Deich gcúis nár chóir ambasadóir na Rúise a dhíbirt

Ní bheadh tionchar dá laghad ag díbirt an ambasadóra ar an ionradh fuilteach mínáireach atá ar bun ag an Rúis san Úcráin

Deich gcúis nár chóir ambasadóir na Rúise a dhíbirt

Tá Teachtaí Dála ar chaon taobh ag moladh don rialtas ambasadóir na Rúise a ruaigeadh as an tír ach ní chuirfeadh imeacht éigeantach Yury Filatov leas na hÉireann ná síocháin san Úcráin chun cinn.

Chuir ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald tús leis an bhfeachtas ar son a dhíbeartha ar an 25 Feabhra, an lá tar éis d’fhórsaí na Rúise dul thar teorainn isteach san Úcráin. Tá comhaltaí de pháirtithe eile i dTeach Laighean ag cur brú ar an rialtas ó shin iachall a chur air imeacht.

Tá litir a mhol ruaigeadh an ambasadóra sínithe ag thart ar 40 comhalta de pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil – ina measc Jim O’Callaghan, Dara Calleary agus Lisa Chambers. Shínigh trí chomhalta dhéag de pháirtí Fhine Gael litir dhíbeartha freisin – ina measc an t-iar-aire gnóthaí eachtracha Charlie Flanagan, Michael Ring, Neale Richmond agus Jennifer Carroll MacNeill.

Chuaigh ceannaire an Lucht Oibre Alan Kelly níos faide ná na hiarratais thuas agus díbirt an ambasadóra agus scor iomlán an chaidrimh taidhleoireachta idir an Rúis á mholadh aige sa Dáil Dé Máirt. Faoi cheann dhá lá bhí sé féin á dhíbirt as a phost.

Ní mar gheall ar ionradh fuilteach na Rúise ar an Úcráin amháin atá an t-ambasadóir á cháineadh go forleathan. Cuimhnítear go háirithe ar a ndúirt sé ar Primetime ar RTE ar 15 Feabhra, naoi lá sular thosaigh ionsaithe na Rúise. Ní bheadh ciall pholaitiúil, mhíleata ná eacnamaíochta le hionradh, a dúirt an t-ambasadóir Filatiov ar an gclár sin. Smaoineamh mire a thug sé ar chaint dá leithéid.

Ainneoin bhréaga an ambasadóra, ainneoin gach uafás a tharla ó labhair sé, agus ainneoin gach marú, fulaingt, agus teitheadh as cuimse atá á thuairisciú in aghaidh an lae ón Úcráin, is fiú aird a thabhairt ar na fáthanna nár chóir don rialtas a rá leis imeacht. Seo deich gcinn:

1 Ní hionann caidreamh taidhleoireachta idir dhá thír agus dearbhú leanúnach go bhfuil meas acu araon ar a ngníomhartha agus ar a bpolasaithe. Dá mb’ionann caidreamh agus meas nó lántacaíocht, ní bheadh aon chaidreamh oifigiúil ag Éirinn leis an tSín mar shampla, nó le hIosrael nó leis an Araib Shádach.

2 Ní meas ná cairdeas ach a leas féin a thugann ar rialtas caidreamh taidhleoireachta a chur ar bun le rialtas eile. Cuimhnigh ar chás Richard O’Halloran, fear gnó as Baile Átha Cliath a coinníodh sa tSín ar feadh trí bliana beagnach cé nach raibh coir ar bith déanta aige. Is sampla é a chás siúd den obair a bhíonn le déanamh nó na chontúirt a bhíonn le seachaint agus ar fearr ionadaí as Éirinn a bheith lonnaithe i dtír ionas gur féidir fóirithint ar shaoránaigh Éireannacha a bhíonn i gcruachás.

