Súil ag Feisirí Eorpacha ar an gclog agus Am Dé seachas Am an Diabhail atá uathu

Dá gcuirfí deireadh le ham samhraidh, bheadh am caighdeánach (am geimhridh) againn an bhliain ar fad

Súil ag Feisirí Eorpacha ar an gclog agus Am Dé seachas Am an Diabhail atá uathu

Am Dé agus am an diabhail a thugtaí i gConamara ar an sean-am agus an t-am nua, ach le Dia seachas an diabhal a bheidh an lá, má ghlactar le moladh de chuid Pharlaimint na hEorpa

Tá feisirí i bParlaimint na hEorpa ag iarraidh fáil réidh le hathrú an chloig faoi dhó sa mbliain, ina measc an feisire de chuid Fhine Gael Seán Kelly, atá ag iarraidh deireadh a chur leis an nós le fada.

“Tar éis blianta fada á phlé seo ag coiste i bParlaimint na hEorpa, tá mé an-sásta gur ghlac an Pharlaimint leis an moladh inniu go n-iarrfaí ar Choimisiún na hEorpa moladh a dhéanamh faoi dheireadh a chur le hathrú an chloig,” arsa Seán Kelly.

Vótáil 384 feisire ar son deireadh a chur le ham samhraidh agus 153 ina choinne inné.

Tá daoine ann a chreideann go gcuireann an uair an chloig d’athrú ar an gclog isteach ar shláinte intinne agus choirp an duine agus nach bhfuil aon chúis mhaith lena leithéid níos mó. Am coigilte sholas an lae an t-ainm oifigiúil ar an athrú seo a ceapadh ar dtús i 1916 sa Ghearmáin chun go mbeadh solas an lae ag daoine maidineacha geimhridh agus iad ag dul chun na scoile agus na hoibre.

Ó 1968-1971 rinneadh cinneadh gan an clog a athrú agus mheas an Roinn Iompair ag an am gur ardaigh líon na dtimpistí ar maidin agus gur chuidigh an t-athrú le timpistí bóthair a laghdú mar gurb é an clapsholas is contúirtí ar na bóithre.

Bhí roinnt bunscoileanna a d’oscail leathuair níos déanaí ar maidin chun solas an lae a thabhairt do na páistí a bhíodh ag siúl ar scoil. Am an chogaidh a thugadh na Meiriceánaigh air mar gur le linn an Dara Cogadh Mór a bhain siadsan leas as chun gearradh siar as shoilse poiblí.

“Aimsir an Chéad Chogaidh Mhóir a tháinig sé isteach chun breosla agus fuinneamh a spáráil,” a deir an Feisire Kelly. “Ní léir gurbh aon chuidiú é chuige sin agus cuireann sé as don duine agus don ainmhí agus tá sé as dáta sa lá atá inniu ann.”

D’fhoilsigh Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa  staidéar ar am samhraidh an AE i mí Deireadh Fómhair seo caite inar maíodh go raibh impleachtaí sláinte an athraithe níos tromchúisí ná mar a ceapadh.

Na ballstáit féin a roghnóidh a gcuid rialacha féin maidir leis an am, cibé an gcoinneoidh siad am samhraidh nó nach ndéanfadh ach bheadh tionchar ag gach cinneadh a dhéanfadh ballstát ar an margadh inmheánach san AE maidir le cúrsaí iompair, cumarsáide agus trádála agus b’inmholta go mbeadh comhaontú idir na ballstáit faoi aon athrú dá réir.

Dá gcuirfí deireadh le ham samhraidh, bheadh am caighdeánach (am geimhridh) againn an bhliain ar fad, rud a d’fhágfadh go mbeadh na tráthnónta níos dorcha san earrach agus sa samhradh.

Caithfear fanacht anois le moltaí Chomhairle na hEorpa faoin ‘uair bhreise’ sin a bhfuil cleachtadh againn uirthi faoi dhó sa bhliain.

Fág freagra ar 'Súil ag Feisirí Eorpacha ar an gclog agus Am Dé seachas Am an Diabhail atá uathu'

  • leitheoir

    Cibe ar bith ceard a dheanfar beidh an clog ceanna ag breith orainn i gconai.