Tá leabhrán staire faoi chúrsaí creidimh sna bailte Gaeltachta Bearna agus na Forbacha i gcontae na Gaillimhe foilsithe ag Seid na bhFear agus Grúpa Oidhreachta Pobail Bhóthar na Trá.
Is i mBéarla atá an leabhrán 25 leathanach – Worship Through The Ages – ina ríomhtar scéal an chreidimh Chríostaí sa cheantar Gaeltachta ar imeall chathair na Gaillimhe. Tá cur síos sa leabhrán ar na séipéil a tógadh sa cheantar in imeacht na gcéadta blianta agus na toibreacha beannaithe atá le fáil sa gceantar – Tobar Éinne i mBearna mar ar chodail Éanna naofa sular thug sé aghaidh ar Árainn, de réir an tseanchais, ina measc.
Maítear sa leabhar nua go bhfuil sé deacair dátaí a dheimhniú do chuid de na séipéil atá sa cheantar mar gheall ar a dhéine is a bhí na Péindlíthe a bhí i bhfeidhm san 17ú agus san 18ú haois. Deirtear go mbíodh ar Chaitlicigh i mBearna, a bhí i bparóiste Rathúin ag an am, taisteal chomh fada le cathair na Gaillimhe don Aifreann sular tógadh an séipéal i mBearna.
Tá cur síos sa leabhar freisin ar chuid de na sagairt a d’oibríodh sa cheantar – an tAthair Micheál Ó Gríofa a dúnmharaíodh le linn Chogadh na Saoirse ar dhuine acu. Tá liosta ann de na sagairt a bhí i bparóiste Rathúin go dtí gur baineadh paróiste Bhóthar na Trá as i 1952 agus liosta de na sagairt a bhí i bparóiste Bhearna/Na Forbacha ó rinneadh paróiste as féin de i 1972.
Foilsíodh an leabhar mar thoradh ar thogra oidhreachta a rinne Seid na bhFear agus Grúpa Oidhreachta Pobail Bhóthar na Trá i gcomhar leis an eagraíocht Heritage Keepers.
Chinn an grúpa pobail anuraidh togra éigin a aimsiú a d’fhéadfaidís a chur i gcrích agus a chaomhnódh cuid de stair agus d’oidhreacht an cheantair. Theastaigh uathu togra a roghnú a “bhféadfaí taifead a dhéanamh de agus é a fhoilsiú”.
“I gcaitheamh mhíonna Eanáir agus Feabhra 2025, ghlac muid páirt i gclár cúig seachtaine ar líne le Heritage Keepers. Chabhraigh siad linn ár dtogra a roghnú. Tá spéis ag duine dár ndream, Seamus Hickey, le fada i stair na séipéal i nGaillimh agus bhí obair tosaithe aige cheana féin ar thaighde i gceantar Bhearna/na Forbacha.
“Agus tacaíocht agus maoiniú deontais againn ó Heritage Keepers, beartaíodh díriú ar an togra seo ina n-insítear an turas ón gCarraig Aifrinn go stádas an pharóiste do Bhearna – na Forbacha,” a dúirt urlabhraí de chuid Sheid na bhFear i mBóthar na Trá.
Is clár oideachais oidhreachta é Heritage Keepers a chuireann tacaíocht ar fáil do scoileanna agus do ghrúpaí pobail ar fud na hÉireann le tuilleadh eolais faoina n-oidhreacht áitiúil féin a aimsiú.
Fág freagra ar 'Stair pharóistí i nGaeltacht na Gaillimhe inste i leabhar nua'