Súil an tseabhaic caite ar cháipéisí na cartlainne náisiúnta le breith ar scéalta na Gaeilge

Bhí stádas oifigiúil na Gaeilge san Aontas Eorpach, Cathaoirleach Bhord na Gaeilge a bheith in abar agus ionad taighde muireolaíochta Mhaínse i measc na scéalta a tháinig ón gCartlann Náisiúnta i mbliana  

Súil an tseabhaic caite ar cháipéisí na cartlainne náisiúnta le breith ar scéalta na Gaeilge

Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís. Lucht taighde is iriseoirí ag póirseáil sna cáipéisí a scaoileann An Chartlann Náisiúnta chugainn mar chuid den riail 20 bliain. Bhí abláil faoi stádas oifigiúil na Gaeilge san Aontas Eorpach, Cathaoirleach Bhord na Gaeilge in abar faoi cholún a scríobh sé agus ionad taighde muireolaíochta Mhaínse i mbéal a dhúnta i measc na scéalta a bhí idir chamáin sa chlár Súil Siar 20 Bliain (TG4) a bhí ar siúl idir dhá Nollaig. Samhlaítear dom i gcónaí go bhfuil obair na gcapall i gceist le clár dá leithéid agus tá moladh mór ag dul don taighde a bhaineann le súil an tseabhaic a chaitheamh ar aischur na Cartlainne le breith ar scéalta Gaeilge agus Gaeltachta. Bhí an tOllamh Emeritus Gearóid Ó Tuathaigh istigh sa stiúideo le breis anailíse a dhéanamh agus feoil a chur ar chomhthéacs na scéalta. N’fhéadfaí a shárú a fháil agus dhein Máire T. Ní Mhadaoin a cúram go slachtmhar mar láithreoir. Bhí tuairiscí snasta, snoite againn ó Dhonncha Ó Murchú agus Sinéad Ní Neachtain.

Dheineadar paistí cainte le leithéidí an Dr. Pádraig Ó Laighin agus Pádhraic Ó Ciardha a shníomh isteach sna tuairiscí.  Thug clár na bliana seo ar ais chuig tosach na nóchaidí sinn. Deineadh cíoradh ar abláil an Rialtais maidir le stádas oifigiúil a lorg don Ghaeilge san Aontas Eorpach ag cruinniú mullaigh.

Dheineadar cocstí den chúram agus léirigh, ní hamháin nach raibh an Ghaeilge ar an gcloch is mó ar a bpaidrín acu ach go raibh an Roinn Gnóthaí Eachtracha go hiomlán dírithe an obair thaidhleoireachta a bhain le Dearbhú Shráid Downing.

Fuaireas féin an-bhlas ar an dara scéal a bhí idir chamáin; Proinsias Mac Aonghusa in abar mar gheall ar cholún sa pháipéar Anois inar mhol sé do mhuintir Bhéal Feirste vóta a chaitheamh do Gerry Adams. Cuimhnigh go raibh Alt 31 fós i bhfeidhm agus sinn i bhfad ón tsíocháin. Bhí sé ina Chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge ag an am agus chuir a cholún alltacht ar bhaill an Rialtais. Bhí an tAire Stáit Mary Harney le ceangal agus d’úsáid sí an focal seanchaite úd “untenable.” Snáith eile de chuid an scéil ná gurbh é seo an chéad uair ag Fianna Fáil i gcomhrialtas agus iad lena sean-namhaid agus iarchomrádaithe sa Pháirtí Daonlathach. Cá mbeifí gan Charlie Haughey a tharraingt isteach sa scéal, bhí sé an-tacúil le Mac Aonghusa i gcónaí.

Bhí baint ag Charlie chomh maith le scéal an ionaid taighde muireolaíochta i Maínis.

Nuair a bhí an t-ionad i mbéal a dhúnta dhein an tOllamh Pádraig Ó Céidigh achainí phearsanta ar an Taoiseach. D’éirigh leis an gcur chuige neamhghnách sin, ach b’in mar a bhí ag Haughey. Faoi mar a dúrt an tOllamh Ó Tuathaigh faoin stíl ag an am – ‘Má tá fabhar uait téigh díreach chuig doras an Rí’.

Fág freagra ar 'Súil an tseabhaic caite ar cháipéisí na cartlainne náisiúnta le breith ar scéalta na Gaeilge'