Súil siar ar 2014 le…. Stephanie Roche

Labhair Tuairisc.ie le Stephanie Roche, imreoir sacair le foireann na hÉireann, faoi na cuimhní atá aici ar an mbliain 2014.

Stephanie Roche 19/8/2014

1. Céard í an chuimhne is mó atá agat ar 2014?

Bheadh sé deacair gan ainmniúchán PUSKAS a roghnú mar bhuaicphointe na bliana! É sin agus ceann de na trí áit is airde a bhaint amach.

2. Céard é an leabhar is fearr atá léite agat i 2014? Céard é an scannán is fearr atá feicthe agat i 2014?

Thosaigh mé ag léamh dírbheathaisnéis Alex Ferguson le déanaí. Chaithfinn an ceann sin a roghnú mar, de dhéanta na fírinne, ní léim an oiread sin leabhar!

Maidir le scannáin, chaithfinn crainn a chaitheamh ar The Wolf of Wall Street, American Hustle agus 12 years a Slave!

3. An bhfuil aon chúis aiféala agat maidir le 2014?

Ní ritheann aon cheann liom as mo sheasamh! Creidim go mbíonn cúis le gach rud a tharlaíonn agus déanaim iarracht gan breathnú siar!

4. Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort i 2014?

Is cuimhin liom físeán a fheiceáil de Villareal ag tabhairt cuireadh do dhuine óg a raibh ailse air imirt i gcluiche carthanachta dá gcuid in aghaidh na gCeilteach. Mheasas go raibh sé sin thar barr! Agus scóráil mo dhuine, dála an scéil!

5. Céard é an scéal is mó a chuir brón ort i 2014?

Nidge á lámhach. Haha!

6. Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2014?

Bhuel tá blaisín beag Fraincise foghlamtha agam le déanaí! Ha.

7. Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2014?

Shínigh mé conradh proifisiúnta agus a chuaigh mé sall go dtí na Stáit Aontaithe chun cóitseáil a dhéanamh. Is dhá rud iad sin a theastaigh uaim a dhéanamh!!

 

Fág freagra ar 'Súil siar ar 2014 le…. Stephanie Roche'