Tá 23 tuairisc oifigiúil faoi athchóiriú an tSeanaid foilsithe agus gan faic déanta

Údar náire an mhoill ar athchóiriú an tSeanaid agus tá sé thar am ag cibé dream a bheas i mbun rialtais an scéal a chur ina cheart

Tá 23 tuairisc oifigiúil faoi athchóiriú an tSeanaid foilsithe agus gan faic déanta

Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie

Ní thugann ár bhformhór aird riamh ar a ndeirtear i Seanad Éireann, cé nár thapaíomar an deis deireadh a chur leis seacht mbliana ó shin.

Tá sé thar am mar sin ag gach ionadaí tofa i dTeach Laighean cuimhneamh ar bhreith an phobail ar an teach uachtarach.

   Mhol comhrialtas Fhine Gael agus an Lucht Oibre go gcuirfí deireadh leis an Seanad i reifreann a reáchtáladh in 2013. Dhiúltaigh móramh beag (51.7%) don chealú a moladh. Gheall Enda Kenny tar éis an reifrinn go bpléifí agus go mbreithneofaí atheagrú ar an Seanad gan mhoill d’fhonn a ionchur sa phróiseas polaitiúil a neartú.

   Níor dúradh an uair sin ná ó shin go gcaithfí cuimhneamh ar an mbearna chaol sa reifreann idir líon na vótaí i bhfabhar agus in aghaidh an leasaithe. Glacadh leis ar chaon taobh nach raibh aon difríocht ó thaobh éifeachta de idir móramh beag agus móramh mór.

   Is fiú cuimhneamh freisin ar an móramh beag (50.3%) a vótáil i bhfabhar colscaradh a cheadú i 1995 i reifreann a chuir athrú ó bhonn ar shaol na tíre i bhfeidhm. Ní theastaíonn ach móramh i ngach reifreann – ní laghdaíonn a mhéid a éifeacht.

   Tá atheagrú an tSeanaid cíortha ag dhá choiste a bhunaigh an rialtas ó vótáladh i reifreann 2013. D’fhoilsigh coiste a raibh an t-iarSheanadóir Maurice Manning ina chathaoirleach air tuairisc théagartha in 2015. Chuir ‘coiste feidhmithe’ a bhunaigh an rialtas ina dhiaidh sin, a raibh an Seanadóir Michael McDowell (atá díreach tofa arís) ina chathaoirleach air, moltaí faoina mbráid in 2018.

Ainneoin na hoibre a rinne dhá choiste ó 2013, is de réir an tseanchórais atá comhaltaí an tSeanaid nua á roghnú faoi láthair san ionad comhairimh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

De réir an chórais:

  • Toghann Teachtaí Dála, Seanadóirí agus comhairleoirí contae agus baile 43 Seanadóir.
  • Toghann céimithe Ollscoil na hÉireann triúr Seanadóirí.
  • Toghann céimithe Choláiste na Tríonóide triúr eile.
  • Ainmníonn Taoiseach nuathofa aon Seanadóir déag.

Creid é nó ná creid, tá 23 tuairisc oifigiúil ar athchóiriú an tSeanaid foilsithe ó bunaíodh an  chéad choiste a bhreithnigh struchtúr agus gnó an tí uachtaraigh i 1928. Creid é nó ná creid, níor cuireadh oiread agus athrú amháin a mhol coiste ar bith i bhfeidhm go dtí seo.

   Sa tuairisc a d’fhoilsigh an coiste a raibh Michael McDowell ina chathaoirleach air (atá ar fáil anseo), moladh:

  • Go dtoghfadh Teachtaí Dála, Seanadóirí agus comhairlí contae agus baile 15 Seanadóir.
  • Go dtoghfadh saoránaigh sa stát, i dTuaisceart Éireann agus thar lear, 34 Seanadóir.
  • Go dtoghfadh an Taoiseach aon Seanadóir déag.

Dúradh sa tuairisc is deireanaí (a scríobh coiste ar a raibh dháréag Teachtaí Dála agus 11 Seanadóir) go mbeadh tionchar níos láidre ag an bpobal ar roghnú seanadóirí – cé gur léir do chách nach bhfuil tionchar díreach ar bith air ag an bpobal faoi láthair – agus go neartódh a moltaí a údarás daonlathach.

   Níl cinneadh ar bith déanta ó shin i leith le moltaí an choiste a chur i bhfeidhm. Dúirt Leo Varadkar sa Dáil anuraidh, dá rachfaí chun cinn le hathchóiriú an tSeanaid go gcaithfí a bheith cinnte go raibh “an t-athchóiriú ceart” á dhéanamh. Ba léir dá raibh ag éisteacht leis ar an 11 Meitheamh nach raibh aon athrú beartaithe aige sa ghearrthéarma. Ná am ar bith feasta ach oiread, má bhíonn an toradh céanna ar an athbhreithniú is deireanaí agus a bhí ar gach athbhreithniú eile a rinneadh ar an Seanad go dtí seo.

   Tá an scéal ina cheap magaidh le fada. Tá moltaí fiúntacha athchóirithe foilsithe arís agus arís eile. Tá sé thar am ag cibé dream a bheas i mbun rialtais, luath nó mall, sa 33ú Dáil an scéal a chur ina cheart.

Focal scoir: I reifreann a reáchtáladh i 1979, vótáil móramh láidir (92%) i bhfabhar leasuithe a cheadaigh vótaí i dtoghchán an tSeanaid a thabhairt do chéimithe ó choláistí tríú leibhéal eile seachas coláistí Ollscoil na hÉireann agus céimithe Choláiste na Tríonóide.

   Ainneoin toradh an reifrinn sin, ainneoin an mhóraimh ollmhóir, ní dhearna rialtas ar bith rud ar bith le rogha shoiléir na dtoghthóirí 41 bliain ó shin a chur i bhfeidhm.

Fág freagra ar 'Tá 23 tuairisc oifigiúil faoi athchóiriú an tSeanaid foilsithe agus gan faic déanta'