Tá an Dara Cogadh Fuar ar na bacáin

Mar stát neodrach ba chóir dúinne a bheith ag iarraidh teannas idirnáisiúnta a laghdú agus baol an chogaidh a chur ó dhoras

Tá an Dara Cogadh Fuar ar na bacáin

Is cosúil go bhfuil an Dara Cogadh Fuar ar na bacáin mar thoradh ar thoghadh Joe Biden ina Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Le tamall de bhlianta, ar ndóigh, tá sé ina raic idir na Stáit Aontaithe agus an tSín, agus idir na Stáit Aontaithe agus an Rúis.

Faoi réimeas Trump, deacrachtaí eacnamaíochta is trádála ba chúis leis an raic.  Labhair Trump go borb faoin tSín, ag bagairt seo siúd agus eile orthu agus brú á chur aige ar ‘chomhghuaillithe’ Mheiriceá cabhrú leis ina chuid iarrachtaí.

Ach cúrsaí eacnamaíochta a bhí i gceist aige seachas cúrsaí polaitíochta agus in ainneoin na cainte boirbe ní raibh aon bhaol mór ann go mbeadh cogadh ann dá bharr.

Mar an gcéanna leis an Rúis. Fág ar leataobh bolscaireacht sheafóideach an Pháirtí Dhaonlathaigh gur chuir na Rúisigh a ladar sna toghcháin i Meiriceá agus bhí Trump sásta dul i ngleic leis an Rúis, cé nár chuir sé mórán fuinnimh isteach san fheachtas ina gcoinne.

(Ní raibh ar siúl ag na Daonlathaigh ach iarracht leas a bhaint as naimhdeas traidisiúnta Mheiriceá don Rúis nó don Aontas Sóivéadach, mar a bhíodh).

Ba chuma le Trump freisin faoin mbréagchlamhsán faoin Úcráin.

Chuir sé brú ar an nGearmáin gan dul ar aghaidh leis an bpíobán gáis idir an Rúis agus tuaisceart na Gearmáine, Nordström a Dó. Ach ní raibh sé buartha faoin tionchar diúltach a bheadh aige sin ar an bPolainn nó an Úcráin a bhí in aighneas iad féin leis an Rúis. An rud a theastaigh ó Trump ná gás leachtach peitriliam ó Mheiriceá a dhíol leis an nGearmáin.

Bhí an gás as Meiriceá níos daoire ar ndóigh, agus ar deireadh thiar, in ainneoin go raibh Angela Merkel sásta labhairt i bhfabhar an fheachtais pholaitiúil i gcoinne na Rúise, chinn na Gearmánaigh gan aird a thabhairt ar Trump.

Má ligeadh osna faoisimh sa chuid is mó den domhan nuair a chaill Trump an toghchán, tuigtear anois go bhfuil praghas le híoc air sin. Is é an praghas sin ná ardú mór sa teannas idirnáisiúnta den chineál a bhí ann nuair a bhí an Cogadh Fuar ar siúl.

Mar sin, nuair a d’fhógair Joe Biden go raibh Meiriceá ‘ar ais’, fógra a bhí ann freisin go raibh an seanteannas le filleadh freisin.

Feiceann muid ar dtús an dlús atá curtha ag Biden leis an bhfeachtas frithRúiseach, agus an beart saighdiúirí is ionaid mhíleata de chuid NATO a chur san Úcráin le go mbeadh an Rúis timpeallaithe ar gach bealach.

Ós talamh mín atá ann idir an Úcráin agus an Rúis, sin é an cúrsa ab fhearr d’aon ionradh ar an Rúis, agus is maith a thuigeann na Rúisigh é. Tá foláireamh tugtha acu go mbeidh orthu cur lena gcuid slándála féin mar fhreagra air seo – macalla, b’fhéidir, den armrás a bhí ann idir Meiriceá agus an tAontas Sóivéadach.

