás Emily Hand, cailín Éireannach-Iosraelach ocht mbliana d’aois, a shíltear atá coinneáil ag Hamas mar ghiall i nGaza.

Tá sé mar aidhm ghinearálta ag an rialtas síocháin, athmhuintearas agus atógáil a chur chun cinn i nGaza agus sna críocha gafa – aidhm nach féidir a chur chun cinn gan labhairt go díreach leis na hIosraelaigh.

Níor thagair Leo Varadkar ná Micheál Martin do chúis eile gur gá cumarsáid dhíreach a bheith ag an rialtas le hIosrael. Tá 342 saighdiúir as Éirinn ar dualgas le fórsa UNIFIL na Náisiún Aontaithe sa Liobáin, gar don teorainn le hIosrael. Scaoil fórsaí Iosrael agus grúpaí atá báúil le Hamas roicéid agus diúracáin eile lena chéile sa cheantar ó thosaigh an chogaíocht i nGaza.

Má chuimhnítear ar bhun-aidhm na taidhleoireachta – cumarsáid – ní léir cé mar a chuirfeadh díbirt ambasadóirí ó Bhaile Átha Cliath agus ó Iosrael leas na hÉireann chun cinn.

Ní chuirfidh láithreacht ambasadóir Iosrael bac d’aon chineál ar chumas an rialtais abhus a míshásamh le polasaí a rialtais a chur in iúl. Go deimhin is láidre míshásamh a chuirtear in iúl go díreach agus go leanúnach seachas míshásamh a léirítear le preasráitis agus le hóráidíocht.

Buille faoi thuairim: tá Sinn Féin agus páirtithe eile an fhreasúra ag moladh polasaí nach gcuirfidís i bhfeidhm dá mbeidís i mbun rialtais. Dá gcuirfidís, léireoidís míshásamh ar dhóigh nach mbeadh ach lagthionchar gairid aige, seachas tionchar diúltach b’fhéidir ar ár gcumas polasaí an AE sa mheánoirthear a athrú.

Lagódh cur chuige dá leithéid cumas rialtas na hÉireann leas na hÉireann agus leas a cuid saoránach sa réigiún a chosaint.

Cén cur síos a thuilleann caint mar seo? Baothchaint.

Nó i bhfocail eile caint gan mhaith, gan tairbhe agus gan stuaim.

Fág freagra ar 'Tá cinneadh gan mhaith gan stuaim á mholadh ag páirtithe a mholann ambasadóir Iosrael a dhíbirt'

  • jpmorley0@gmail.com

    Níl bun ná barr leis an éileamh sin mar le hambasadóir Iosrael a dhíbirt. Is rí-léir nach bhfuil aon doimhin-mhachnamh puinn déanta ag na páirtithe a éilíonn sin ar an toradh a bheadh air, faoi mar atá ag bhur gcolúnaí. Comhartha ar an gcur chuige is dán dúinn más sa chéad rialtas eile a bheidh siad?

  • Eoin Ó Murchú

    Ceist ionraic: ar chuir tú i gcoinne díbirt ambasadóir na Rúise? Má chuir, tá tú ionraic. Murar chuir, caithfidh tú an difir a mhíniú.

  • Peter Groarke

    Léamh macánta dar liomsa

  • Cathal Mac Coille

    Tá freagra ar do cheist san alt a bhfuil nasc chuige san alt seo.

  • Eoin Ó Murchú

    Go maith. Ar a laghad tá tú ar an líne céanna i gcásanna éagsúla.

