Tá an tuaisceart níos boichte ná an deisceart agus tá an éagothroime ag méadú

Oscailt súl atá staidéar nua do Stormont agus dóibh sin ar mian leo a chur i gcion ar an bpobal gur fearrde iad a bheith sa Ríocht Aontaithe

Tá an tuaisceart níos boichte ná an deisceart agus tá an éagothroime ag méadú

Níos boichte, ag fáil bháis níos óige, ag fanacht níos faide ar chóir leighis agus an bhearna ag méadú. B’in iad torthaí staidéir a rinne an ESRI agus Tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte i Roinn an Taoisigh ar an gcomparáid idir eacnamaíocht Thuaisceart Éireann agus na Poblachta.

Drochscéal don Tuaisceart ab ea é ar bheagnach gach critéir; caighdeán maireachtála, rátaí pá agus fiú amháin seirbhís sláinte. Oscailt súl do Stormont agus dóibh sin ar mian leo a chur i gcion ar an bpobal gur fearrde iad a bheith sa Ríocht Aontaithe. Ceol binn do dhaoine a éilíonn reifreann faoi aontú nó Éire nua.

Ní údar iontais d’éinne é go bhfuil an sparán poiblí níos raimhre ó dheas. Níl agat ach breathnú ar an mbail atá ar na bóithre nó éisteacht le fógra i ndiaidh fógra ó Stormont nach bhfuil siad in acmhainn éilimh ar chabhair leasa shóisialaigh nó pá a íoc. Tá a chúig oiread teacht isteach ó cháin chorparáideach ó dheas is atá abhus; cé nach féidir talamh slán a dhéanamh di sin feasta i bhfianaise iompar an fhir leis an bpóstaer i ngairdín an Tí Bháin.

Tá ollioncam náisiúnta na Poblachta per capita 57% níos airde ná sa Tuaisceart de bharr ráta fáis níos láidre, de réir na tuarascáil. Tá an Tuaisceart ag brath níos mó ar an earnáil phoiblí agus níl déantúsaíocht ná teicneolaíocht faisnéise chomh láidir is atá taobh theas den teorainn.

Níl tógáil croí sa scéal pearsanta nó teaghlaigh ach oiread cé is moite den ráta cánach. Gearrtar níos lú ná leath an méid per capita mar cháin ioncaim ó thuaidh  thart ar €2,980 i gcomparáid le €6,725 ó dheas ach tá rátaí pá in aghaidh na huaire 36% níos airde ó dheas.

Is ag dul i méid atá líon na ndaoine a fhágann an scoil luath sa Tuaisceart, méadaithe ó 9.4% go 10% idir 2018 agus 2022; tá an ráta abhus a thrí oiread is atá ó dheas. 71% de dhéagóirí idir 15 agus 19 atá ar scoil i gcomparáid le 94% sa deisceart.

Siad na torthaí maidir le cúrsaí sláinte a bhain geit as daoine áfach. Sé an buntáiste don Tuaisceart ón NHS, an tseirbhís sláinte phoiblí ‘saor ó chliabhán go huaigh’, a luaitear go seasta mar argóint in aghaidh aontú na hÉireann. Ba léir le blianta anois go raibh an tseirbhís sláinte faoi bhrú ach níor cluineadh éinne ag maíomh go raibh an córas ó dheas aon bhlas níos fearr.

De réir an staidéir is ionann an cás ar dhá thaobh na teorann do dhaoine a bhíonn ag feitheamh suas le sé mhí ar chúram mar othar seachtrach nó cónaitheach. Ní hamhlaidh an scéal ina dhiaidh sin, áfach. Bíonn 86 as gach 1,000 sa Tuaisceart ar liostaí feithimh breis is 18 mí i gcomparáid le 12 in aghaidh an 1,000 ó dheas.

Agus an rabhadh dúinne, an seandream, tá laghdú suntasach ar ionchas saoil sa Tuaisceart 80.4 bliain i gcomparáid le 82.4 ó dheas.

Bheadh comparáid idir na leibhéil bhochtanais, go sonrach, ar dhá thaobh na teorann suimiúil mar ghné de thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte. Cé go bhfuil go leor sa bPoblacht ar a gcompord agus roinnt mhaith abhus, níl acmhainní á ndáileadh go cothrom ar cheachtar taobh den teorann. Seans go mbeadh an scéal níos dearfaí ó dheas dá mbeadh dóthain tithíochta ar fáil agus tá an fhadhb sin ag dul in olcas sa Tuaisceart freisin.

Sa deireadh, de réir gach critéir, bhí Tuaisceart Éireann in áit na leathphingine sa chomparáid. Ba léir ó thost na n-aontachtach faoin tuarascáil gur chúis bhuartha iad na torthaí, go háirithe an fhianaise gur ag méadú atá an bhearna.

Bhí Sinn Féin ag scaipeadh bileoga le déanaí ag éileamh Tionól Saoránach faoi ullmhúchán do reifreann agus níorbh ionadh ar bith é gur mhaígh siad gur neartaigh an staidéar seo an t-éileamh. Dúirt an SDLP nárbh iontas ar bith é go mbeadh daoine ag breathnú go héadmhar ó dheas, iad diongbháilte gur Éire nua a thabharfadh na deiseanna is fearr don phobal ar fad.

Ní léir gur deifir chun reifrinn faoin teorainn atá taobh thiar de thionscnamh uile-oileáin an Taoisigh.

Athmhuintearas i dtosach atá mar aidhm aige de réir agallaimh a rinne sé le gairid ach gríosóidh an tuarascáil seo a thuilleadh feachtasaíochta ar son Éire aontaithe.

Fág freagra ar 'Tá an tuaisceart níos boichte ná an deisceart agus tá an éagothroime ag méadú'