3 Is dlúthchuid den ghnáthchomhthuiscint ar a mbunaítear caidreamh taidhleoireachta é go mbíonn cóimheá agus coibhneas idir ionadaithe an dá thír. Déan talamh slán de, dá ndíbreofaí Yuri Filatov ó Bhaile Átha Cliath go ndíbreofaí Brian McElduff, ambasadóir na hÉireann i Moscó, ón Rúis gan mhoill. Chuirfeadh laghdú tobann ar ionadaíocht na hÉireann sa Rúis isteach ar an tseirbhís a theastaíonn, nó a theastóidh amach anseo, ó shaoránaigh na hÉireann atá lonnaithe nó i mbun gnó nó ag taisteal sa tír sin.

4 Oireann sé don tír seo a bheith ábalta labhairt le hionadaí ón Rúis faoi iompar nó faoi ghníomhartha na tíre sin a chuireann isteach ar Éireannaigh abhus. Mar a léirigh gearáin iascairí an iardheiscirt a thug ar chabhlach na Rúise an stráice farraige a bhí beartaithe le haghaidh cleachtadh míleata a athrú.

5 Dúirt Mary Lou McDonald gur chóir don dá thír an obair a dhéanann ambasadóir a fhágáil faoi chargé d’affaires feasta. Tá locht ar mholadh dá leithéid seachas an locht a luaitear thuas. Ní féidir a bheith cinnte cén toradh a bheadh ar dhíbirt ambasadóirí. B’fhéidir go nglacfadh an Kremlin le caidreamh ar chéim níos ísle idir an dá thír ach cá bhfios?

6 Deimhníonn caidreamh taidhleoireachta idir dhá thír gur féidir leo míshásamh nó fearg nó cáineadh a chur in iúl go soiléir sa tír eile. Chuirfeadh páirtdíbirt nó lándíbirt taidhleoirí bac ar chumarsáid riachtanach, a bhíonn práinneach uaireanta. Mar shampla, dá mbeifí ag caint amach anseo ar fhórsa síochána nó fairtheoireachta a lonnú san Úcráin ina mbeadh saighdiúirí as Éirinn páirteach, theastódh ardchaidreamh leis an Rúis.

Ní bheadh tionchar dá laghad ag díbirt an ambasadóra ar an ionradh fuilteach mínáireach atá ar bun ag an Rúis san Úcráin. Ní hionann sin agus a rá nach bhféadfaí a rá go poiblí agus go minic nach bhfuil meas ag an rialtas ar Yury Filatov, ná muinín acu as a ndeir sé.

8 Tá sé ráite ag an Taoiseach agus ag airí eile go bhfuil gach gné den chaidreamh idir an dá thír á bhreithniú faoi láthair. Ní bheadh iontas ar dhuine ar bith dá ndéarfaí leis na Rúisigh nach nglacfaí níos mó le foireann chomh mór i mBaile Átha Cliath. Ní foláir cuimhneamh i gcónaí áfach, dá ndéarfaí a leithéid i mBaile Átha Cliath, go gcuirfeadh an Rúis iachall ar Éirinn foireann na hambasáide i Moscó a laghdú dá réir.

Ní leor an fhearg a spreag caint ambasadóra mar chúis lena dhíbirt. Dá olcas í, ní foláir ábhair eile – leas na hÉireann thall agus abhus go háirithe – a chur san áireamh agus a chás á phlé.

10 Cibé athrú a bheartófar maidir leis an gcaidreamh leis an Rúis, is fearr go gcuirfí i bhfeidhm é ar bhonn Eorpach. Ní neart go…

Fág freagra ar 'Deich gcúis nár chóir ambasadóir na Rúise a dhíbirt'

  • Antóin

    An-ráite.

    Tá sé in am do Mary Lou agus do na Fealltóirí i bhFianna Fáil an focal poblachtachas a bhaint dá gcuid suíomh gréasáin agus an focal pobalachas a chur in áit.

    An díth misnigh atá orthu labhairt amach in éadan na Síne, agus an Iosrael agus na hAraibe Sádaí agus na Stát Aontaithe nuair a shatlaíonn siad ar chearta daonna sna tíortha sin agus i dtíortha thar lear! Bhí cogadh ar siúl in oirthear na hÚcráine le hocht mbliana, níos mó na 10,00 duine básaithe agus gan smid astu.

    Tá súil agam go ndéanfaidh na polaiteoirí meata i dTeach Laighin cúram de do chomhairle a Chathail.