Stiúrthóir Amharclann na Mainistreach chun ceist na ndrámaí Gaeilge do 2016 a phlé

Casfaidh Fiach Mac Conghail le cuideachtaí amharclainne Gaeilge agus le hAontas na Scríbhneoirí Gaeilge chun ceist na heaspa dráma Gaeilge ar chlár Amharclann na Mainistreach don bhliain 2016 a phlé

#WakingTheGael

Dúradh i ráiteas a d’eisigh Amharclann na Mainistreach ar Facebook tráthnóna, agus an haischlib #WakingTheGael curtha leis, gur aithin Bord agus Stiúrthóir na hAmharclainne nach raibh aon léiriú Gaeilge ar chlár na hamharclainne don bhliain 2016, dar teideal Waking The Nation.

Dúradh sa ráiteas go raibh sé beartaithe ag Fiach Mac Conghail, stiúrthóir na hamharclainne, bualadh le cuideachtaí amharclainne Gaeilge chun ceist na heaspa dráma Gaeilge a phlé. Chuir sé fáilte roimh chuireadh atá faighte aige casadh le hAontas na Scríbhneoirí Gaeilge chun an cheist a phlé leo sin freisin.

Bhí díomá ar scríbhneoirí Gaeilge nach bhfuil oiread is dráma amháin Gaeilge ar chlár Amharclann na Mainistreach do 2016, cé go ndúirt roinnt scríbhneoirí nárbh aon “chúis iontais é” gurb amhlaidh atá.

Fág freagra ar 'Stiúrthóir Amharclann na Mainistreach chun ceist na ndrámaí Gaeilge do 2016 a phlé'

  • Bríd O Gallchoir

    Bí I dteagbhail linn. Beag suim ón Mhainistir in aineoinn mo fiche bliain ag plé le drámaíocht I nGaelige. Agus seó s’againn The Wheelchair monologues, scríobhta agus léirithe ag Gaeilgeoir gníomhach paiseanta láidir. Ní bhfuair muid fiú freagra ar r-phost.