Stáisiún Gardaí lena chillín coinneála féin ar díol sa Ghaeltacht ar €30,000

Beairic ghnóthach i lár na Gaeltachta a bhíodh i stáisiún Gardaí an Bhuna Bhig tráth, ach tá sé á chur ar ceant phoiblí ar líne

Stáisiún Gardaí lena chillín coinneála féin ar díol sa Ghaeltacht ar €30,000

Tá stáisiún de chuid an Gharda Síochána nach bhfuil in úsáid níos mó curtha ar an margadh agus gan á iarraidh air ach €30,000.

Beidh a chillín coinneála féin ag an té a cheannóidh an stáisiún seo.

Beairic ghnóthach i lár na Gaeltachta a bhíodh i stáisiún Gardaí an Bhuna Bhig tráth, ach tá sé á chur ar ceant phoiblí ar líne an chéad mhí eile agus achar 740 troigh chearnach (68.7 méadar cearnach) á lua leis.

Sa stáisiún gardaí seo tá córas idirchumarsáide, oifig phoiblí, oifig don tsáirsint, leithreas, cithfholcadán, cistin agus an cillín coinneála.

Sna 1970idí a tógadh an foirgneamh. Tá fuinneoga déghloinithe PVC air, urláir choincréite ann, na ballaí agus na síleálacha taobh istigh plástráilte agus taiscthéitheoirí leictreacha ag coinneáil teasa leis.

Sa bhfógra faoin gceant deirtear nach bhfuil an stáisiún ach cúpla nóiméad ó thránna gleoite agus go dtabharfaidh 20 nóiméad i gcarr go hAerfort Dhún na nGall thú.

Seo é an leagan amach atá ar an mbeairic taobh istigh – isteach ón halla atá an tsean-oifig phoiblí. Ar chúl an halla tosaigh tá oifig an tsáirsint agus tá doirteal sa seomra sin. Thiar i gcúl an tí tá cillín, leithreas, agus cithfholcadán. Thiar ag an doras cúil atá an chistin. Tá thart ar 119 méadar cearnach de chlós ann. Tá bealach isteach ag feithiclí le taobh an stáisiúin ach tá cead bealaigh ag baint leis.

Fág freagra ar 'Stáisiún Gardaí lena chillín coinneála féin ar díol sa Ghaeltacht ar €30,000'