Submission – scéal an sclábhaí nach dtuigeann gur sclábhaí é

LÉIRMHEAS: Freastalaíonn Michel Houellebecq ar an dá thrá – ficsean fiúntach agus smaointe doimhne – in aon úrscéal tráthúil amháin

2008.06.09._Michel_Houellebecq_Fot_Mariusz_Kubik_16

Submission (Windmill Books) le Michel Houellebecq

Abair an t-ainm “Michel Houllebecq” os ard agus tiocfaidh an focal “conspóideach” chun béil. Bhí caint agus cáineadh ann faoi úrscéal an Fhrancaigh seo, Atomised, an t-am ar foilsíodh é sin agus tá an chaint agus an cáineadh céanna anois ann faoina leabhar nua, Submission. Scoláire ollscoile meánaosta, díomhaoin atá i bhFrancois. Tá sé ina shuí go te i bPáras ach tá lionn dubh na meánaicme air; is é sin, tá maoin an tsaoil aige ach tá sé míshona go fóill. Submission

Tá airgead aige de bharr post maith ollscoile agus saineolas aige ar úrscéalaí de chuid an 19ú haois, Joris-Karl Huysmans. A chuid taighde a thugann stádas dó ach ó tharla é a bheith meánaosta anois, is ag éirí fuar in Huysmans agus ‘earnáil’ na litríochta acacdúla atá sé: “The academic study of literature leads basically nowhere, as we all know, unless you happen to be an especially gifted student, in which case it prepares you for a career teaching the academic study of literature – it is, in other words, a rather farcical system that exists solely to replicate itself and yet manages to fail 95 per cent of the time.”

(A scoláirí liteartha na Gaeilge, anois bhuel!)

Bíodh is nach bhfuil sé sásta lena chuid oibre, ní bhíonn ganntanas ar bith ban aige. Leoga, bíonn sé ag bualadh craicinn ar a thoil – bean nua nó dhó le linn na bliana acadúla; é ag dul in aois agus na mná ag dul in óige. Mura leor aige na hiníonacha léinn, níl drogall air cuideachta striapach a lorg. (Agus níl drogall ar bith ar Houllebecq cur síos lom beacht allasach a dhéanamh ar chúrsaí collaíochta a fhágfaidh crith i do lámha.)

Thairis sin, tagann athrú ar chúrsaí polaitíochta sa Fhrainc. Faigheann an Bráithreachas Moslamach an lámh in uachtar sa tír agus cuirtear dlíthe Ioslamacha i bhfeidhm. Déantar ollscoil Ioslamach d’ollscoil Francois agus éiríonn Francois as a phost – ní mar agóid ar son saoirse intleachtúla ach de bharr go dtugann na húdaráis an oiread sin airgid dó – breab go bunúsach – go mbíonn fonn air imeacht. Mar sin féin, is in olcas a théann a shaol . Cibé teagmháil a bhí aige le daoine, is trína phost a tháinig sin. Gan an post, níl comhluadar – diomaite de striapacha – le fáil aige. Ba é a chuid taighde an t-aon dé ‘spioradálta’ a bhí ann.

Faigheann a thuismitheoirí bás – is cuma leis i ndáiríre. Ní chuireann bás a mháthar as dó beag ná mór – mothúchán a chuirfeadh bás na máthar in L’Etranger Albert Camus i gcuimhne duit. Faigheann sé cúpla pingin le huacht ón athair – ábhar sásaimh de chineál éigin ach fuar ina athair atá sé i ndáiríre.

Mar sin de, tá oideachas air sa mhéid is go bhfuil céim aige ach níl sé fiosrach faoi ná eolach ar an saol mór atá thart air. Thiocfadh leis a chomhrá a dhéanamh agus focail mhóra a rá ach níl a chroí sa chaint. Ar ball, meallann na húdaráis nua Ioslamacha ar ais é. Tá feidhm acu leis; tá Tadhg an Dá Thaobh de dhíobháil orthu. Gealltar airgead mór Arabach agus brídeoga óga – ‘sea, brídeoga! – dó. Ní bheidh sé gan chuideachta ná airgead feasta. Níl le déanamh aige ach glacadh leis na rialacha nua; tiontú ina Mhoslamach. Agus déanann.

Tugann sé droim láimhe lena dhúchas; tréigeann sé an leannán óg Giúdach a bhí aige. Díolann sé é féin; déanann sclábhaí de féin dá thoil dheonach féin. Sin an géilleadh: “You aren’t a Catholic, are you? That could be a problem.” No, in fact; I couldn’t say that I was.

Agus tá greann ann.  Tá Houellebecq chomh greannmhar sin go dtiocfadh leis bheith ina Éireannach: “I had no plan, no exact destination, just a very vague sense that I ought to head south-west – that if a civil war should break out in France, it would take a while to reach the south-west. I knew next to nothing about the south-west, really, only that it was a region where they ate duck confit, and duck confit struck me as being incompatible with civil war. Though of course, I could be wrong.”

Is iontach mar a chruthaíonn Houellebecq a phríomhcharachtar. Is é an sórt duine é Francois a n-ólfá pionta leis ach nach mbeifeá in ann ‘cara’ a thabhairt air. Ní ‘drochdhuine’ é; ní duine é a dhéanann rudaí gránna ar dhaoine eile ach tá sé leithleasach mar sin féin. Tá fabht inteacht ina chroí agus ina aigne. Aithníonn sé féin go bhfuil ach níl sé cróga go leor lena chur i gceart.

Ábhar mór gáire atá san iarracht a dhéanann sé seal a chaitheamh i mainistir lena anam a dhéanamh. Ní luaithe ina sheomra (nó cillín) é go n-éiríonn sé corrthónach. Cumann sé leithscéal bréige chun imeacht go luath. Níl sé in ann an fhírinne a insint do lucht na mainistreach faoi chúis a imeachta, fiú. Is den mheánaicme é; ní féidir leis bheith drochmhúinte; ní féidir leis a rá go hionraic leis na manaigh gur mhaith leis imeacht as a stuaim féin.

Leabhar ‘trom’ atá in Submission sa mhéid is go bhfuil cúrsaí cultúir, creidimh agus polaitíochta faoi chaibidil ann ach ní leabhar é ar doiligh é a léamh. Ní fear mór focal mór é Houellebecq; níl fiacha ar bith ar an léitheoir comhairle an fhoclóra a lorg. Bíodh is go bhfuil ceisteanna casta féiniúlachta ann, cuireann sé scéal os do chomhair atá ar nós scéinséara, beagnach.

Freastalaíonn Houellebecq ar an dá thrá – ficsean fiúntach agus smaointe doimhne – in aon úrscéal amháin agus in abairtí a thuigeann an gnáthdhuine: “Thanks to the simpering seductions and the lewd enticements of the progressives, the Church had lost its ability to oppose moral decadence, to renounce homosexual marriage, abortion rights and women in the workplace. The facts were plain: Europe had reached a point of such putrid decomposition that it could no longer save itself, any more than fifth-century Rome could have done.”

Cá hiontas é a bheith i mbéal an phobail arís agus scríbhneoireacht den sórt sin ar siúl aige?

Fág freagra ar 'Submission – scéal an sclábhaí nach dtuigeann gur sclábhaí é'

  • Fearn

    B’fhéidir gur fiú a lua go mbíonn an t-údar seo ag cur faoi ar an Oileán Mór, taobh le Béarra Chiarraí.