Tá díomá ar scríbhneoirí Gaeilge nach bhfuil oiread is dráma amháin Gaeilge ar chlár Amharclann na Mainistreach do Chomóradh an Chéid 1916,cé go ndúirt roinnt scríbhneoirí nárbh aon “chúis iontais é” gurb amhlaidh atá.
Seoladh Waking the Nation i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite agus dúirt Stiúrthóir na hAmharclainne, Fiach Mac Conghail, gur “iniúchadh seachas comóradh” ar oidhreacht Éirí Amach na Cásca a bheadh i gceist leis an gclár.
Iarradh ar dhrámadóirí Béarla a machnamh a dhéanamh ar an oidhreacht sin agus drámaí faoi Éirinn an lae inniu a scríobh. I measc na ndrámaí nua seo tá: dráma a iniúchann dearcadh na n-aontachach ó thuaidh mar atá sa lá inniu; dráma atá bunaithe ar chuairt Bhanríon Shasana ar Éirinn sa bhliain 2011; agus ceol dráma, Town is Dead, a fhiosróidh an chaoi a gcaitheann Éire lena muintir.
Níl aon dráma Gaeilge ar chlár Waking the Nation ach dúirt Cathal Póirtéir, Cathaoirleach Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge, nach gcuireann sé sin aon iontas air.
“Ní cuimhin liom an uair dheiridh a léirigh Amharclann na Mainistreach dráma Gaeilge iad féin. Bhí dráma a léirigh Paul Mercier sa Phéacóg, mionstáitse na hamharclainne, ann cúpla bliain ó shin ach b’shin é.
“Tá díomá ar dhrámadóirí Gaeilge le hAmharclann na Mainistreach le blianta fada. Ní féidir a bheith ag súil go mbeifear ag scríobh drámaí go rialta mura mbíonn ardán rialta ann dóibh,” a dúirt Póirtéir le Tuairisc.ie.
Drámadóir Gaeilge is ea Aodh Ó Domhnaill a raibh dráma nua dá chuid, dar teideal 1915, á léiriú ag Oireachtas na Samhna an deireadh seachtaine seo caite.
Dúirt Ó Domhnaill le Tuairisc.ie go bhfuil “drámaí go leor” a scríobhadh i nGaeilge curtha aige chuig Amharclann na Mainistreach i gcaitheamh na mblianta ach nár léiríodh aon cheann acu.
“Is léir dom nach bhfuil aon spéis acu i ndrámaí na Gaeilge. Faigheann siad mórchuid scripteanna i mBéarla agus i nGaeilge. Déantar léamh agus léirmheas ar gach a dtagann chucu, ní féidir é sin a cháineadh – ach ní léirítear drámaí Gaeilge.
“Níl aon dóchas ag drámadóirí Gaeilge níos mó mar is beag ardán atá ann dúinn. Má chaithim bliain ag scríobh dráma Béarla, má dhiúltaíonn Amharclann na Mainistreach dó, tá míle is céad áit eile ar fud na tíre agus domhan an Bhéarla ar féidir liom dul leis. Má chaithim bliain le dráma Gaeilge agus diúltaítear é, is beag áit eile ar féidir liom a dhul,” a dúirt Ó Domhnaill le Tuairisc.ie.
Dúirt sé freisin go raibh aithne aige ar sheisear drámadóirí a d’éirigh as drámaí Gaeilge a scríobh mar gheall ar a laghad deiseanna a bhí ann dóibh.
Ní raibh Fiach Mac Conghail ar fáil nuair a thriail Tuairisc.ie dul i dteagmháil leis ar an gceist.
Breathnóir
Cad é faoin Taibhdhearc i nGaillimh? Tá compántas ann i mBéal Feirste a léiríonn drámaí i nGaeilge fosta, Aisling Ghéar.