Straitéisí maireachtála don scríbhneoir, uimhir 2: an deontas

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: cé a cheannódh dán?

Straitéisí maireachtála don scríbhneoir, uimhir 2: an deontas

Údair mhórdhíola agus sliocht millúnaithe as an áireamh, ní éireoidh le mórán scríbhneoirí teacht i dtír ar an scríbhneoireacht chruthaitheach amháin. Sa sárleabhar sin aige On Becoming A Novelist aithníonn an gúrú scríbhneoireachta as Meiriceá, John Gardner, ceithre mhórstraitéis a chuirfidh ar chumas an scríbhneora greim a choinneáil ina bhéal. Seachas ceann amháin nach bhfuil ach cleachtadh indíreach agam uirthi, tá triail bainte agam féin as na straitéisí sin ar fad agus ba mhaith liom an taithí sin a roinnt le léitheoirí Léamh agus Scríobh.

An tseachtain seo: an deontas.

‘Through the centuries writers have found various tricks for survival. Ancient poets begged or attached themselves to kings,’ a scríobh John Gardner. Ach nuair a chuaigh an seanchóras pátrúntachta sin i léig os cionn ceithre chéad bliain ó shin, ba é ‘Cé a cheannódh dán?’ an cheist a bhí ar bheola an fhile Mathghamhain Ó hIfearnáin.

Cé a cheannódh dán?

An Stát!

Agus ní dánta amháin a cheannaíonn an Stát. Ceannaíonn sé úrscéalta, gearrscéalta, drámaí, leabhair neamhfhicsin, leabhair do pháistí, leabhair do dhéagóirí agus leabhair don fhoghlaimeoir fásta freisin.

Taitníodh sé leis an scríbhneoir nó ná taitníodh, ach cuid mhór dá shaol beidh sé ag brath ar dheontais chun greim a choinneáil ina bhéal – go díreach, nó go hindíreach. Tá mórchuid tithe foilsitheoireachta ag brath ar airgead stáit freisin.

Chun an t-airgead sin a fháil bíonn foirmeacha le líonadh isteach. Bíonn coinníollacha le comhlíonadh. Bíonn spriocdhátaí le baint amach. Pian sa tóin é sin ar fad, ach bheadh sé chomh maith ag an scríbhneoir glacadh leis gur cuid den saol é an páipéarachas a bhaineann leis na hiarratais ar airgead stáit: ní bhfaighidh sé pingin rua ón gcáiníocóir gan é.

Ach creid é nó ná creid, tá daoine ann fós, dála na móruaisle fadó, a cheannódh dán lasmuigh de scéimeanna deontais an stáit agus na bhfondúireachtaí ealaíon.

‘If the young writer can get some rich individual to back him, he should swallow his pride and do it,’ a scríobh John Gardner.

Roinnt blianta ó shin, bhí orm féin mo mhachnamh a dhéanamh ar feadh tamaill mhaith nuair a d’iarr Ísiltíreach gustalach, a casadh orm trí mo chuid oibre mar iriseoir, orm a bheathaisnéis a scríobh. Togra baothfhoilsitheoireachta amach is amach a bhí ann – vanity publishing, mar a déarfadh fear an Bhéarla – ach tá mé sásta gur ghlac mé leis an tairiscint ag an am: ní hamháin go raibh scéal suimiúil le hinsint ag an bhfear, ach bhí an tuarastal chomh maith sin gur éirigh liom airgead a chur i dtaisce den chéad uair riamh ó thosaigh mé ag tabhairt ‘scríbhneoir’ orm féin.

 

Fág freagra ar 'Straitéisí maireachtála don scríbhneoir, uimhir 2: an deontas'