‘Stakeknife’ agus na ceisteanna nach féidir a sheachaint

Beidh ceisteanna go leor le freagairt faoi thorthaí an fhiosrúcháin Operation Kenova

‘Stakeknife’ agus na ceisteanna nach féidir a sheachaint

Freddie Scappaticci

Chuir Eamon Collins ceist ar Freddie Scappaticci an mbeadh dualgas air féin sceithirí a mharú.

Dúirt sé go mbeadh.

Ansin, thiontaigh Scappaticci chuig fear eile agus thosaigh ag dul siar bóithrín na smaointe faoi na dúnmharuithe a raibh siad páirteach iontu, go háirithe marú an sceithire áirithe seo.

D’admhaigh an fear seo gach a ndearna sé agus é á cheistiú ag an IRA i ndiaidh dóibh geallúint a thabhairt dó go scaoilfí saor é dá ndéanfadh sé amhlaidh.

Chuir siad daillicín air – ar mhaithe le cúrsaí slándála, a dúradh leis – agus thug chun an bhaile é, mar dhea.

Nuair a d’éirigh siad amach as an charr, bhí an fear ag iarraidh a bhealach a dhéanamh chun tí agus an daillicín air, é ag siúl go tuisleach – agus ansin scaoil Scappaticci urchar i gcúl a chloiginn.

Rinne ‘Scap’ agus a chomhghleacaí gáire mór agus iad ag cuimhneamh siar ar an eachtra.

Tá an scéal seo le fáil sa leabhar Killing Rage le Eamon Collins, iarbhall den IRA ar maraíodh é i 1999. Rinneadh oiread sin damáiste d’aghaidh Collins le sceana gur choinnigh siad a chónra druidte ag a shochraid.

Níor ciontaíodh aon duine riamh as é a mharú.

Bhí Collins ina bhall den Nutting Squad, na baill sin den IRA, a raibh Scappaticci ina cheann feadhna orthu, a chuir piléir i gcloigne daoine ar measadh gur sceithirí iad agus creidtear go raibh baint ag ‘Scap’ le suas le 30 dúnmharú.

In 2003, tháinig sé chun solais gur spiaire ar son na Breataine a bhí ann le linn dó bheith ag fuadach, ag ciapadh agus ag marú daoine ar son an IRA.

Bhí ‘Stakeknife’, an t-ainm a thug fórsaí na Breataine air, ar dhuine de na daoine ba chumhachtaí san IRA  agus, ag an am céanna, ina fhoinse eolais thar a bheith luachmhar ag na póilíní agus ag an Force Research Unit a mbíodh faisnéis rúnda á tiomsú acu.

Ní thiocfadh leis an IRA nó Sinn Féin sin a admháil ar eagla go gcuirfeadh sé olc ar a mbaill féin agus ar eagla go mbainfeadh sé den tacaíocht a bhí ann don phróiseas síochána i measc na n-óglach. Thug ‘Stakeknife’ na cosa leis dá bharr agus d’éalaigh sé chun na hIodáile, meastar.

Ach in 2016, cuireadh fiosrúchán úr ar bun, Operation Kenova, faoi stiúir Jon Boutcher, Príomh-Chonstábla Bedfordshire, agus ó shin i leith, tá iniúchadh ar bun faoi cén bhaint a bhí Scappaticci le coireanna éagsúla a cuireadh síos don IRA Sealadach, ina measc dúnmharuithe, iarrachtaí ar dhúnmharuithe, agus ar shrian neamhdhleathach a chur ar dhaoine..

Tá Operation Kenova ag fiosrú fosta an bhaint a bhí ag baill d’Arm na Breataine, baill de na Seirbhísí Slándála agus daoine eile leis an scéal.

Bhí a leithéid d’fhiosrúcháin againn cheana – Stalker agus Stevens – ach dúirt Boutcher rud éigin suimiúil.

Dúirt sé go raibh an seans ann nárbh fhéidir an cineál céanna fiosrúcháin a dhéanamh roimhe seo mar go mbíodh “dearcadh difriúil” ag na háisíneachtaí faisnéise cheana seachas mar atá inniu.

Arbh é go raibh sé ag admháil gur chuir na háisíneachtaí céanna isteach ar fhiosrúcháin eile roimhe seo? Tá go leor fianaise ann gur chuir, ach an é seo an chéad uair gur admhaigh seirbhíseach chomh sinsearach de chuid an Stáit gur tharla amhlaidh? 

Dúirt Boutcher go raibh sé sásta go raibh gach cuid de na “fórsaí slándála”, mar a thugtaí orthu, ag cur gach cáipéis agus gach píosa eolais a bhí á lorg aige ar fáil.

Díol suime a bheidh ann a fháil amach cén dearcadh a bheas ag na páirtithe móra polaitíochta anseo ar cibé toradh a bheidh ar Operation Kenova.

Cad a déarfaidh Sinn Féin maidir leis na líomhaintí atá séanta go láidir ag Scappaticci?

Bhí Scappaticci mór le beagnach gach duine de lucht ceannais an pháirtí sin an t-am ba mheasa an foréigean aige, de réir na líomhaintí.

Agus cad é an cur chuige a bheas ag Aontachtaithe? Mhol siad gníomhaire de chuid na Breataine, Brian Nelson, agus é i mbun foréigin cionn is gur “shábháil sé beatha daoine neamhchiontacha”.

An ndéarfaidh siad an rud céanna faoi Freddie Scappaticci?

Fág freagra ar '‘Stakeknife’ agus na ceisteanna nach féidir a sheachaint'

  • seainin

    na Sasanaigh ina maistri ar ainmneacha muirneacha a chumadh ar a gcuid fealltoiri …..Stakeknife…nach deas e!