Tá athrú le feiceáil ar mo shiúlóidí paindéime – tá an JC Buí ar ais!

An tseachtain seo thuig mé ar bhealach nach raibh soiléir roimhe seo go raibh athruithe bunúsacha ag dul ag tarlú thart anseo

Tá athrú le feiceáil ar mo shiúlóidí paindéime – tá an JC Buí ar ais!

Tháinig athrú mór ar an tírdhreach le linn na siúlóidí laethúla le gairid. Cén torann aisteach é sin? a deirim liom féin. Rinne mé amach de réir a chéile gur sluaisteáil, tochailt agus réabadh a bhí le cloisteáil measctha le cantain na n-éan.

Sea, bhí an JC Buí, mar a thugadh mo mhac air nuair a bhí sé óg, ar ais i mbun oibre.

Bhí na suíomhanna móra tógála chomh ciúin sin le tamall go raibh dearmad déanta agam ar an méid tógála a bhí beartaithe thart sna bólaí seo.

Le cúpla mí anuas, bhí an chosúlacht ar chuid acu nach leagfaí bríce orthu arís go brách.

Ansin go tobann, chuathas i mbun oibre arís.

Thall ansin, an pinniúr babhlála ‘Leisureplex’ á leagan; ansiúd, suíomh á réiteach san áit a raibh club oíche cáiliúil; thall ansin, siopa cáiliúil troscán glanta agus bloc mór árasán leath-thógtha. Chuir an phaindéim stop le chuile short.

Bhí an t-athrú chomh suntasach an tseachtain seo gur thuig mé ar bhealach nach raibh soiléir cheana go raibh athruithe bunúsacha ag dul ag tarlú thart anseo.

Ní mó ná sásta a bhí an búistéir faoi. Tá sé ann le 60 bliain. Tá an siopa grósaera taobh leis, ar an tsráid sin le 60 bliain freisin.

‘Ní bheidh tada ann ach tranglam tráchta,’ a dúirt sé liom. Tá an bloc mór ag ardú aníos gach lá amach ar aghaidh an tsiopa. Agus mhínigh sé dom go mbeadh an caifé taobh leis ag imeacht freisin – cheannaigh na forbróirí an áit nuair a cheannaíodar an siopa troscán.

Ach an chasaoid ba mhó a bhí aige ná an laghdú a bhí déanta ar líon na spásanna páirceála a bhí ceadaithe. Fuair sé an locht ar fad ar ‘SHD’ – an cineál forbartha a bhfuil os cionn 100 áit chónaithe ann, agus nach gá cead a fháil chuige ón údarás áitiúil. Is féidir a dhul caol díreach chuig an mBord Pleanála le haghaidh cead tógála.

Chuir seo ar fad ag smaoineamh mé. Bhí comhairleoir amháin ar m’aithne a bhíodh ag caint faoi phleanáil go minic. Ach caithfidh mé a admháil nár chuir mé féin mórán suime san ábhar go bhfaca mé an cartadh agus an tsluaisteáil ar chuile thaobh díom an mhaidin cheana.

Chuaigh mé chun cainte léi – is é sin, rinne mé coinne léi labhairt faoi ar an bhfón. Comhairleoir Contae neamhspleách is ea an Comhairleoir Deirdre Donnelly. Is í an Leas-Chathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin í. D’fhéadfá a rá gur fáisceadh as an gceantar seo í – chuaigh sí ar meánscoil i gColáiste Íosagáin, sula ndeachaigh sí ag an Ollscoil in UCD.

Cainteoir líofa Gaeilge í – déanann sí agallaimh rialta ar RnaG agus ar NuachtRTÉ agus TG4. I nGaeilge ar fad a labhair muid le chéile. Bhí imní uirthi le cúpla bliain anuas maidir leis na forbairtí go léir a bhí beartaithe don cheantar agus go háirithe fúthu siúd atá dírithe ar an margadh ‘Ceannaigh agus Cuir ar Cíos’.

Ach ag an am céanna is breá léi go bhfuil fuaim na dtarracóirí agus na dtochaltóirí le clos arís thart sa cheantar seo – is comhartha dóchais é agus dea-chomhartha don eacnamaíocht.