Tá Putin damnaithe ag Biden mar dhúnmharfóir is mar fhear an oilc, caint a chuirfidh leis an teannas gan dabht.

I gcás na Síne tá Biden ag neartú ar na líomhaintí i gcoinne na Síne maidir leis na hUigiúraigh.  Níl aon fhianaise faoi na líomhaintí seo ach faisnéis ó Newlines Institute, atá maoinithe ag an CIA.

Is cuma gur Uigiúraigh na hoifigigh is sinsearaí in Xinjiang.  Caithfidh go bhfuil cinedhíothú ar siúl toisc go ndeir na Meiriceánaigh go bhfuil.

Agus arís, tá Biden ag iarraidh ar ‘comhghuaillithe’ SAM sa gcomhphobal idirnáisiúnta maolú ar an gcaidreamh a bhíonn acu leis an tSín agus é a cheangal le hathruithe inmheánacha sa tír.

An deacracht a bhaineann leis seo ar ndóigh ná go ndéanann tíortha na hÁise Áiseacha i bhfad níos mó trádála leis an tSín ná mar a dhéanann siad le Meiriceá.  Agus tá sé deimhnithe ag an tSín nach ligfidh siad don Eoraip aon cheangal a chur orthu.

Tá deacracht eile ag baint leis na bacanna trádála a chuirtear ar thíortha nach dtaitníonn leis na Stáit Aontaithe.  Is é sin go bhfuil an iomad díobh ann, rud a bhrúnn na tíortha sin – an tSín, an Rúis, an Iaráin is eile – le chéile.

I gcás na hÉireann, tá an-iarracht déanta againn briseadh isteach i margadh na Síne, go háirithe maidir le honnmhairiú mairteola. Ach is léir nach féidir é sin a dhéanamh má ghlacann muid páirt i bhfeachtais i gcoinne na Síne.

Mar stát neodrach – nó stát a bhíodh neodrach ar aon chuma – ní cóir go mbeadh muid ag glacadh páirte ina leithéid sin ar aon nós. Ba chóir dúinne a bheith ag iarraidh teannas idirnáisiúnta a laghdú agus baol an chogaidh a chur ó dhoras.

An é deireadh na neodrachta an praghas atá le híoc as ár ndílseacht don Aontas Eorpach?

Sea, Carthago delenda est!

Fág freagra ar 'Tá an Dara Cogadh Fuar ar na bacáin'

  • MacAnRí

    Ní leor do mo dhuine an cineál iompraíochta atá ag an tSín ina grúpa eitneach a fheiceáil agus é ag iarraidh orainn, tír bheag, an AE a thréigean agus ár gceangail féin leis an tSín a chruthú agus gan amhras an Rúis. Tá sé sin saonta go maith a Eoin?

  • Séamus

    An fhadhb atá ag cuid de na daoine ar an eite chlé, go háirithe dóibh siúd atá sách fada amach ar an eite chlé, ná go bhfuil siad róthoilteanach gach locht a fháil ar Mheiriceá agus ar chumhachtaí móra na hEorpa. Bíonn údar maith acu go minic ar ndóigh ach is cuma leo faoi rud ar bith a dhéanann tíortha nach cuid den Iarthar iad. Bíonn Eoin Ó Murchú sásta gach leithscéal a thabhairt ar son na Rúise agus na Síne, cibé rud a bhíonns ar siúl acu, agus lánsásta chomh maith achan coir ar domhan a chur i leith thíortha an Iarthair.

  • S. Mac Muirí

    Ach i ndeireadh báire a chairde liom, ní féidir a mhaíomh gurbh iad na Sínigh ná na Rúisigh a mharaigh, a ghoid an talamh ó na daoine, a reachtaigh An Ghéarleanúint ná An Drochshaol 7 a ‘bhronn’ béarla ár sloinnte 7 ár n-áitainmneacha orainn. Sílim gur lucht ECAT a rinne amhlaidh 7 gur mhór a chuidigh na hibernians leo. 😉