Suaimhneas uait ó mhoncaí d’aigne ag léim ó chraobh go craobh? Tóg d’anáil tamall leis an aireachas…

Níl san aireachas ach análú, a deir ár gcolúnaí. Suaimhneas intinne agus oscailt súl a thoradh....

Suaimhneas uait ó mhoncaí d’aigne ag léim ó chraobh go craobh? Tóg d’anáil tamall leis an aireachas…

Ceann de na cúiseanna gur fiú an t-aireachas a chleachtadh, a deir Thich Nhat Hanh, ná go mbímid ag cleachtadh a mhalairt formhór an ama.

Gach uair a thagann fearg orainn, éirímid níos fearr ag dul i muinín na feirge nó ag géilleadh don fhearg. Mar a chéile an scéal leis an imní nó lenár smaointe faoinár bhfadhbanna féin. Súnn an diúltacht isteach sinn, diaidh ar ndiaidh, a deir fear Vítneam.

Gníomh grá atá san aireachas, dar le Jon Kabat-Zinn, an fear a chuir teagasc Thich Nhat Hanh in oiriúint don saol mór agus don uile dhuine. Gníomh cineáltais is ea é, a théann chun tairbhe dúinn féin agus do dhaoine eile, a deir sé.

‘Análú’ focal eile ar an aireachas. ‘Conas análú’ an ceacht is mó a fhoghlaimíonn daoine a fhreastalaíonn ar chúrsaí aireachais, idir shúgradh is dáiríre. Is é is mó a deirtear le Kabat-Zinn ag deireadh gach cúrsa a mhúineann sé thall sna Stáit.

Gan breithiúnas a thabhairt ar smaointe ná ar mhothúcháin, agus filleadh ar an anáil sa nóiméad seo, bunchlocha an aireachais. Tá an fhealsúnacht a bhaineann leis fréamhaithe sa chur le chéile agus sa chóimheas, áit nach gcaitear cloch; áit a dtuigtear nach mbíonn saoi gan locht.

Is ait liom an Béarla, áfach: mindfulness – an aigne a fholmhú ceann de na cuspóirí atá leis; filltear i gcónaí ar an anáil.

Amhail moncaí ag léim ó chraobh go craobh atá gnáthaigne an ghnáthdhuine in iarthar domhain, a deir na Búdaigh. Gan dul i ndiaidh an mhoncaí a mhúineann an t-aireachas dúinn, le haimsir. Suaimhniú intinne agus cneasú a thoradh.

Neosfaidh mé an fhírinne: bhaineas an oiread tairbhe as peil, snámh, rith agus Tai Chi agus a bhaineas as aireachas riamh – ach mholfainn duit triail a bhaint as mar sin féin, a léitheoir. Tá cúpla mí ann ó rinne mé féin é agus airím uaim é.

É a chleachtadh go rialta ceann de na dúshláin is mó a bhaineann leis. Cad a thiocfaidh idir tú féin agus an cleachtadh? Bhuel….tú féin.

Tuiscint nua agus soiléiriú intinne a luaitear leis, chomh maith le leigheas. Ach tá foláireamh ag Jon Kabat-Zinn dúinn: ‘ní le haghaidh daoine nach n-éisteann lena gcroí istigh an t-aireachas; teastaíonn misneach le tabhairt faoi’.

Tá na mílte ag triall air ó d’fhógair sé an méid sin agus tá an t-aireachas beo beathaíoch abhus in Éirinn freisin! Féach a bhfeicfir!

Tuilleadh eolais anseo: https://mindfulness.ie/resources/websites/

Fág freagra ar 'Suaimhneas uait ó mhoncaí d’aigne ag léim ó chraobh go craobh? Tóg d’anáil tamall leis an aireachas…'

  • wtf

    Ar an bportach ag gabháil do mhóin a gheibheadh an seandream an ‘cneasú intinne’ sin.