‘Tá Achan Rud i gCeart’ – léigí scéal as an gcnuasach a bhuaigh ‘Gradam Leabhar Gaeilge na Bliana’

Cúis áthais dúinn scéal a fhoilsiú anseo as Cnámh le Eoghan Mac Giolla Bhríde, a bhuaigh an gradam do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag na mórghradaim litríochta, An Post Irish Book Awards, a fógraíodh an tseachtain seo

‘Tá Achan Rud i gCeart’ – léigí scéal as an gcnuasach a bhuaigh ‘Gradam Leabhar Gaeilge na Bliana’

San ionad siopadóireachta, bhí na daoine ag stopadh agus ag stánadh. Bhuail eagla cuid acu agus d’fhág siad uathu a mbascáidí. An méid a d’fhan, lean siad orthu ag stánadh, aghaidheanna ceisteacha orthu: Cad chuige nach gcuidíonn tú? Nach dtig leat ball éadaigh a chaitheamh uirthi?

Bhí a fhios agam go raibh siad ag amharc orm, ’mo lochtú. Sheasaigh mé ansin le mo bhascáid i mo lámh, gan ann ach buidéal fíon dearg agus bonnóg aráin bháin.

Chruinnigh tuilleadh as coirnéal eile den tsiopa agus sa deireadh tháinig fear slándála a raibh cuma Pholannach air le raidió ina lámh; culaith néata ghorm air. Mhoilligh sé nuair a chonaic sé í, ansin sheasaigh sé. D’amharc sé thart ar na haghaidheanna eile ach ní raibh tuigbheáil níos glinne le fáil. D’amharc sé uirthise. Bhí sí ag toiseacht a chrith ar an urlár. Ní raibh cuma air go raibh a fhios aige caidé le déanamh agus sheasaigh sé ansin mar dhuine de na finnéithe eile.

Ghlan mé mo sceadamán le rudaí a shoiléiriú: ‘Ní raibh de dhíth ach bainne agus arán agus píosa feola don dinnéar.’ ‘Tá achan rud i gceart!’ Ach ní thiocfadh na focail agus sheasaigh mé gan dadaidh a rá.

Bhí sí ina cnap ar an urlár ag crith.

Chuaigh an fear slándála suas fhad léi. Chuala mé trup gardaí nó otharchairr. Chrom an fear slándála agus chuir a lámh ar a gualainn. Chroith sé í agus d’fhiach í a chorrú. Chas sé thart agus d’amharc sé orm.

D’amharc na daoine eile orm. Thabharfainn iarraidh rith dá ligfeadh na cosa domh.

‘Tabhair deoch bheag uisce di,’ a dúirt mé.

‘Ní féidir uisce a thabhairt di,’ a dúirt an fear slándála. ‘D’fhéadfadh sin a bheith dochrach di.’

Bhí na daoine eile ag brú agus ag cromadh isteach níos cóngaraí. Ní raibh mé ábalta í a fheiceáil i gceart níos mó.

‘Amharc ar a cuid liobracha,’ a dúirt mé. ‘Tá siad gorm. Tabhair deoir uisce di.’

‘Chuala tú an fear. Ní bheirtear uisce d’othair. Thiocfaí dochar a dhéanamh.’

‘Níl a fhios agaibhse. Tá sí ar crith.’

Thoisigh na soilse sa tsiopa ag dul as, ceann ar cheann, agus d’éirigh an fear slándála.

Tháinig glór thar na callairí: Tá an siopa seo dúnta. Déanaigí bhur mbealach go dtí an tseiceáil amach, le bhur dtoil. Tá an siopa seo anois dúnta.

‘Déanaigí bhur mbealach amach anois,’ a dúirt an fear slándála.

Fríd na daoine, chonaic mé lámha s’aici ar an urlár agus bhí siad cosúil le lámha caola máthara. Rinne mé mo bhealach isteach fríd na daoine de réir mar a scaip siad. Bhí fuil ag teacht óna cosa, sileán dearg a thit ar na tíleanna agus a shil síos idir gága an urláir, taobh leis an ghloine ó na potaí briste. Bhí a corp craptha suas agus a sciatháin fillte faoina hucht, a súile druidte.

Chuaigh mé ar mo ghlúine ag a taobh.

‘A Lorna, a Lorna, an gcluin tú mé? Mise atá ann. Tá mé buartha … an gcluin tú?’