An fhadhb is mó a fheiceann Deirdre agus í ina cónaí sa cheantar ná nach bhfuil aon chúram á dhéanamh don dream atá ag dul in aois agus go mb’fhéidir gur mhaith leo méid an tí a laghdú – ‘downsizing, mar a déarfá’. Agus ar an taobh eile den scéal, deir sí nach féidir le daoine nó lánúineacha óga cos a leagan ar ‘dhréimire na tithíochta’.

‘Tá na hárasáin atá á dtógáil róbheag do chlann agus ní oireann siad ach an oiread don dream atá ag dul in aois,’ a deir sí. Is minic Deirdre ag déanamh an cháis faoi na fadhbanna seo ag cruinnithe den Chomhairle Contae.

Ach is léir anois go bhfuil na forbróirí móra in ann dul thar an gComhairle, agus cead a fháil díreach ón mBord Pleanála.

Céard faoin mbúistéir a bhfuil an-imní air faoin trácht a thiocfas leis an méid sin tithíochta nua ar bhóthar caol i gCnoc Mhuirfean? An bhfuil an scéal amhlaidh in áiteanna eile?

Nuair a d’fhéach mé ar na scéalta faoi phleanáil agus tithíocht nua atá beartaithe i gceantair eile thart anseo thug mé faoi deara go bhfuil athrú saoil ar na bacáin dúinn chomh fada agus a bhaineann le lucht pleanála.

Is beag plean atá ag cur spásanna páirceála ar fáil don líon iomlán árasán. Tá an bhéim ar fad anois ar iompar poiblí agus bealaí eile taistil ar nós na rothaíochta. Anois a thuigim céard atá taobh thiar den bhéim nua a cuireadh ar bhealaí rothaíochta sa gcathair.

Níl aon dabht ach go bhfuil ciall leis anois ó tharla nach bhfuil aon súil ann go mbeidh carranna ag na daoine ar fad a bheas ina gcónaí sna forbairtí nua seo.

Inniu féin, fógraíodh go bhfuil cead tugtha do 732 árasán nua ar sheansuíomh Player-Wills ar an gCuarbhóthar Theas – gar do lár na cathrach. Tá cead tugtha cheana do na céadta árasán eile taobh leis. Ní bheadh éinne ag súil go gcuirfí áiteanna páirceála do na mílte duine ar fáil ar an suíomh sin.

Ach is de réir a chéile a thógtar na caisleáin freisin. Faigheann Deirdre sásamh as na buanna beaga agus as na pleananna maithe a bheas le cur chun cinn ag a Comhairle féin i nDún Laoghaire/Ráth an Dúin.

Le fada an lá, tá sí ag stocaireacht go ndéanfaí rud éigin le sean-eastát a thóg an Chomhairle ach atá ag titim i dtraipisí le blianta beaga anuas – St Laurence’s Park, i Stigh Lorgan. Tá sé le taobh an N11 agus ar aghaidh na leabharlainne.

Cúis mhór áthais di go ndéanfar na tithe a atógáil, mar thithe de chuid na Comhairle agus go gcuirfear cóir freisin ar an leabharlann agus go dtógfar ionad nua poiblí ann freisin. Tá tithíocht phoiblí le tógáil ag an gComhairle agus tá áthas uirthi faoi sin.

Beidh forbairt mhór eile de chuid na Comhairle – 597 teach sóisialta agus inacmhainne á thógáil amuigh sa tSeanchill agus stáisiún nua traenach ansin freisin.

B’fhéidir nach mbeidh a leithéid de thithe riamh arís ‘i lár an bhaile’ mar a bhíodh sna blianta atá caite. Ach ar a laghad ar bith tá sí sásta go mbeidh a leithéid suite gar do chóras iompar poiblí – busanna, traenacha, Luas agus a leithéidí.

Ceist eile ar fad agus ceann a dhéanann tinneas di ná cúrsaí slándála na mban agus iad ag taisteal ar chóras iompar poiblí deireanach san oíche.

Ach is léir ó bheith ag breathnú timpeall orm le tamall ar mo chuid siúlóidí paindéime, nach féidir a bheith ag súil go mbeidh carr páirceáilte taobh amuigh de gach teach nó áitreabh níos mó.

Tá an ré sin caite.

Fág freagra ar 'Tá athrú le feiceáil ar mo shiúlóidí paindéime – tá an JC Buí ar ais!'