Suíochán breise d’Éirinn do thoghcháin Pharlaimint na hEorpa

Meastar gur i dToghlach an Láir Tíre – an Iarthuaiscirt a bheidh an suíochán breise, rud a dhéanfadh toghlach cúig shuíochán de

Suíochán breise d’Éirinn do thoghcháin Pharlaimint na hEorpa

AN tAE

Beidh suíochán breise ag Éirinn do thoghcháin Pharlaimint na hEorpa mí an Mheithimh seo chugainn.

14 seachas 13 feisire Eorpach a bheidh ag Éirinn i ndiaidh an chéad toghcháin eile.

Meastar gur i dToghlach an Láir Tíre – an Iarthuaiscirt a bheidh an suíochán breise, rud a dhéanfadh toghlach cúig shuíochán de.

Faoi na socruithe nua, beidh dhá shuíochán bhreise ag an bhFrainc, an Spáinn agus an Ísiltír.

Suíochán breise amháin a bheidh ag Éirinn, an Ostair, an Danmhairg, an Bheilg, an Pholainn, an Fhionlainn, an tSlóvaic, an tSlóivéin agus an Laitvia.

Chinn an Chomhairle Eorpach líon na suíochán i bParlaimint na hEorpa a mhéadú ó 705 go 720 don chéad téarma reachtach eile.

Líon na suíochán

  • An Bheilg +1 [22]
  • An Danmhairg +1 [15]
  • Éire +1 [14]
  • An Spáinn +2 [61]
  • An Fhrainc +2 [81]
  • An Laitvia +1 [9]
  • An Ísiltír +2 [31]
  • An Ostair +1 [20]
  • An Pholainn +1 [53]
  • An Fhionlainn +1 [15]
  • An tSlóivéin +1 [9]
  • An tSlóvaic +1 [15]

Vótáil an Pharlaimint ar son na n-athruithe. 515 feisire a bhí ar a son, 74 a vótáil ina gcoinne agus shocraigh 44 feisire staonadh.

Le linn na díospóireachta roimh an vótáil, cháin Feisirí áirithe an iarracht, a deir siad, a rinne an Chomhairle cur isteach ar fheidhmeanna buiséid agus neamhspleáchas na Parlaiminte.

Déantar comhdhéanamh na Parlaiminte a mheas roimh gach toghchán, bunaithe ar na staidrimh is déanaí faoin daonra. Leagtar amach sna conarthaí gur 750 Feisire (agus an tUachtarán) an t-uasmhéid atá ceadaithe sa pharlaimint. Ní foláir sé shuíochán ar a laghad a bheith ag gach ballstát agus ní ceadmhach níos mó ná 96 suíochán a bheith ag aon tír.

 

Fág freagra ar 'Suíochán breise d’Éirinn do thoghcháin Pharlaimint na hEorpa'