Mhothaigh mé lámh an fhir shlándála ar mo ghualainn agus tharraing sé siar mé. ‘Seasaigh siar. Caidé a bhí tú ag rá léi?’

D’fhoscail a súile ach bhí sí gan urlabhra. Bhí crith sna liobracha agus í ag análú go géar. Rinne mé iarraidh lámh a chur uirthi ach tarraingeadh siar mé agus tugadh orm seasamh. Lasadh na soilse uilig arís agus bhí beirt fhear agus bean otharlainne ansin le cathaoir rotha. Rinne siad neamhiontas de na creacha ar a cosa agus thoisigh siad a dh’iarraidh í a thabhairt thart.

Smaointigh mé ar an fheoil. Smaointigh mé ar an dinnéar agus ar an anlann a bhí le déanamh. Ní raibh rud ar bith eile uainn. Bhí achan rud i gceart.

Ba ise a thiomáin, mar go raibh mise i ndiaidh cúpla deoch a bheith agam, agus léim sí sa charr gan uirthi ach léine fhada gheal agus thiomáin go dtí an t-ionad siopadóireachta.

‘Cén dóigh a dtig leat tiomáint costarnocht?’ a dúirt mé léi.

Bhí athrach aoibhe sa charr agus bhí sí ag ceol. Bhí mise i mo shuí ag amharc amach an fhuinneog ag ligint orm féin nach raibh mé ag éisteacht. Guth neamhmhillte s’aici ina ghuth neamhchúthalach, réidh le briseadh. Nuair a deirim rud nach maith léi, tiontaíonn sí ar an cheol, ach bhí seo difriúil. Anois bhí sí ag ceol go binn mar bheadh ceoltóir gairmiúil. Níor lig sí a dhath uirthi féin.

Mhothaigh mé an nimh ag cúrsáil sna féitheoga. Choinnigh mé istigh é agus roimh i bhfad bhí achan rud glan agus fíor cosúil leis an aer úr lá crua seaca. Mhothaigh mé suaimhneas nach raibh agam le fada.

Labhair mé léi go ciúin réidh. Mhínigh mé rudaí di agus chuala sí. D’inis mé gach rud di ach bhí na focail fuar agus thit siad mar dhartáin.

D’éirigh mé as an charr agus shiúil mé isteach go dtí an t-ionad siopadóireachta go réidh cinnte, fad agus d’fhan sise sa charr ag ceol léi féin.

– Éabhlóid a d’fhoilsigh Cnámh. Is féidir cóip de a cheannach anseo

Fág freagra ar '‘Tá Achan Rud i gCeart’ – léigí scéal as an gcnuasach a bhuaigh ‘Gradam Leabhar Gaeilge na Bliana’'

  • Léitheoir

    Comhghairdeas leis an údar as a ghradam, agus go raibh maith agaibhse as ceann dá scéalta a chur os ár gcomhair anseo.

    Is mór an trua nach mbíonn litríocht nua, idir ghearrscéalta agus dhánta, le léamh ar Thuairisc.ie. Bíonn a leithéid le léamh go rialta san Irish Times, agus is maith an rud é – don pháipéar, dá léitheoirí agus do litríocht (Bhéarla) na tíre leis. Rud níos fearr fós ab ea é dá mbeadh an deis ag léitheoirí Thuairisc.ie gearrscéalta agus dánta a léamh, agus an deis ag scríbhneoirí Gaeilge saothair dá gcuid a roinnt ar shuíomh a bhfuil ról lárnach i saol na Gaeilge aige.

    D’fhéadfadh Tuairisc.ie scéal agus dán a fhoilsiú uair sa choicís, nó ceann uair sa mhí fiú amháin, agus ní hamháin saothair atá foilsithe cheana féin agus gradaim bronnta orthu, ach scéalta agus dánta nua ó scríbhneoirí nua agus ó phinn éagsúla . Níl puinn deiseanna ann do scríbhneoirí nua na Gaeilge, agus spás ar bith dóibh i meáin Bhéarla na tíre seo. Canathaobh nach bhféadfadh Tuairisc.ie spás a chruthú anseo, spás a bheadh ina chabhair dosna scríbhneoirí iad féin agus dúinne gur mhaith linn nua-shaothair litríochta as Gaeilge a léamh?

    Cá bhfios ach gur ar Thuairisc.ie a bheadh duine de bhuaiteoirí ‘Ghradam Leabhar Gaeilge na Bliana’ le léamh den gcéad uair riamh!