Dubhglas de hÍde #WakingTheGael in aghaidh Amharclann na Mainistreach ar Twitter

Tá feachtas #WakingTheGael tosaithe ag cuntas Twitter. Tá sé mar aidhm ag lucht an fheachtais aird a tharraingt ar an easpa drámaí Gaeilge ar an stáitse náisiúnta in Amharclann na Mainistreach

#WakingTheGael

Tá cuntas Twitter a bhfuil ‘Dubhglas de hÍde’ air agus a úsáideann an t-ainm Twitter @AnCraoibhin tar éis dul i bhfeidhm ar phobal na Gaeilge le giolc a chroch sé faoi easpa drámaí Gaeilge Amharclann na Mainistreach.
Screen Shot 2015-11-11 at 11.18.31

Tagraítear sa ghiolc dá laghad drámaí Gaeilge atá ar chlár Amharclann na Mainistreach don bhliain 2016 – bliain chomórtha Éirí Amach na Cásca 1916. Níl oiread is dráma amháin i nGaeilge ar an gclár agus níor léirigh Amharclann na Mainistreach féin aon dráma Gaeilge le breis agus 25 bliain.

Tá athghiolc á déanamh go tréan ar ghiolc @AnCraoibhin ó chroch sé oíche Dé Luain í.

Baineadh úsáid as an haischlib #WakingTheGael sa ghiolc, tagairt do theideal chlár na hAmharclainne agus don fheachtas a thosaigh feiminigh ar Twitter nuair a chonacthas nach raibh ach dráma amháin le scríbhneoir mná ar an gclár agus go mbeadh triúr stiúrthóirí mná ag obair ar an deich ndráma atá beartaithe don bhliain seo chugainn.

Scríobhadh an haischlib #WakingTheFeminists 6,617 uair ón tseachtain seo caite agus tá cruinniú poiblí le bheith ar siúl Déardaoin ag 1.00 san amharclann.

Tá iarrtha ag Liam Carson, stiúrthóir na féile litríochta IMRAM, ar Bhord Stiúrtha Amharclann na Mainistreach casadh le hAontas na Scríbhneoirí chun ceist na Gaeilge a phlé.

“Fuair mé freagra ón Amharclann a rá liom go bhfuil an cheist á plé ag an mBord agus go bhfreagrófar mo litir. Bheinn buartha nach mbeadh suim dá laghad acu sa cheist seo mura mbeadh feachtas ann cosúil le #WakingTheFeminists,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.

Labhair Tuairisc.ie le riarthóir an chuntais @AnCraoibhin a dúirt gur feachtas a bhí ar bun aige “chun a mheabhrú do lucht ceannais na hamharclainne cé a bhunaigh Amharclann na Mainistreach agus cén fáth ar bunaíodh é”.

“D’eascair an Amharclann as na grúpaí agus na daoine éagsúla a raibh baint acu leis an athbheochan cultúir ag an am. Bhí drámaí Gaeilge de chuid de hÍde ar an stáitse agus d’aistrigh Lady Gregory Casadh an tSúgáin ó Ghaeilge go Béarla don stáitse céanna.

“Mura bhfuil Fiach Mac Conghail sásta le caighdeán reatha na drámaí Gaeilge, is féidir leis togra a thosú chun é a fheabhsú. Nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge, bhí sé mar aidhm aige litríocht na Gaeilge a chur chun cinn agus litríocht nua a spreagadh. Ní raibh gach rud ar chaighdeán ard an t-am sin agus thóg sé an-chuid ama agus an-chuid oibre chun caighdeán ard a bhaint amach,” a dúirt @AnCraoibhin le Tuairisc.ie.

Dúirt sé go dtiocfadh feabhas ar dhrámaí Gaeilge nuair a chuirfí infreastruchtúr ceart ar bun, agus nach leanfadh drámadóirí ar aghaidh ag scríobh mura bhfaighidís ardán ceart.

“Teastaíonn spás náisiúnta ar an stáitse náisiúnta san amharclann náisiúnta ó dhrámadóirí na Gaeilge,” a dúirt sé.

Dúirt Fiachra Mac Conghail, Stiúrthóir Ealaíne na hamharclainne, ar Twitter os cionn seachtain ó shin go raibh ‘náire’ air nach raibh dráma Gaeilge curtha ar stáitse Amharclann na Mainistreach ach nár aimsigh sé dráma ar mhaith leis a dhéanamh nó a “d’fheil don séasúr” ó ceapadh ina stiúrthóir os cionn deich mbliana ó shin.

Screen Shot 2015-11-11 at 11.19.26

Fág freagra ar 'Dubhglas de hÍde #WakingTheGael in aghaidh Amharclann na Mainistreach ar Twitter'