Súil ar chúrsaí spóirt na Gaeltachta

Breathnaíonn Tuairisc.ie ar cén chaoi ar éirigh le foirne na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo

St. Eunan's celebrate winning the Dr. Maguire Cup 2/11/2014
Foireann Naomh Adhamhnáin ag ceiliúradh an bua in aghaidh Ghleann tSúilí aréir. ©INPHO/Presseye/Lorcan Doherty

Naomh Adhamhnáin ar barr i nDún na nGall arís

Is iad Naomh Adhamhnáin seaimpíní Dhún na nGall i mbliana tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar a gcomharsana béal dorais, Gleann tSúilí, i bPáirc Sheáin Mhic Cumhaill inné.

Is é seo an cúigiú craobh atá buaite acu ó 2007 agus an ceathrú ceann déag san iomlán, gaisce a chuireann ar comhchéim iad le Gaoth Dobhair mar an fhoireann is rathúla sa chontae.

0-9 in aghaidh 0-6 a chríochnaigh an cluiche. Ní bhfuair Gleann tSúilí ach pointe amháin ón imirt sa 60 nóiméad agus is é an chosaint sin a leag bunchloch an bhua do Naomh Adhamhnáin. Bhí John Haran ag imirt sa dara cluiche ceannais déag aige d’fhir Leitir Ceannain agus thug sé sárthaispeántas taobh le Conall Dunne agus imreoir Dhún na nGall, Rory Kavanagh.

Rinne Michael Murphy a dhícheall chun Gleann tSúilí a thabhairt ar ais sa chluiche ach bhí fuar acu cúl a aimsiú agus is ag snámh in aghaidh easa a bhí siad go deireadh an chluiche.


Craobh Faoi-21 Chiarraí buaite ag An Ghaeltacht

Foireann an Ghaeltacht, buaiteoirí craobh Faoi-21 Chiarraí, tar éis dóibh Na Crócaigh a bhuaiadh inné.

Bhí foireann na Gaeltachta chun cinn ó thor go tom i gcluiche ceannais Faoi-21 Chiarraí inné, cé gur thug Na Crócaigh a ndóthain dóibh le déanamh. Bhí an bua acu, 2-10 in aghaidh 0-11 i gcoimhlint iontach i gCill Airne inné.

Chuir buachaillí na Gaeltachta tús foirfe leis an gcluiche nuair a d’aimsigh Seán Ó Bambaire an chéad cúl dóibh agus gan ach trí nóiméad imithe. Tar éis deich nóiméad, bhí An Ghaeltacht níos faide chun cinn, 1-3 in aghaidh 0-1, agus Tomás Ó Sé, a bhí san iomaíocht san Oireachtas in Óstán an Gleneagles an deireadh seachtaine céanna, i measc na scórálaithe.

Bhí bearna seacht bpointe idir na foirne ag leath-am, 1-7 in aghaidh 0-3, ach tháinig Na Crócaigh ar ais go láidir sa dara leath. Agus an cluiche ag druidim chun deiridh, ní raibh ach dhá phointe ag scaradh an bhfoirne, 1-10 le 0-11 – ach tar éis sárchosaint ag buachaillí na Gaeltachta, bhuaigh siad cic éirice. Leis an mbuille deireanach den chluiche, bháigh Éanna Ó Conchuir, laoch an chluiche, an liathróid san eangach.

Chuir an bua seo clabhsúr ar bhliain iontach do dhaoine mar Bhrian Ó Beaglaíoch, Tomás Ó agus Roibeárd Ó , a bhuaigh Corn Uí Ógáin le Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus Craobh Mionúr na hÉireann le Ciarraí chomh maith in 2014.


Cathal Sweeney
Cathal Sweeney (sa lár), a d’aimsigh cúl, chomh maith lena leathchúpla, Patrick, i mbua Chil Aithnín ag an deireadh seachtaine. ©INPHO/Lorraine O’Sullivan

Bua éasca ag Cill Aithnín

Cill Aithnín tríd go cluiche ceannais idirmheánach Chonnacht tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Chalraigh/Naomh Iosef (Sligeach) i dTuaim. Bhí farasbarr 26 pointe idir na foirne ag deireadh an chluiche, 5-17 in aghaidh 0-6, agus gan mórán allais curtha ag fir na Gaillimhe.

