Tá a scéal féin le hinsint ag gach coirnéal de leithinis Ros Goill

Céard eile a bheadh ar bun agat agus ar bhóthar portaigh ach ag cuartú reiki massage agus ag breathnú ar athchóiriú fothraigh?

Tá a scéal féin le hinsint ag gach coirnéal de leithinis Ros Goill

Bhí mé ag siúl thar Chnoc Gainne agus mé ar saoire cúpla lá ar leithinis Ros Goill. Ní raibh mé ag súil le haon duine a fheiceáil. Bóthar uaigneach, sceirdiúil é seo agus gan fágtha ann ach corrtheach anseo is ansiúd a bhfuil daoine ina gcónaí iontu.

Ach bhí dráma beag ar siúl ar an mbóthar céanna an mhaidin áirithe seo.

B’fhacthas dom go raibh veain cúpla céad méadar ó thuaidh uaim a bhí imithe isteach sa bpuiteach ar thaobh an bhóthair. Tháinig mé chomh fada leis agus ba léir go raibh an roth tosaigh ar chlé agus an roth cúil ar chlé sáinnithe. Bhí glaoch curtha ar chomharsa a raibh tarracóir aige agus bhí an slua beag – tiománaí, faireoirí, siúlóirí agus muid féin, ag fanacht.

Agus muid ag meilt ama ar an mbóthar, fuair mé amach go raibh scéal nó dhó le hinseacht ag na daoine a bhí bailithe ann. Chuaigh an veain isteach sa talamh bog toisc go raibh an tiománaí ag seachaint bean a bhí ag siúl ar an mbóthar.

Nuair a d’fhéach mé i gceart uirthi, d’aithin mé í ón uair a chonaic mé í roinnt blianta ó shin.

‘An tú an bhean a dhéanann an reiki massage?’ a d’fhiafraigh mé di.

‘Tá mé éirithe as sin anois, ach bím ag gabháil don ‘ghnáth-massage’ anois,’ a deir sí.

D’inis sí dom go mbíodh sí á dhéanamh san óstán áitiúil ach gur éirigh sí as de bharr na paindéime.

Ba ghearr go raibh coinne déanta agam dom féin agus dom’ dheirfiúr don lá arna mhárach. Céard eile a bheadh ar bun agat agus tú ag siúl ar bhóthar portaigh?

Chas mé m’aird ansin ar an mbeirt leads óga a bhí ag tabhairt cúnaimh don tiománaí. An lá roimhe sin, chuala mé go raibh beirt ag campáil in aice seantí a raibh siad ag iarraidh cóir nua a chur air. Ba iad a bhí os mo chomhair, cinnte.

An mbeadh aon suim agam an obair a bhí ar siúl acu a fheiceáil? Cinnte, bheadh.

Lean mé orm suas an bóthar. Ach tháinig deireadh leis an mbóthar os comhair theach mo theiripeora ‘massage.’ Ansin, ar inn ar éigean, thug mé faoi deara go raibh cosán coise ag dul níos faide ó thuaidh, thar sconsa leictreach. Rinne mé amach go raibh sórt fothrach de theach ag ceann an chosáin. Ach stop mé le faitíos roimh an sconsa.

Ansin go tobann, chuala mé na glórtha ag teacht taobh thiar díom. ‘Ná bíodh aon fhaitíos ort, ardóidh mé an sconsa duit,’ a dúirt duine de na leaids. Ba chosúil go raibh an veain tarraingthe amach as an bpuiteach ag an tarracóir agus an dráma sin thart, agus iad anois ag déanamh ar an ‘mbaile’.

Ba léir go raibh an bheirt acu ag iarraidh mé a thabhairt ar thuras timpeall na ‘hoibre.’

Ba as Béal Feirste duine acu agus b’as Dún Phádraig an duine eile, ach tá siad ina gcónaí i Ros Goill faoi láthair. Tá jab mór millteach le déanamh ar an bhfothrach. Is le duine éigin atá anois ina chónaí san Astráil an seanteach, ach tá lánchead ag na leaids an teach a athchóiriú, má fhéadann siad. Tá roinnt scileanna adhmadóireachta ag duine acu agus fuinneog déanta de láimh aige agus feistithe sa díon. Ach tá an díon féin fós le clúdach leis na slinnte a bhí carntha os ár gcomhair amach.

Ar a laghad, níleadar ag campáil a thuilleadh. Ghlac duine as an áit trua dóibh agus anois tá áit le fanacht acu ar thaobh eile na leithinse.

Thart ar 150 bliain d’aois atá an teach, creideann siad. Tá an duine deireanach a rugadh ann fós beo, in aois 90 bliain – san Astráil, b’fhéidir. Níl fágtha den seantroscán ach seansorn iarainn – nach ag an sorn sin a bheadh scéalta le hinseacht! Is ar éigean go mbeadh an t-asal féin in ann a bhealach a dhéanamh síos an cosán, dá mbeadh Naomh Colm Cille ag déanamh a bhealaigh timpeall.

Deirtear gur tháinig Naomh Colm Cille an bealach agus go raibh tábhacht éigin le gach áit ar stop a asal i Ros Goill.

D’fhágamar na leaids. Sciuird bheag de shiúl na gcos a thug síos chuig Reilig Mhíobhaí muid. ‘Míobhaí’, nó ‘Mevagh’ i mBéarla an t-ainm atá ar an bparóiste uilig, ach tá a chroílár sa reilig bheag seo cois na farraige i gCuan na Maoile Rua.

Tá cros bheag ar an mbóthar mór – an áit ar stop an t-asal naofa. Agus cros i bhfad níos mó thíos sa reilig féin ach gan aon rud greanta uirthi, scríobh ná pictiúr. Níl fianaise ar bith fágtha uirthi a thabharfadh le fios cén uair a tógadh í. Aon chloch amháin, i bhfoirm na croise atá ann.

Agus an fothrach de shéipéal sa reilig, cé go bhfuil ceangal idir é agus Colm Cille sa seanchas, ceaptar go mbaineann sé le ré níos deireanaí – an 11ú aois, b’fhéidir. Ní hin le rá nár sheas an t-asal anseo agus gur tógadh séipéilín atá tite as a chéile anois ann agus gur tógadh ceann nua os a chionn.

Sula raibh aon chaint ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin bhí an ‘Atlantic Drive’ ann timpeall na leithinse seo. Tá sé ar ceann de na turais is fearr ó thaobh radharcanna – Corrán Binne le feiceáil ar thaobh amháin agus Ceann Fhánada, le hInis Eoghain agus Cionn Mhálanna taobh thoir de, amach uait ar an dtaobh eile.

Agus tú ar do bhealach ar an ‘Atlantic Drive’ ó thuaidh go Dumhaigh, thíos fút feicfidh tú Trá na Rosann, ceann de na tránna is feiceálaí sa tír. Ach tá radharcanna ann freisin i gcoirnéil eile anseo is ansiúd agus a scéal féin i ngach coirnéal acu.

Tá Oileán Thoraí amach uainn siar ó thuaidh. Ach tá sé rógharbh don turas oileáin a bhí beartaithe. Tabharfaimid ár n-aghaidh ar Pháirc Ghleann Beithe seans, ach sin scéal do lá eile.

Fág freagra ar 'Tá a scéal féin le hinsint ag gach coirnéal de leithinis Ros Goill'