  • jpmorley0@gmail.com

    Déanann ambasadóir Iosrael spior spear de Pat Kenny i gcónaí nuair a bhíonn sí ar an gclár aige. Rud nach furasta a dhéanamh. Tá sí an-ábalta, an-ghlic, an-líofa agus chomh sleamhain le heascú. Nuair a cheapann tú go bhfuil sí ar an dorú aige scaoileann sé léi. Labhrann sí amach as dhá chúinne a béil. An bhfuil ambasadóir na hÉireann in Iosrael chomh hinniúil céanna léi? An mbíonn sí ar an raidió thall acu sin chomh minic céanna faoi mar a bhíonn a comhambasadóir anseo? Ní chloisim aon ghíocs uaithi, gíocs ar bith, bíodh go bhfuil ár agus léirscrios á dhéanamh ar bhochtáin Gaza ina mílte mílte, gan trua gan taise, tamall síos an bóthar uaithi i Tel Aviv? Caithfear STOP a chur leis an matalong laethúil seo, an Sátanachas seo. Caithfear é sin a rá gan stad gan staonadh, in ainm dílis Dé. Ach ná bímís ag brath ar Pat Kenny…
    Cuirimís an dá ambasadóir ar aon stáitse le chéile, ag caint. Níl aon ghean agamsa d’ambasadóir Iosrael … ‘coinnigh do chara i ngar duit féin, agus coinnigh do namhaid níos gaire fós.’ Dá ndíbreofaí í sin bheadh an guth faonlag atá againn múchta. Agus ní ceadmhach tost anois nó riamh. An bhféadfadh Tuairisc ráiteas a iarraidh ar an dá ambasáid, ar bhonn práinneach?

  • An tEisreachtach

    Tá laige fhollasach in alt Chathail Mhic Coille faoi bhealaí cumarsáide taidhleoireachta a choinneáil le rialtas Iosrael, agus seo í: NÍ ÉISTEANN Iosrael le comhairle ó aon duine ón taobh amuigh, is cuma rialtais eile, an tAontas Eorpach, na Náisiúin Aontaithe, eagaíochtaí fóirithinte, an Chrois Dhearg, srl, ach amháin le comhairle ó Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM).
    Agus mar atá a fhios ag aon duine a bhfuil aon ní léite acu faoin ngreim marbhfháisceach atá ag AIPAC (Coiste Imeachtaí Poiblí Mheiriceá-Iosrael) agus an ADL (An Conradh Frith-Chlúmhillte) ar pholaiteoirí agus ar mheáin SAM, is polaiteoir sa míle in SAM a chuireann in aghaidh iompar Iosrael, mar má chuireann, tugtar a oiread airgid agus tacaíochta dá (h)iarrthóir freasúra nach mbaineann sé/sí an suíochán arís.
    Ní bheidh aon síocháin sa Meán-Oirthear go deo go dtí go ndíscaoiltear cumhacht idirnáisiúnta na nGiúdach. Is léir ar shracfhéachaint ar na leaganacha éagsúla de léarscáil Iosrael ó 1948 i leith, agus an chaoi a bhfuil na lonnaíochtaí Pailistíneacha á gcrapadh go tubaisteach go dtí na ceantair fhíorbheaga atá fágtha fúthu anois, gurb é aidhm Iosrael na Pailistínigh a dhíothú go dtí nach ann dóibh. Céim eile sa straitéis sin atá ar bun i nGása faoi láthair.
    Níl amhras ann go bhfuil ‘cead speisialta’ ó Dhia in intinn cuid mhór Iosraelach maidir leis an straitéis sin. Agus ní stopfaidh siad le hIosrael mar atá. Mar atá feicthe againn, tá SAM ag obair as lámha a chéile leo le tíortha eile an Mheán-Oirthir a chur faoina lánsmacht agus a choinneáil díchumhachtaithe agus lag. Tá an Iaráic fágtha sa riocht sin cheana, a bhuíochas do chogadh náireach, fuilteach SAM ina haghaidh – cogadh a bhí bunaithe ar dheargbhréaga faoi airm ollscriostacha a bheith ag an Iaráic.
    Táthar ann, i measc seirbhísí faisnéise, a deir go n-úsáidfidh Iosrael airm núicléacha má bhraitheann siad faoi ionsaí mór.
    Is cuma sa riach faoin líon ollmhór sibhialtach a chaithfear a dhúnmharú leis an aidhm Shíónach a bhaint amach.
    Agus ar ndóigh, tarraingítear an tUileloscadh anuas mar leithscéal faoin dúnmharú i gcónaí.
    Is tús beag idirnáisiúnta é baghcat iomlán ar earraí Iosraelacha, agus díthaidhleoireacht ag a oiread tíortha atá sásta an fód a sheasamh ina n-aghaidh.
    Agus laghdú ar umhlú sclábhaíochtúil tíortha – Éire ina measc – do SAM!