Ba léir cén cuspóir a bhí ag Cill Aithnín sa chéad cúpla nóiméad nuair a d’aimsigh an leathchúlaí, Johnny Heaney, an chéad cúl den chluiche. Taobh istigh de chúpla nóiméad eile, bhí dhá chúl eile faighte ag Cill Aithnín, ceann an duine ag Niall Walsh agus Cathal Sweeney, agus 3-10 in aghaidh 0-1 an scór a bhí ann ag leath-am.

Go luath sa dara leath, thug Cathal deis dá chúpla, Patrick, cúl eile a fháil sular aimsigh Rory Green an cúl deireanach d’fhoireann Chonamara.


Pic4 - Acaill
Foireann Acla, a bhuaigh cluiche eathcheannais Sóisear Chonnacht inné.

Coimhlint na nOileán i gcluiche ceannais sóisear Chonnacht

Tabharfaidh Oileán Acla aghaidh ar Oileán Árann i gcluiche ceannais sóisear Chonnacht tar éis   d’ fhoireann Mhaigh Eo buachan in aghaidh Michael Galveys (Ros Comáin) i gCaisléan an Bharraigh Dé Domhnaigh.

Theastaigh am breise chun na foirne a scaradh agus is iad Acaill, tar éis sárthaispeántais ó fhear lár na páirce, Seanachán Mac Pháidín, a rug an lá leo.

Gan ach dhá nóiméad fágtha sa 60, bhreathnaigh sé go mbeadh fir Ros Comáin ag dul ar aghaidh go dtí an cluiche ceannais, agus iad chun cinn le ceithre phointe ach d’aimsigh Micheál D. Mac Conmara cúl agus fuair Pee Mac Suibhne an cic comhscóir roimh an bhfeadóg dheireanach.

Bhí Mac Pháidín mar laoch ag Acaill in am breise agus scóráil sé ceithre chúilín ón imirt chun iad a thabhairt slán, 1-16 in aghaidh 1-14 an scór deireanach.


Joseph Cooney 20/4/2014
Seosamh Ó Cuana, a raibh páirt lárnach aige i mbua Na Sáirséalaigh i gcluiche ceannais chraobh Sóisear B na Gaillimhe inné. ©INPHO/Cathal Noonan

Cliseann na Breathnaigh ag an dúshlán deireanach

Is iad na Sáirséalagh seaimpíní Chraobh Sóisear B na Gaillimhe tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Chumann Mhícheál Breathnach, 1-9 in aghaidh 0-9, i Muine Mheá inné.

In ainneoin gur thosaigh fir Chonamara sách maith tar éis dóibh a gcéad chúilín a aimsiú go luath sa chéad leath, níor chuir siad le clár na scórála go ceann 30 nóiméad eile. Bhí na Sáirséalaigh sé chúilín chun cinn ag leath-am agus d’fhéadfadh an farasbarr a bheith níos mó murach an sárobair a bhí Gearóid Ó Finneadha a dhéanamh i gcúl na mBreathnach.

Is é Niall Ó Coinn a d’aimsigh an cúl do na Sáirséalaigh agus bhí iománaí na Gaillimhe, Seosamh Ó Cuana, ag fágáil a riain ar an gcluiche chomh maith.

Rinne Ó Finneadha sábháil eile den scoth ó chic éirice Nollaig Uí Cheallaigh sa dara leath agus d’aimsigh na Breathnaigh ceithre chúilín as a chéile, trí cinn acu ó Ronán Mac Donncha, ach ní raibh siad in ann an cúl cinniúnach a fháil agus bhí an bua ag na Sáirséalaigh ar deireadh, tar éis dóibh Craobh Sóisear C a bhuachan anuraidh.